Tuismitheoirí bochta! Réamhobair

Slides:



Advertisements
Similar presentations
Méabh (buncheisteanna) Ardteistiméireacht Ardleibhéil.
Advertisements

Thiar I gConamara, timpeall agus trí mhíle taobh thiar de sráid bhaile bheag Chárna, tá céibh an Mhása. Is ar an gcéibh seo, ar an séú lá déag de mhí.
GCSE Gaeilge Agreement Trial. Clár Look at issues arising from last year Look at the mark scheme and clarify it Agree the standard Mark 5 / 6 candidates.
An Scrúdú Béil Ardteistiméireacht An Leabhar Bán
Mo Theach agus mo Cheantar
Mo Theaghlach Eacnamaíocht Bhaile
An tAer.
“Níl cara ag cumha ach cuimhne”
Solas.
Topaic / Topic: Caitheamh Aimsire / Pastimes
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Tosaigh.
Buntáiste an dátheangachais Réamhphlé 1
Domhantarraingt.
Leictreachas.
Tá breis is 30 cineál féileacán in Éirinn.
Litir Phearsanta (30 Marc)
Snáithe 2: Céimseata Shintéiseach Geostiallacha & CD an Scoláire
Scoil & brú Réamhobair A. An féidir leat an leagan Gaeilge a aimsiú de na focail seo? Recession: _____________ Water safety: _____________ Rescue.
Samhain – Tugaimid chun cuimhne.
Bláth na hóige Réamhobair
Lagiolraí agus tréaniolraí
Topaic / Topic: Cóisirí/ Parties
Topaic / Topic: Caitheamh Aimsire / Pastimes
Beo go Deo 4 Tearma 2, Ceacht 9
An Tábla Peiriadach.
An Aimsir Ghnáthchaite
Eanáir 2005 Comhrá I - Rang 1.
Prós Garry Bannister 11/30/2018.
Giotto Di Bondone Iodáil / Flórans.
Céimeanna sa Chailleadh
Forbairt na cumarsáide
Éalú ó Éigeandáil Cad é a Thabharfá Leat?
Obair Bhaile / Homework
An Tuismitheoir – cabhair sa teach / help in the house
Roinn na Gaeilge Coláiste Choilm
Topaic / Topic: Obair Tí / Housework
Ag cabhrú timpeall an tí
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir
Beo go Deo 4 Tearma 2, Ceacht 9
Cur i bhFeidhm an Tumoideachais sa Ghaeltacht ina bhFocail féin: Léargais ó Phríomhoidí agus Mhúinteoirí Comhdháil Bhliantúil Ghaeloideachais “Ag Fíorú.
Cén saghas duine tú? Réamhobair
Topaic / Topic: Cúrsaí Oibre/ Work
Solaid, Leachtanna agus Gáis
Mo theaghlach Réamhobair 1
Fuaim.
Caidrimh sa scoil Éisteacht
Clare Sa Spéir Gearrscannán.
Má san aimsir láithreach
Beo go Deo 2 Tearma 1: Ceacht 2
Scileanna staidéir Réamhobair 1
Hurlamaboc Is caibidil amháin é seo as úrscéal.
Ísle brí réamhphlé Beidh tú ag léamh litir a scríobh daltaí san Idirbhliain i bPobalscoil Chorca Dhuibhne chuig tuismitheoirí ag cur comhairle.
CÓRAS DÍLEÁ AN DUINE Aistear an bhia
Cathracha na hÉireann.
3 Aonad Bhitheolaíochta mar a leagtar amach sa leabhar:
Ábhair Scoile Réamhobair 1
22:14.
Aiste Meabharghalair.
Prós Garry Bannister 2/23/2019.
Brú staidéir (múinteoir) Réamhphlé
Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil
A Thig Ná Tit Orm Le Maidhc Dainín Ó Sé.
Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol.
Ceacht: Aer The first slide has two options – This is the second option.
Ag sealbhú Gaeilge Réamhobair 1
Iris na Scoile Réamhobair
Topaic / Topic: Pearsantachtaí / Personalities
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Winston Churchill Fíricí
Presentation transcript:

Tuismitheoirí bochta! Réamhobair I gceann tamaill, beidh tú ag léamh ailt ina dtugtar comhairle do thuismitheoirí a bhfuil déagóirí acu. Sula léann tú an t-alt déan liosta de: Cúig rud faoi iompar déagóirí a shíleann tusa a chuireann isteach ar thuismitheoirí. Cúig rud a chuireann isteach ar dhéagóirí faoi iompar a dtuismitheoirí.

