Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil

Similar presentations


Presentation on theme: "Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil"— Presentation transcript:

1 Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil
Ní Fhanann Rud Ar Bith Mar a Bhí Athrú a Láimhseáil Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil

2 Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú i do shaol agus sna caidrimh a bhaineann leat:
Tabhair iarracht aghaidh a thabhairt ar an fhíric gur cuid den tsaol é an t-athrú agus nach féidir linn é a sheachaint. Fiafraigh díot féin: An dtig liom glacadh leis go bhfuil an t-athrú seo ag dul a tharlú agus nach féidir liom é a sheachaint? Mayer Johnson PCS Symbols © Mayer Johnson LLC (déan teagmháil le Widgit Software

3 Glac leis na mothúcháin atá agat faoin athrú:
Tá sé tábhachtach bheith ionraic maidir leis an dóigh a mothaíonn tú, fiú nuair is mothúcháin dheacra atá i gceist. Is féidir go mothóidh tú míchompordach faoin athrú, ach má choinníonn tú agat féin do chuid mothúchán, mothóidh tú níos measa amach anseo. Fiafraigh díot féin: Cad é mar a mhothaím faoin athrú seo? Mayer Johnson PCS Symbols © Mayer Johnson LLC (déan teagmháil le Widgit Software

4 Sainaithin do chuid eagla:
I ndiaidh duit a aithint go bhfuil tú ag mothú go míchompordach, tabhair iarracht cíoradh a dhéanamh ar an rud a bhfuil eagla ort roimhe. Fiafraigh díot féin: Cad é atá ag cur imní orm agus cad é mar ba mhaith liom an cás a bheith? Mayer Johnson PCS Symbols © Mayer Johnson LLC (déan teagmháil le Widgit Software

5 Labhair le duine a bhfuil muinín agat as faoin dóigh a mothaíonn tú:
Daoine atá ceanúil ort, beidh siad ag iarraidh éisteacht leat. De ghnáth is mór an faoiseamh é nuair a insíonn tú do chuid buarthaí do dhuine eile. Fiafraigh díot féin: Cé leis a dtig liom labhairt faoi seo? Mayer Johnson PCS Symbols © Mayer Johnson LLC (déan teagmháil le Widgit Software

6 Nuair atá tú réidh, tabhair iarracht ar smaoineamh go dearfach:
Tabhair aire duit féin agus smaoinigh ar rudaí a d’fhéadfadh cuidiú leat mothú níos fearr, is cuma cé chomh beag is atá siad. Fiafraigh díot féin: Cad é a d’fhéadfadh cuidiú liom mothú níos fearr? Mayer Johnson PCS Symbols © Mayer Johnson LLC (déan teagmháil le Widgit Software

7 Athraigh do shaol le leas a bhaint as cásanna nua:
Tabhair iarracht ar dhíriú ar pháirteanna nó deiseanna maithe ar bith atá mar chuid den athrú. Fiafraigh díot féin: Ar tháinig rudaí maithe ar bith as an athrú seo? Mayer Johnson PCS Symbols © Mayer Johnson LLC (déan teagmháil le Widgit Software


Download ppt "Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil"

Similar presentations


Ads by Google