Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Cén saghas duine tú? Réamhobair

Similar presentations


Presentation on theme: "Cén saghas duine tú? Réamhobair"— Presentation transcript:

1 Cén saghas duine tú? Réamhobair
I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le hÉanna Ó Conchúir ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag rá cén saghas duine é féin. Ach ar dtús féach ar an liosta tréithe seo. Cé mhéad ceann a thuigeann tú? An féidir leat malairt brí a chur ar fáil do chuid acu? díograiseach éirimiúil fiáin gealgháireach grámhar lách leisciúil leithliseach réchúiseach searbhasach stuama teasaí trioblóideach tuisceanach

2 Cén saghas duine tú? Éisteacht
Éist le hÉanna agus freagair na ceisteanna seo: Cad a deir Éanna faoi chraic a bheith aige? Cad a deir sé faoi a bheith ag staidéar? Cén tslí a bhfuil cairde Éanna ‘as a meabhair’? Cad a deir Éanna faoi dhaoine cúthalacha agus Facebook?

3 Cén saghas duine tú? Iarphlé 1
Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat. Deir Éanna go bhfuil daoine cúthalacha (cúthail) faoi mhíbhuntáiste, go mbíonn sé níos deacra orthu post a fháil, mar shampla. An aontaíonn tusa leis an dearcadh sin? Cén fáth? Deir Éanna nár cheart duit a bheith buartha faoi cad a cheapann daoine eile díot. Ach féach ar an athfhriotal seo thíos. An bhfuil aon fhírinne ann? Cad a tharlaíonn do dhéagóirí ar scoil nuair nach gcloíonn siad leis an rud a bhfuil meas ag na déagóirí eile air? “Teenagers are always on duty as conformists [...] Teenage kids pay a great deal of attention to clothes. They don't consciously dress to be popular. They dress to look good. But to who? To the other kids. Other kids' opinions become their definition of right, not just for clothes, but for almost everything they do, right down to the way they walk. And so every effort they make to do things "right" is also, consciously or not, an effort to be more popular.” (Why Nerds are Unpopular ag

4 Cén saghas duine tú? Iarphlé 2
Cabhróidh an múinteoir libh anois díospóireacht a eagrú sa rang! Seo daoibh an rún: Ní féidir le déagóirí a rud féin a dhéanamh agus iad sa mheánscoil. Caithfidh siad cloí leis na rudaí atá na daoine eile sa rang ag déanamh nó eile déanfar bulaíocht orthu nó déanfar imeallú orthu.

5 Cén saghas duine tú? Scríobh
Scríobh teachtaireacht phríobháideach chuig Séamus ar Facebook ag tacú leis agus ag cur comhairle air. Déan iarracht cabhrú leis agus dea-ghiúmar a chur air arís. Cuir i gcuimhne dó na tréithe iontacha a bhaineann leis féin chun muinín a thabhairt dó. Déan cur síos ar Chaitlín agus ar Mhicheál freisin agus tabhair do léamh féin dó ar cad atá ag titim amach. Bíodh do theachtaireacht timpeall leathanach ar fhad. Tá laethanta saoire an tsamhraidh ann agus tá do chara Séamus cráite. Is amhlaidh go raibh sé an-mhór le cailín darb ainm di Caitlín agus bhíodar ag caitheamh a lán ama le chéile. Cheap sé go raibh suim aici ann agus ní fhéadfadh sé é a chreidiúint mar cailín an-dathúil is ea í. Ach ansin, thosaigh buachaill eile ón rang, Micheál, ag caint le Caitlín an t-am ar fad agus anois bíonn sí i gcónaí ag cur téacsanna chuig Micheál agus ní fhéachann sí ar Shéamus níos mó. Tá sé cráite, an fear bocht agus ní chabhraíonn sé gur duine an-mhuiníneach agus lán de féin é Micheál.

6 Earráid choitianta! Cén saghas duine tú? Iarphlé 3
Is minic a chloisfeá foghlaimeoirí Gaeilge ag rá rudaí ar nós ‘Sin cad a dúirt sí.’ nó ‘Sin cad a bhí siad ag déanamh.’ Tá sé sin mícheart! Is aistriúchán díreach ón mBéarla atá ann: ‘That’s what she said.’ ‘That’s what they were doing.’ Sa Ghaeilge ní úsáidtear an focal ‘cad’ sa chomhthéacs sin. Úsáidtear an forainm ‘é’ in ionad agus bíonn an bhéim ar an ‘é. (In Uladh deirtear ‘an rud’): Sin é a dúirt sí. / Sin an rud a dúirt sí. Sin é a bhí siad ag déanamh. / Sin an rud a bhí siad ag déanamh.

7 Cleachtadh Cén saghas duine tú? Iarphlé 4
Abair na rudaí seo as Gaeilge: That’s what I think. That’s what she does. That’s what happens. That’s what they told me. That’s what they recommended me to do. That’s what I wanted.


Download ppt "Cén saghas duine tú? Réamhobair"

Similar presentations


Ads by Google