Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

“Níl cara ag cumha ach cuimhne”

Similar presentations


Presentation on theme: "“Níl cara ag cumha ach cuimhne”"— Presentation transcript:

1 “Níl cara ag cumha ach cuimhne”
Cumha Réamhobair Beidh tú ag éisteacht le beirt chailíní ag caint faoin mbrón a bheidh orthu nuair a fhágfaidh siad an baile chun freastal ar an ollscoil. Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: An mbeidh brón ort féin an baile a fhágáil tar éis na hArdteiste? Cén áit ar mhaith leat dul? An bhfuil tú ag súil le himeacht? Cén fáth? Cad is brí leis an bhfocal cumha? Cén tslí a ndéarfá féin: I’ll be homesick nó I’ll miss home? An raibh cumha ort féin riamh? Cathain? An dtuigeann tú an seanfhocal seo: “Níl cara ag cumha ach cuimhne”

2 Cumha Éisteacht A. Léigh na habairtí thíos sula bhféachfaidh sibh ar an mír – abair an bhfuil siad fíor nó bréagach agus tú ag féachaint ar an mír. Tá Emma an-mhór lena deartháir agus bíonn siad le chéile i gcónaí. (fíor / bréagach) Ní réitíonn sí lena máthair agus tá sí ar bís leis an mbaile a fhágáil. (fíor / bréagach) Ní bheidh cead aici teacht abhaile gach seachtain. (fíor / bréagach) Beidh brón ar Úna nuair a fhágfaidh sí Baile Átha Cliath. (fíor / bréagach) Tagann a lán daoine ar ais ón ollscoil mar mothaíonn siad uathu a gclann agus a gcairde. (fíor / bréagach) B. Féach ar an mír arís agus aimsigh an leagan a bhí ag na cainteoirí ar na nathanna seo thíos: i dteannta _____________ a lán _____________ ní mór dom _____________ ag súil le _____________ ag teacht ar ais _____________

3 Cúlra Téama Mothúcháin
Cumha Plé – Grúpa 1 Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus pléigí an scéal Clann Lir le chéile. Bainigí úsáid as na fotheidil mar threoir: Cúlra Téama Mothúcháin

4 Cúlra Téama Mothúcháin
Cumha Plé – Grúpa 2 Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus pléigí an t-amhrán Jimmy Mo Mhíle Stór le chéile. Bainigí úsáid as na fotheidil mar threoir: Cúlra Téama Mothúcháin Bliain an taca seo d'imigh uaim rún mo chléibh Ní thiocfaidh sé abhaile go dtabharfaidh sé cúrsa an tsaoil; Nuair a chífead é rithfead le fuinneamh ró-ard ina chomhair 'S clúdód le mil é, sé Jimmy mo mhíle stór Bíonn m'athair is mo mháthair ag bearradh 's ag bruíon liom féin Táim giobaithe piocaithe ciapaithe cráite de m’ shaol; Thugas taitneamh don duine úd dob fhinne 's dob áille snó Is chuaigh sé ar bord loinge, sé Jimmy mo mhíle stór Raghadsa chun coille agus caithfead ann an chuid eile de m’ shaol San áit ná beidh éinne, ag éisteacht le ceol na n-éan Ag bun an chrainn chaorthainn mar a bhfásann ann féar go leor Ag tabhairt taitnimh don duine úd, sé Jimmy mo mhíle stór

5 Cúlra Téama Mothúcháin
Cumha Plé – Grúpa 3 Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus pléigí an dán Mac Eile Ag Imeacht le Fionnuala Ní Fhlannagáin le chéile. Bainigí úsáid as na fotheidil mar threoir: Cúlra Téama Mothúcháin Cuirfimidne chun bóthair arís inniu Chuig aerfort Bhaile Átha Cliath. Deireadh an tsamhraidh buailte linn Mac eile ag imeacht. Eisean féin a thiomáinfidh an carr Tús curtha ar a thuras fada. Ag mionchomhrá go treallach míloighciúil Meilfimid an aimsir. Staidéar ar ríomhtheangacha A bheidh idir lámha aige Béarfaidh sé ar an bhfaill Faoi spalladh gréine i Houston, Texas Tar éis slán a chur leis Agus greim láimhe againn ar a chéile Pléifimid na buntáistí a bheidh aige thall Nach mbeadh ar fáil sa bhaile. Gealgháireach fuadrach a bheidh Na strainséirí inár dtimpeall. Ní bhacfaimid le cupán caife, Siúlfaimid go dtí an carr go mall. Deireadh an tsamhraidh buailte linn Mac eile ag imeacht.

6 Cúlra Téama Mothúcháin
Cumha Plé – Grúpa 4 Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus pléigí an t-amhrán Fairytale of New York leis na Pogues le chéile. Bainigí úsáid as na fotheidil mar threoir: Cúlra Téama Mothúcháin It was Christmas Eve babe In the drunk tank An old man said to me: won't see another one And then they sang a song The rare old mountain dew I turned my face away and dreamed about you Got on a lucky one Came in eighteen to one I´ve got a feeling This year’s for me and you So happy Christmas I love you baby I can see a better time Where all our dreams come true. They got cars big as bars They got rivers of gold But the wind goes right through you It´s no place for the old When you first took my hand on a cold Christmas Eve You promised me Broadway was waiting for me You were handsome you were pretty

7 Cúlra Téama Mothúcháin
Cumha Plé – Grúpa 4 Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus pléigí an t-amhrán Fairytale of New York leis na Pogues le chéile. Bainigí úsáid as na fotheidil mar threoir: Cúlra Téama Mothúcháin Queen of New York city when the band finished playing they yelled out for more Sinatra was swinging all the drunks they were singing We kissed on a corner Then danced through the night. And the boys from the NYPD choir were singing Galway Bay And the bells were ringing out for Christmas day. You´re a bum you´re a punk You´re an old slut on junk Lying there almost dead on a drip in that bed You scumbag you maggot You cheap lousy faggot Happy Christmas your arse I pray god it´s our last. Curfá I could have been someone Well so could anyone You took my dreams from me When I first found you I kept them with me babe I put them with my own Can´t make it out alone I´ve built my dreams around you Curfá

8 Cumha Iarphlé Tá tú ag obair i ngrúpa eile anois. Pléigí na ceisteanna seo le chéile: Cad iad na mothúcháin atá le sonrú i ngach téacs? An bhfuil aon chuid de na mothúcháin mar an gcéanna? Cad iad? Cad é cúlra gach téacs? Cad é téama gach téacs? An féidir leat a rá go mbaineann an téama le do shaol féin? Conas? Anois, tá script do ghearrscannán le scríobh agaibh. Seo é téama an ghearrscannáin: cúlú eacnamaíochta imirce ag fágáil an bhaile cumha, uaigneas agus briseadh croí


Download ppt "“Níl cara ag cumha ach cuimhne”"

Similar presentations


Ads by Google