Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Cur i bhFeidhm an Tumoideachais sa Ghaeltacht ina bhFocail féin: Léargais ó Phríomhoidí agus Mhúinteoirí Comhdháil Bhliantúil Ghaeloideachais “Ag Fíorú.

Similar presentations


Presentation on theme: "Cur i bhFeidhm an Tumoideachais sa Ghaeltacht ina bhFocail féin: Léargais ó Phríomhoidí agus Mhúinteoirí Comhdháil Bhliantúil Ghaeloideachais “Ag Fíorú."— Presentation transcript:

1 Cur i bhFeidhm an Tumoideachais sa Ghaeltacht ina bhFocail féin: Léargais ó Phríomhoidí agus Mhúinteoirí Comhdháil Bhliantúil Ghaeloideachais “Ag Fíorú na Físe” Cill Chainnigh, 2016 Dr Conchúr Ó Brolcháin

2 Nóta Buíochais PhD san Oideachas: Iniúchadh ar Mhúnlaí Luath-oideachais Dhátheangaigh i mBunscoileanna Gaeltachta leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ) Comhaltacht Taighde agus Teagaisc Shéamuis Uí Mhórdha (Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach) Sparántacht Taighde ó COGG

3 Modheolaíochtaí an Staidéir
100,000 focal

4 Na Mórthéamaí a tháinig chun Cinn
Ról an Bhéarla agus an Tumoideachas Idirdhealú (an Cainteoir Dúchais & an Foghlaimeoir) Úsáid na Gaeilge i Measc an Phobail Ceannaireacht agus Seachaint Coimhlinte Le Tuismitheoirí Le Múinteoirí Leis an Roinn Oideachais agus Scileanna

5 An Chéad Mhórthéama: An Tumoideachas
Don dream sa mbaile atá ag éisteacht ‘séard a chiallaíonn tumoideachas ná, nach múinfí Béarla ar bith...do na naíonáin bheaga agus na naíonáin mhóra. (Ní Chuaig, 2015 in agallamh le Ó Brolcháin)

6 Múineadh an Bhéarla: Ardú Feasachta
.

7 Múineadh an Bhéarla: Ardú Feasachta
“Níl sé oideachasúil” (gan aon Bhéarla a mhúineadh ar feadh tréimhse) (Réamh-agallamh le PO) “Tá imní orainn nach mbeidh Béarla acu” (Réamh-agallamh le T)

8 Múineadh an Bhéarla: Ardú Feasachta
“Tá múinteoir lena cuid gasúir sa scoil seo agus ní chreideann sise sa tumoideachas, tá sí ag iarraidh go mbeidh Béarla ar siúl ón gcéad lá ar scoil, so caithfear PR [Public Relations] eicínt a dhéanamh, níl a fhios agam, b’fhéidir go raibh muid ró-chiúin [maidir le tábhacht an tumoideachais sa Ghaeltacht]” (CS4, APO).

9 Múineadh an Bhéarla: Tearmann
Bhí mé i gcónaí go láidir den tuairim gur cheart go mbeadh múineadh an Bhéarla fágtha go dtí rang a h-aon ar a laghad chun dhá bhliain iomlán a thabhairt do chuile dhalta a bheith tumtha sa teanga. (CS2, APO)

10 Múineadh an Bhéarla: Ardú Feasachta sna Coláistí Oiliúna
Tháinig múinteoir nua isteach anseo anuraidh ag clúdú saoire mháithreachais mar shampla agus chuir sí tús leis an léitheoireacht sa Bhéarla leis na naíonáin shóisearacha. Tá sí díreach cáilithe anois ó cheann de na coláistí móra oiliúna agus níor thuig sí nár cheart aon Bhéarla a mhúineadh do na páistí go dtí go mbeidh siad i rang a haon. (CS2, APO)

11 Múineadh an Bhéarla: Ardú Feasachta
Caithfear daoine a chur ar an eolas i gcónaí toisc nach dtagann aon eolas ón Roinn Oideachais agus nach mbíonn treoracha cearta acu i leith an tumoideachais agus mhúineadh na dteangacha sa Ghaeltacht go ginearálta (CS2, APO).

