Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Samhain – Tugaimid chun cuimhne.

Similar presentations


Presentation on theme: "Samhain – Tugaimid chun cuimhne."— Presentation transcript:

1 Samhain – Tugaimid chun cuimhne.

2 Lá na Naomh Ar an gcéad lá de mhí na Samhna ceiliúrann Anglacánaigh agus Caitlicigh Lá na Naomh, an lá tar éis Oíche Shamhna. Is féile eaglasta í, lá ar a dtéimid ar Aifreann.

3 Lá na Naomh I bhféilire na hEaglaise bíonn lá speisialta
ag naoimh ar leith (m. sh. Lá Fhéile Pádraig ar an 17ú Márta) ach ar Lá na Naomh, tugann an Eaglais onóir do na naoimh go léir, aithnid nó anaithnid. Cé go bhfuil mórchuid eolais againn idtaobh an-chuid de na naoimh go dtugaimid onóir dóibh ar laethanta áirithe, tá an-chuid naomh anaithnid go ndéantar dearmad orthu agus nach dtugtar onóir speisialta dóibh. Ar Lá na Naomh déanaimid ceiliúradh ar na naoimh sin agus iarraimid orthu guí ar ár son.

4 Stair Lá na Naomh Traidisiún ón 4ú aois AD is ea na naoimh agus na máirtírigh a thabhairt chun cuimhne agus a lá fhéile a cheiliúradh gach bliain. Sa bhliain 837 AD shocraigh an Pápa Gregory IV go ndéanfaí féile gach naomh a cheiliúradh ar an 1ú Samhain.

5 Comaoin na Naomh Tá baint ag Lá na Naomh le Comaoin na Naomh. Creideann an Eaglais go bhfuil pobal uile Dé ar neamh, ar talamh agus i bPurgadóir nascaithe le chéile i gcomaoin. Creidimid go bhfuil na naoimh ar neamh chomh beo linn-ne anseo ar talamh agus go mbíonn siad ag guí de shíor ar ár son.

6 Lá na Marbh Tagann Lá na Marbh, 2ú Samhain díreach i ndiaidh Lá na Naomh. Is lá speisialta é chun na daoine a fuair bás agus nach bhfuil fós ar neamh a thabhairt chun cuimhne. Faigheann roinnt daoine bás agus gan iad fós ullamh chun bualadh le Dia. Glaoimid Purgadóir ar an áit ina bhfuil na hanamacha sin. Áit nó stáid ullmhúcháin roimh theacht i láthair Dé is ea Purgadóir. Bíonn na naoimh ar neamh ag guí ar ár son anseo ar talamh. Ar an gcuma céanna cabhraíonn na paidreacha agus na hAifrinn a ofráilimid ar a son leis na hanamacha i bPurgadóir.

7 Stair Lá na Marbh Is traidisiún ársa é sa Chríostaíocht guí ar son na marbh. Sa bhliain 998 AD shocraigh Odilo, Ab mhainistir Cluny sa bhFrainc lá speisialta chun na hanamacha i bPurgadóir a thabhairt chun cuimhne. Thosaigh an nós sna mainistreacha timpeall ar Cluny agus leathnaigh sé de réir a chéile ar fud na hEaglaise Chaitlicigh ag deireadh na 10ú aoise.

8 Traidisiúin a bhaineann le Lá na Marbh
Tá éagsúlacht nósanna ó chultúr go cultúr ag baint le Lá na Marbh. I Mexico déantar an lá a cheiliúradh mar el dia de los muertos, nó “ lá na marbh.“ Sna na hOileáin Fhilipíneacha déantar guí ar feadh naoi lá (novena) ar son na n-anamacha naofa (holy souls).Déanann siad na huaigheanna a mhaisiú agus téann siad ó theach go teach an trathnóna roimh ré (1ú Samhain) ag lorg bronntanais agus ag canadh véarsaí traidisiúnta. San Ungáir tugtar Halottak Napja, “lá na marbh," ar an lá agus is nós leo cuireadh a thabhairt do dhílleachtaí chun an teaghlaigh agus bia, éadaí agus breagáin a thabhairt dóibh. Léiríonn na nósanna sin éagsúlacht sna traidisiúin a bhaineann leis an lá seo.

9 Traidisiúin na Samhna I rith mí na Samhna tugaimid cuairt ar uaigheanna na ndaoine atá marbh agus guímid ar a son. Is féidir linn coinneal a lasadh i séipéal ar son na ndaoine is ansa linn. Is féidir linn na laethanta sona a bhí againn leo a thabhairt chun cuimhne agus buíochas a ghabháil le Dia as ucht na ndaoine sin. Is féidir linn an tAifreann a ofráil ar a son. Ar scoil is féidir cártaí cuimhneacháin ar ár ngaolta a fuair bás a chrochadh ar Chrann Cuimhneacháin agus guí ar a son le linn tionóil agus sa rang Reiligiúin.

10 Guí ar son na Marbh Suaimhneas síoraí tabhair dóibh, a Dhia. Go soilsí solas síoraí orthu agus suaimhneas agus síocháin síoraí go raibh acu. Amen

11 Le déanamh ar Lá na Naomh
For a Wordsearch on All Saints’ Day check out: For the solution to the Wordsearch check out: For a Crossword testing your skills on Saints check out:


Download ppt "Samhain – Tugaimid chun cuimhne."

Similar presentations


Ads by Google