Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

An tAer.

Similar presentations


Presentation on theme: "An tAer."— Presentation transcript:

1 An tAer

2 Tá aer thart orainn i ngach áit.

3 Ní féidir an t-aer a fheiceáil …
… ach mothaímid é nuair a bhíonn an ghaoth ag séideadh.

4 Is fórsa nádúrtha é an t-aer.

5 Turgnamh: Is fórsa é an t-aer
Fearas Próca Doirteal Píosa láidir cárta Uisce

6 An dtitfidh an cárta den phróca?
Modh Cuir uisce sa phróca. Sleamhnaigh an cárta thar bhéal an phróca. Tiontaigh an próca bunoscionn os cionn an doirtil. Scaoil do ghreim ar an gcárta. An dtitfidh an cárta den phróca?

7 Ní thitfidh!

8 Cén fáth nár thit an cárta?
Níor thit an cárta den phróca de bharr go raibh fórsa an aeir ag brú aníos ina éadan. Bhí an t-aer a bhí ag brú aníos níos láidre ná an t-uisce a bhí ag brú anuas. Cén fáth nár thit an cárta? Anois an aontaíonn tú gur fórsa é an t-aer?

9 Tá an paraisiút seo ar foluain mar go bhfuil aer ag cruinniú faoi
Tá an paraisiút seo ar foluain mar go bhfuil aer ag cruinniú faoi. Moillíonn an t-aer é. Friotaíocht an aeir a thugtar ar an bhfórsa seo atá ag dul i bhfeidhm ar an bparaisiút. Tá fórsa eile ag dul i bhfeidhm ar an bparaisiút. An bhfuil a fhios agat céard é? Tá an domhantarraingt ag dul i bhfeidhm ar an bparaisiút. Tá an duine ag titim mar go bhfuil an domhantarraingt á tharraingt anuas.

10 An cuimhin leat an t-eolaí Galileo
An cuimhin leat an t-eolaí Galileo? Cén teoiric a bhí aige faoin ráta ar a dtiteann rudaí?

11 Dúirt Galileo go dtiteann rudaí a bhfuil an cruth céanna orthu ar an ráta céanna, fiú mura bhfuil an meáchan céanna iontu. An cuimhin leat an turgnamh a rinne tú chun teoiric Galileo a thástáil?

12 Chuir tú rudaí a raibh an cruth céanna orthu ag titim
Chuir tú rudaí a raibh an cruth céanna orthu ag titim. Cé nach raibh an meáchan céanna iontu thit siad ar an ráta céanna. Déan an turgnamh arís. An uair seo úsáid dhá rud a bhfuil cruth difriúil orthu ach a bhfuil an meáchan céanna iontu.

13 Modh Faigh dhá leathanach A4.
Déan liathróid bheag as ceann de na leathanaigh. Fág an leathanach eile mar atá. Tuar cé acu leathanach is tapúla a thitfidh má ligeann tú don dá cheann titim ón airde chéanna ag an am céanna.

14 Céard a tharlóidh? Mo thuar
Titfidh an dá leathanach ar an ráta céanna. Titfidh an leathanach atá i gcruth liathróide níos tapúla. Titfidh an leathanach atá leata amach níos tapúla.

15 X X Céard a tharla? An toradh Thit an dá leathanach ar an ráta céanna.
Thit an leathanach a bhí i gcruth liathróide níos tapúla. Thit an leathanach a bhí leata amach níos tapúla. X X

16 Cén fáth ar thit an leathanach a bhí i gcruth liathróide níos tapúla?
Shleamhnaigh an t-aer thar an leathanach a bhí i gcruth liathróide … … ach chruinnigh aer faoin leathanach a bhí leata amach agus chuir sin moill air.

17 Bíonn dhá fhórsa ag dul i bhfeidhm ar rud atá ag titim – an domhantarraingt agus friotaíocht an aeir. Oibríonn friotaíocht an aeir i gcoinne na domhantarraingthe ar rudaí atá ag titim.

18 Níl aon aer ar an ngealach. Mar sin níl aon fhriotaíocht aeir ann.

19 Thástáil an spásaire David Scott teoiric Galileo nuair a chuaigh sé go dtí an ghealach sa bhliain 1971.

20 Lig sé do chleite agus do chasúr titim ag an am céanna.

21 Céard a tharla, meas tú? Shroich an casúr agus an cleite an talamh ag an am céanna. Is féidir é a fheiceáil á dhéanamh ach dul chuig an suíomh seo a leanas:

22 Fíor nó Bréagach? Ráiteas Fíor Bréagach Is fórsa nádúrtha é an t-aer.
Tarraingíonn an domhantarraingt rudaí i dtreo an domhain i gcónaí. Mothaímid an t-aer lá gaofar. Chruthaigh an t-eolaí Newton go dtiteann rudaí a bhfuil an cruth céanna orthu ar an ráta céanna, fiú mura bhfuil an meáchan céanna iontu. Tá friotaíocht aeir ar an ngealach. Thástáil an spásaire David Scott teoiric Galileo ar an ngealach. Bíonn an domhantarraingt agus friotaíocht an aeir ag dul i bhfeidhm ar rud atá ag titim.

23 Déan paraisiút ar: http://www. askaboutireland
Tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh seo:

24 Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo: The National Maritime Museum, Greenwich ( NASA NASA ( Íomhánna eile: Shutterstock Science Photo Library Léaráidí: Christine Warner Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1


Download ppt "An tAer."

Similar presentations


Ads by Google