Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Solaid, Leachtanna agus Gáis

Similar presentations


Presentation on theme: "Solaid, Leachtanna agus Gáis"— Presentation transcript:

1 Solaid, Leachtanna agus Gáis

2 Gach rud atá timpeall ort,
is solad, leacht nó gás é.

3 Cad is solad ann? Rud ar bith ar féidir breith air, tugtar ‘solad’ air. Bíonn méid chinnte i solad. Bíonn cruth cinnte air.

4 Samplaí de sholaid

5 Cad is leacht ann? Bíonn méid chinnte i leacht ach ní bhíonn cruth cinnte air. Is féidir leachtanna a dhoirteadh. Coimeádaimid leachtanna i soithí chun nach rithfidh siad ar fud na háite.

6 Samplaí de leachtanna

7 Cad is gás ann? Ní bhíonn méid chinnte i ngás ná ní bhíonn cruth cinnte air. Leathann gás amach agus líonann sé cibé spás atá ar fáil dó. Tá an chuid is mó de na gáis dofheicthe.

8 Samplaí de gháis Is gás í gal uisce.
Úsáidtear an gás héiliam chun balúin a choinneáil in airde. Samplaí de gháis Is é an gás dé-ocsaíd charbóin is cúis leis na súilíní i líomanáid. Is é is lasair ann, gás agus é ag dó.

9 Meascán de gháis éagsúla atá san aer.

10 Leacht is ea uisce … … ach féadann sé a bheith ina sholad nó ina ghás chomh maith.

11 Conas a dhéanfá solad d’uisce?

12 Solad a dhéanamh d’uisce
Turgnamh: Solad a dhéanamh d’uisce Fearas Próca Reoiteoir Uisce Modh Cuir uisce sa phróca. Fág sa reoiteoir ar feadh aon lá amháin é.

13 Céard a tharla don uisce?
Reoigh sé ina oighear! An féidir breith ar an oighear? An bhfuil méid chinnte ann? An bhfuil cruth cinnte air? Solad is ea oighear, mar sin! Nuair a reonn leacht athraíonn sé ina sholad.

14 Conas a dhéanfá uisce den oighear?

15 Modh Fág an próca oighir ar feadh cúpla uair an chloig in áit the sa seomra.

16 Céard a tharla don oighear?
Leáigh sé ina uisce! An bhfuil méid chinnte san uisce, ach gan cruth cinnte a bheith air? Leacht is ea uisce, mar sin! Nuair a leánn solad athraíonn sé ina leacht.

17 Conas a dhéanfá gás d’uisce – agus uisce de ghás?

18 Turgnamh: Cuid 1: Gás a dhéanamh d’uisce Fearas Uisce Modh Citeal
Spúnóg Lámhainn oighinn Modh Cuir uisce sa chiteal agus cuir ar siúl é. Tiocfaidh gal uisce amach nuair a thosaíonn an citeal ag fiuchadh. Gás is ea gal uisce. Déantar gás d’uisce nuair a fhiuchtar é.

19 Uisce a dhéanamh de ghal uisce
Turgnamh: Cuid 2: Uisce a dhéanamh de ghal uisce Modh Anois, cuir ort an lámhainn agus sáigh an spúnóg fhuar isteach sa ghal uisce atá ag teacht ón gciteal. Athróidh an spúnóg an ghal uisce ina huisce arís. Déantar uisce de ghal uisce nuair a éiríonn sí fuar.

20 Céard a tharlóidh, meas tú?
Luífidh an ghal ar an bhfuinneog. Éireoidh an fhuinneog te. Céard a tharlóidh, meas tú? Athróidh an fhuinneog an ghal ina huisce arís.

21 Bhí an ceart agamsa! D’athraigh an fhuinneog an ghal ina huisce arís.
Céard a tharla? Bhí an ceart agamsa! D’athraigh an fhuinneog an ghal ina huisce arís. Déantar uisce de ghal uisce nuair a éiríonn sí fuar.

22 Fíor nó Bréagach? Ráiteas Fíor Bréagach
Déantar solad de ghal uisce nuair a éiríonn sí fuar. Is féidir leachtanna a dhoirteadh. Ní bhíonn méid chinnte i ngás ná ní bhíonn cruth cinnte air. Is é an gás héiliam is cúis leis na súilíní i líomanáid. Nuair a reonn leacht athraíonn sé ina sholad. Rud ar bith ar féidir breith air, tugtar leacht air.

23 Tráth na gCeist

24 Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo a leanas:

25 Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas
a chuir grianghraif ar fáil do na sleamhnáin seo: Carol Howard (tomylees ar an suíomh Eric D. Gyllenhaal ( Science With Me!® ( Jon Sullivan ( Grianghraif eile: Shutterstock Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1


Download ppt "Solaid, Leachtanna agus Gáis"

Similar presentations


Ads by Google