Tuismitheoirí bochta! Léamh Nach mbíonn fonn ar gach tuismitheoir éirí as saol an teaghlaigh uaireanta? Nárbh fhearr linn anois agus arís, ár ndéagóirí a fhágáil caite ina seomraí lena ríomhairí, fóin phóca, DVDanna agus boscaí pizza, go háirithe nuair a bhíonn siad ár gcrá? Ach ná déan é sin nó ceapfaidh siad gur mar sin ba cheart don saol a bheith agus beidh deireadh leis an saol teaghlaigh agaibh sa bhaile. Braithfidh an déagóir go bhfuiltear á chaitheamh ar leataobh – fiú más é a iompar féin ba chúis leis – agus beidh sibh ar fad cráite lena chéile. Ionas nach rachaidh tú as do mheabhair i do theach féin: Ith béile amháin le chéile gach lá, gach duine sa teaghlach. B’fhéidir nach mbeadh comhrá iontach ann, agus b’fhéidir go mbeadh easaontas ann, ach ar a laghad bheadh sibh ar fad le chéile. Más féidir, eagraigh rud amháin don chlann le déanamh le chéile ar a laghad uair sa tseachtain – béile áit éigin, turas go dtí an phictiúrlann, siopadóireacht, cluiche spóirt éigin. Ba cheart iarracht a dhéanamh taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile. B’fhéidir go gcuirfeadh do dhéagóirí i gcoinne na bpleananna seo, ach áitigh orthu – mura bhfuil sibh á dhéanamh ach uair sa tseachtain ní mór an trioblóid orthu é sin.

Tuismitheoirí bochta! Léamh Abair le do dhéagóirí cabhrú le jabanna beaga timpeall an tí – na gréithe a ní, an bord a leagadh, an níochán a chrochadh amach etc. Is traenáil mhaith atá ann i gcomhair an lae a fhágfaidh siad an baile agus uaireanta is féidir comhrá réasúnta maith a bheith agat leo agus tú ag ní na ngréithe. Ná héirigh as a bheith ag labhairt le do dhéagóirí. Is minic tuismitheoirí ag gearán go mbíonn déagóirí rúnda agus nach labhraíonn siad faoina saol, ach go minic ní bhíonn na tuismitheoirí céanna ag labhairt lena ndéagóirí faoina saol féin. Inis dóibh faoi do lá, inis na scéalta dóibh faoi cad a thit amach san oifig, bí ag tabhairt amach beagán faoi do chomhghleacaithe. Bainfidh do dhéagóirí sásamh as comhrá fásta (ach ná cuir aon imní orthu faoi rudaí dáiríre - sláinte, airgead etc.) Má bhíonn cabhair uait abair é sin le do dhéagóirí. Má tá tú trína chéile tar éis lá gnóthach san obair, lorg cabhair (na glasraí a ghearradh, dul go dtí an siopa). Ná lig ort féin gur ‘superwoman’ nó ‘superman’ tú. Comhairle ón suíomh idirlín www.debretts.com

Tuismitheoirí bochta! Iarphlé 1 Freagair féin agus an duine in aice leat na ceisteanna seo le chéile: Tá cúig phíosa comhairle sa alt do thuismitheoirí atá ag iarraidh saol deas teaghlaigh a bheith acu lena gclann. Pléigh gach píosa comhairle leis an duine in aice leat – an comhairle mhaith atá ann nó nach ea? Tabhair cúiseanna. An dóigh leat go dtaitneodh sé le déagóirí dá gcuirfeadh tuismitheoirí an chomhairle ar fad atá san alt i bhfeidhm? Cén fáth? Cén chomhairle eile a chuirfeadh sibhse ar thuismitheoirí? Déan liosta de 3 rud.

Tuismitheoirí bochta! Iarphlé 2 Earráid chomónta! Féach ar an abairt seo ón alt a léigh tú ó chianaibh: “mura bhfuil sibh á dhéanamh ach uair sa tseachtain ní mór an trioblóid orthu é sin.” Is minic a deir foghlaimeoirí Gaeilge *ag déanamh é in ionad á dhéanamh. Is earráid chomónta í sin. Cuir Gaeilge ar na frásaí seo agus seachain an earráid chomónta! I’m getting it: _________________ I’m eating it: _________________ Are you drinking that? _________________ He was reading it: _________________ Are you keeping that? _________________ They were hitting him: _________________ They were throwing it around: _________________ Are you writing it down? _______________ He was cleaning it: _________________ Sinéad wasn’t driving it: _________________

Tuismitheoirí bochta! Scríobh Tá tú ag obair do pháipéar nuachta mar chomhairleoir chroí cráite. Tabhair freagra ar an litir seo a tháinig ó thuismitheoir i bponc! “Táim cráite ag mo mhac na laethanta seo. Bhímis an-mhór le chéile nuair a bhí sé níos óige. Deireadh sé gach rud liom agus bhíodh craic agus gáire againn le chéile go minic. Anois ní deir sé aon rud liom faoina shaol ar scoil ná faoina chairde agus táim buartha ar eagla go mbeadh fadhbanna aige agus nach mbeadh a fhios agam cad iad. Caitheann sé a chuid ama ar an ríomhaire nó ina sheomra agus bíonn sé crosta liom nuair a dhéanaim iarracht labhairt leis. Cad a dhéanfaidh mé?” Tuismitheoir cráite, Cúige Laighean.