12 Múineadh an Bhéarla: Na Dúshláin
.

13 Múineadh an Bhéarla: Na Dúshláin
An Comhthéacs ilghráid ina bhfuil na Ranganna Naíonán agus Rang 1 le chéile sa seomra ranga céanna. “bíonn gá le straitéis scarúna le cinntiú nach mbíonn teagmháil ag na naíonáin shóisearacha leis an mBéarla tar éis na Cásca agus chun cloí go docht le ‘spiorad an tumoideachais’”

14 Múineadh an Bhéarla: Na Dúshláin
“Is fadhb iad na Drumcondras [scrúdaithe caighdeánaithe Dhroim Conrach] mar go bhfuil chuile dhuine ag iarraidh end product ró-luath [caighdeán ard léitheoireachta sa Bhéarla].” (CS4, APO) “Ba cheart go mbeadh cead na scrúduithe sin a chur siar go dtí Rang 3 ar a laghad.” (CS3, APO)

15 Múineadh an Bhéarla: Na Dúshláin
“Níl mise chun aon scrúdú caighdeánach a dhéanamh sa Bhéarla go dtí go mbeidh Rang 3 bainte amach ag an dalta mar nach bhfuil sé féaráilte orthu agus deirfidh mé leo (cigirí na Roinne Oideachais) é sin nuair a thagann siad isteach.” (Réamh-agallamh le PO)

16 Dúshlán an Bhéarla Tá easpa trialacha ann atá oiriúnach chun tástáil a dhéanamh ar inniúlachtaí na gcainteoirí dúchais Gaeilge. Tá srian ar thrialacha mar sin a fhorbairt mar thoradh ar na deacrachtaí a bhaineann le normú do dhaonra de chainteoirí dúchais Gaeilge ar an scála atá ann in Éirinn. (ROS, 2016: 35)

17 Múineadh an Bhéarla: Na Buntáistí
“Tá sé i bhfad níos éasca a bheith “ag déanamh an tumoideachais” mar nach gcaithfidh tú “a bheith buartha faoin mBéarla” go dtí deireadh Ranganna na Naíonán…” (CS1, AM) “Tá cultúr na nGael faoi ionsaí agus is slí amháin é an tumoideachas chun stádas agus úsáid na Gaeilge sa scoil a láidriú.” (CS1, APO)

18 Mórthéama 2 Idirdhealú

19 Idirdhealú sa Litríocht
Cainteoirí Dúchais ag Fulaingt Tacaíonn an córas bunoideachais mar atá sé le lagú Ghaeilge na ndaltaí arb í an Ghaeilge a gcéad teanga (Péterváry et al., 2014; Ó Giollagáin et al. 2007). Bíonn an fócas sa soláthar teanga i mbunscoileanna Gaeltachta ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge, chun dochar na gcainteoirí dúchais (ROS, 2015b: 6).

20 Idirdhealú sa Litríocht
Caithfí an bhéim a athrú “from de facto prioritization of L2 learning go give equal regard to promoting L1 maintenance and enrichment” (Hickey, 2001: 469). The failure to make separate curriculum provision for the teaching of Irish as (i) mother tongue/medium of schooling and (ii) second language is linguistically and educationally indefensible (Little, 2003: 43).

21 Idirdhealú ina bhFocail Féin
“Má bhreathnaíonn tú ar agus ar Debbie agus ar Dhónal tá sé an-spéisiúil céard atá ag tarlú dóibh. Tógadh Dónal leis an nGaeilge ach tá sé anois ag spalpadh Béarla lena chairde agus tháinig Debbie isteach anseo gan oiread agus focal amháin Gaeilge aici agus í go breá in ann anois í féin a chur in iúl” (CS4, APO).

22 Idirdhealú ina bhFocail Féin: Dréimire Foghlama
“An rud a bhíodh mise ag tabhairt faoi deara ná go raibh an dream (gan aon Ghaeilge) ag dreapadh, ag dreapadh agus ag dreapadh (dul chun cinn maith á dhéanamh acu), bhí an dream sa lár ag déanamh togha freisin ach an dream sin a tháinig isteach sa scoil le togha na Gaeilge, ní raibh mórán dreapadóireachta ar siúl ag an dream sin ar chor ar bith, scaití thit siad anuas” (CS3, AM)

23 Idirdhealú ina bhFocail Féin
“dá mbeadh muid in ann an dá dhream [Daltaí T1 agus T2] a roinnt, bheadh sé sin go hiontach, ansin d’fhéadfaí am a chaitheamh leis na cainteoirí dúchais ar rannta, amhráin, Gaeilge nádúrach an cheantair agus an rud céanna a dhéanamh leis na foghlaimeoirí ach ag leibhéal eile, ach níl muid in ann, tá sé ró-dheacair” (CS4, APO). (príomhoide le dualgaisí teagaisc)

24 Idirdhealú ina bhFocail Féin
“…ar nós a bheith ag múineadh peannaireachta, ag múineadh léitheoireachta, ag múineadh matamaitice pé áit ina bhfuil do pháiste, go bhfuil forbairt ag teacht ar do pháiste, caithfidh sé sin a bheith mar sprioc.” “…dá bhféadfadh muid trí ghrúpa a dhéanamh ansin go mbeadh muid ar muin na muice.” (CS3, AM)

