Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol.

Similar presentations


Presentation on theme: "Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol."— Presentation transcript:

1 Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol sa bhunscoil agus an saol sa chéad bhliain sa mheánscoil. Sula n-éisteann tú leis, tabhair faoin gcleachtadh seo a leanas...

2 Bunscoil vs. Meánscoil réamhobair
Cuir ar fáil a mhalairt de rud thíos... Sampla: níos mó / níos lú 1. níos fearr/ níos ...? 2. níos deacra/ níos ...? 3. níos faide / níos ...? 4. níos suimiúla / níos ...?

3 Bunscoil vs. Meánscoil Éisteacht
Éist le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, agus aimsigh freagraí na gceisteanna seo a leanas: Cé mhéad duine a bhí i mbunscoil Phádraig, ar an iomlán? Cé mhéad duine a bhí sa rang in éineacht leis sa bhunscoil? Cé mhéad duine atá sa rang in éineacht leis sa mheánscoil anois? Cad iad na rudaí a bhraitheann Pádraig uaidh ón mbunscoil? Cad nach bhfuil cead ag an gcéad bhliain a dhéanamh fós? Cad a dhéanann Pádraig agus a chairde ina ionad?

4 Bunscoil vs. Meánscoil Iarphlé 1
I do chás féin, an bhfuil na rudaí seo a leanas níos fearr nó níos measa sa mheánscoil ná mar a bhí sa bhunscoil? 1. cairde 2. múinteoirí 3. an t-atmaisféar sa scoil 4. na háiseanna atá sa scoil 5. an cleachtadh agus an spraoi An mbraitheann tú aon rud uait ón mbunscoil? Cad é? Braithim uaim... Ní bhraithim uaim...

5 Conas a deir tusa é? “An babhta deireanach...”
Bunscoil vs. Meánscoil Iarphlé 2 Conas a deir tusa é? Bíonn difríochtaí sna canúintí go minic sa Ghaeilge. An bhfuil slite eile agatsa chun na rudaí seo a rá? “An babhta deireanach...” “Sin difríocht millteach ar fad..” “Sinne na leanaí óga atá sa scoil.” “Bíonn siad thíos faoin mbaile.” “Cluiche caide”

6 Bunscoil vs. Meánscoil Iarphlé 3
Úsáideann Pádraig an focal ‘dheara’... agus é ag caint (mar a úsáideann gach cainteoir i gCorca Dhuibhne). Cén ról atá ag an bhfocal ‘dheara’ sa chaint? Do mhuintir na nGaeltachtaí eile agus na nGaelscoileanna: An bhfuil leagan eile den bhfocal ‘dheara’ i do chanúint áitiúil féin? Cad é?

7 Earráid chomónta! First year Second year Third year Fourth year
Bunscoil vs. Meánscoil Iarphlé 4 Earráid chomónta! Is minic a chloisfeá foghlaimeoirí Gaeilge ag rá ‘an dara bhliain’. Ta sé sin mícheart! Ceapann siad toisc go ndeirtear ‘an chéad bhliain’ gur cheart dóibh séimhiú a chur ann. Ní mar sin atá. Cad é an rud ceart, mar sin? Pléigh leis an duine in aice leat conas na rudaí seo a rá i gceart: First year Second year Third year Fourth year Fifth year Sixth year


Download ppt "Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol."

Similar presentations


Ads by Google