25 Idirdhealú: An Cleachtas
Straitéis Ghrúpála i gCás-staidéar 3 Grúpa 1 Grúpa 2 Grúpa 3 Tharla an cleachtas seo i bhfolús, roimh pholasaí oideachais don Ghaeltacht

26 Idirdhealú: An Cleachtas
Straitéis Ghrúpála i gCás-staidéar 3 Grúpa 1 Grúpa 2 Grúpa 3 Cainteoirí Dúchais Daltaí T1 Múinteoir Ranga Tharla an cleachtas seo i bhfolús, roimh pholasaí oideachais don Ghaeltacht

27 Idirdhealú: An Cleachtas
Straitéis Ghrúpála i gCás-staidéar 3 Grúpa 1 Grúpa 2 Grúpa 3 Cainteoirí Dúchais Daltaí T1 Foghlaimeoirí Gaeilge ar ardchumas Daltaí T2 Múinteoir Ranga Príomhoide (Riaracháin) Tharla an cleachtas seo i bhfolús, roimh pholasaí oideachais don Ghaeltacht

28 Idirdhealú: An Cleachtas
Straitéis Ghrúpála i gCás-staidéar 3 Grúpa 1 Grúpa 2 Grúpa 3 Cainteoirí Dúchais Daltaí T1 Foghlaimeoirí Gaeilge ar ardchumas Daltaí T2 Foghlaimeoirí ar chumas níos ísle agus ó chúlra T3 Daltaí T2&T3 Múinteoir Ranga Príomhoide (Riaracháin) Cúntóir Teanga (Múinteoir Tacaíocht Foghlama) Tharla an cleachtas seo i bhfolús, roimh pholasaí oideachais don Ghaeltacht

29 Idirdhealú ina bhFocail Féin
“Dúirt muid go mbeadh muid [an triúr múinteoirí] ag díriú ar a gcaint [caint na ndaltaí], go dtiocfaidh feabhas ar chuile dhuine, go mbeidh trí ghrúpa déanta, go mbeadh muid ag babhtáil thart, níor dhúirt mé leo cá mbeadh siad, ní dhearna mé scéal chailleach an uafáis den rud!” (CS3, AM)

30 Polasaí Oideachais don Ghaeltacht 2017-2022: Idirdhealú
Critéir d’aitheantas mar scoil Ghaeltachta: Eispéiris oideachais ardchaighdeáin trí Ghaeilge a sholáthar do na scoláirí uile agus aird ar leith á dhíriú ar riachtanais teanga idirdhealaithe na gcainteoirí dúchais Gaeilge chomh maith le foghlaimeoirí Gaeilge (2016: 11)

31 Mórthéama 3 An Pobal

32 Pobal níos leithne: Ardú Feasachta
“Clann amháin sa scoil ó (Oileáin Árainn) an bheirt thuismitheoirí le togha na Gaeilge ach iad go hiomlán in aghaidh na teanga. Togha na Gaeilge acu, iad tógtha le Gaeilge ach gan aon Ghaeilge á labhairt acu leis an bpáiste. Tháinig an páiste isteach lá amháin agus dúirt sí ‘oh my mummy doesn’t speak any Irish to me at all’” (CS5, APO)

33 An Pobal níos Leithne “Tuismitheoir eile go bhfuil togha na Gaeilge acu agus í ag ra go bhfuil sé go deas go bhfuil a páiste ag foghlaim na teanga ar scoil agus a bheith in ann í a labhairt ar scoil ach gan aon Ghaeilge á labhairt aici féin lena páiste sa mbaile” (CS5, APO)

34 An Pobal níos Leithne “Tá muid uilig ag iarraidh uimhreacha a fháil agus a choinneáil agus má dheireann tú le tuismitheoir gur cheart go mbeadh níos mó ar siúl [níos mó Gaeilge á úsáid sa bhaile] d’fhéadfadh pus teacht orthu an-sciopaithe agus na páistí a tharraingt amach.” (CS4, APO) Impleachtaí móra do scoileanna Beaga ina bhfuil todhchaí jab an mhúinteora ag braith ar uimhreacha

35 An Pobal níos leithne: Brú Dearfach
“Shocraigh muid mar gheall ar litir a tháinig isteach ó thuismitheoirí ag iarraidh go gcuirfí múineadh an Bhéarla siar. Chuir sé beagáinín brú orm ach bhí mé sásta leis an mbrú ag an am céanna agus rinne muid an cinneadh gan aon Bhéarla a mhúineadh sna naíonáin bheaga, mar bhí a fhios againn gurb é sin a cinneadh ceart (CS3, APO).”

36 An Pobal níos Leithne “Bíonn go leor saibhriú teanga anseo agus déanaim iarracht i gcónaí na scileanna cumarsáide atá ag páistí a fhorbairt. Tá sé tábhachtach go mbeidh nn páistí ag sóisialú le chéile as Gaeilge agus go mbeidh an cumas acu rudaí lasmuigh den scoil a phlé as Gaeilge.” (CS1, APO)

37 Polasaí Oideachais don Ghaeltacht 2017-2022: An Pobal
Critéir d’aitheantas mar scoil Ghaeltachta: Plean Gníomhaíochta a fhorbairt a léireoidh an chaoi ina gcinnteoidh an scoil úsáid na Gaeilge mar theanga na cumarsáide, an teagaisc agus an tsóisialaithe laistigh den scoil agus na buntáistí le foghlaim na Gaeilge agus foghlaim trí Ghaeilge a chur in iúl agus a chur chun cinn le scoláirí, tuismitheoirí agus an pobal scoile (2016, 12)

38 Polasaí Oideachais don Ghaeltacht 2017-2022: An Pobal
Critéir d’aitheantas mar scoil Ghaeltachta: Gníomhaíochtaí curaclaim, comhchuraclaim agus, más ábhartha, gníomhaíochtaí seach-churaclaim a sholáthar trí Ghaeilge Tacú lena bpobal scoile sa phróiseas pleanála teanga trí chuidiú le húsáid agus cothabháil na Gaeilge sa scoil agus sa phobal Gaeltachta áitiúil

39 Polasaí Oideachais don Ghaeltacht 2017-2022: An Pobal
Critéir d’aitheantas mar scoil Ghaeltachta: Tús áite a thabhairt d’úsáid na Gaeilge sa chumarsáid le tuismitheoirí, leis an bpobal áitiúil agus le páirtithe eile Ag leibhéal na bunscoile, naisc teanga agus chultúrtha atá úsáideach agus chun tairbhe an dá thaobh a bhunú leis na naíonraí áitiúla

40 Ceannaireacht agus Seachaint Coimhlinte
“Má tá an fhoireann ar fad le chéile agus den tuiscint chéanna, sin leath an chogaidh.” (CS2,APO). “…chaithfeadh muid an fhoireann ar fad a thabhairt linn mar níl aon mhaith é seo a dhéanamh tríd an gcúldoras mar go mbíonn impleachtaí ag cleachtas mar seo ar mhúinteoirí eile.” (CS3, APO)

41 Ceannaireacht agus Seachaint Coimhlinte
“Bhí daoine ann a bhí ag iarraidh [múineadh an Bhéarla] a fhágáil go dtí rang an h-aon mar a bhí luaite ag na tuismitheoirí [sa litir ghearáin], bhí daoine ag ceapadh gur cheart…go mbeadh Béarla agus Gaeilge á múineadh i naíonáin bheaga [ach] bhí formhór na ndaoine i ndáiríre ag iarraidh tús a chur leis an mBéarla i naíonáin mhóra’(APO).” (CS3, APO)

42 Ceannaireacht agus Seachaint Coimhlinte
Tábhacht na Litríochta! Bhí mise in ann a thaispeáint dóibh [an fhoireann scoile] an taighde ó Cheanada agus ó thíortha eile ina raibh an tumoideachas ag oibriú amach go maith’ (CS3, APO) NB NB NB-

43 An Roinn Oideachais agus Scileanna
Caithfear daoine a chur ar an eolas i gcónaí toisc nach dtagann aon eolas ón roinn Oideachais agus nach mbíonn treoracha cearta acu i leith an tumoideachais (CS1, APO)

44 Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022
Próiseas Aitheantais Scoileanna Gaeltachta Clár lántumtha dhá bhliain a chur i bhfeidhm sa tsraith naíonán…nach múinfear Béarla ar bith lena linn Aird ar leith a dhíriú ar riachtanais teanga idirdhealaithe na gcainteoirí dúchais Gaeilge chomh maith le foghlaimeoirí Gaeilge Tacú lena bpobal scoile…trí chuidiú le húsáid agus cothabháil na Gaeilge sa scoil agus sa phobal áitiúil Gaeltachta. (ROS, 2016: 8) Sleamhnán Deireanach

45 Go raibh míle maith agaibh!
Aon Cheist? Dr Conchúr Ó Brolcháin


Download ppt "Cur i bhFeidhm an Tumoideachais sa Ghaeltacht ina bhFocail féin: Léargais ó Phríomhoidí agus Mhúinteoirí Comhdháil Bhliantúil Ghaeloideachais “Ag Fíorú."

Similar presentations


Ads by Google