Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Iris na Scoile Réamhobair

Similar presentations


Presentation on theme: "Iris na Scoile Réamhobair"— Presentation transcript:

1 Iris na Scoile Réamhobair
I gceann tamaill beidh tú ag léamh ailt a scríobh dalta d’Iris na Scoile i bPobalscoil Chorca Dhuibhne faoi Chomórtas Díospóireachtaí Uí Chadhain. Ar dtús, déan an cleachtadh seo: Conas a déarfá... We were very happy to qualify... The second year in a row. Our supporters. They deserved it.

2 Iris na Scoile Léamh Díospóireachtaí Uí Chadhain le hIseult Ní Lubhaing, Pobalscoil Chorca Dhuibhne Thosaigh an chéad bhabhta de chomórtas díospóireachtaí Uí Chadhain i mí Mheán Fómhair i nGaelcholáiste Chiarraí. Thugamar na cosa linn i gCill Airne agus bhíomar ar mhuin na muice ag dul ar aghaidh go dtí an tríú babhta i Luimneach. B’fhearr ná san go raibh na sinsir in éineacht linn. Bhí áthas an domhain orainn cáiliú do Chraobh na hÉireann don dara bliain as a chéile agus chuireamar os ár gcomhair iarracht a dhéanamh é a bhuachan. Bhí an chraobh ar siúl i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir. Bhí caighdeán níos airde ann ná mar a bhí anuraidh. Bhíomar an-neirbhíseach nuair a bhí an díospóireacht ar siúl ach bhí ár lucht tacaíochta agus ár múinteoirí laistiar dúinn an t-am ar fad. Rinneamar ár seacht ndícheall ach ar deireadh thiar thall bhuaigh Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus bhí sé tuillte acu. Bhíomar bailithe go maith nár bhuamar an €1000 agus an turas thar lear ach fós fuaireamar duais as a bheith sa chraobh. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil lenár múinteoir a thug treoir agus comhairle dúinn na díospóireachtaí a ullmhú. Táimid fíorbhuíoch den lucht tacaíochta a thaistil go Baile Átha Cliath linn.

3 Iris na Scoile Iarphlé 1 Cad is brí leis na nathanna seo a bhí san alt: Thugamar na cosa linn Chuireamar os ár gcomhair Rinneamar ár seacht ndícheall Bhíomar bailithe go maith An bhfuil slite eile agatsa chun an bhrí chéanna a léiriú do gach nath thuas? Breac síos iad.

4 Iris na Scoile Iarphlé 2 Samhlaigh gur tusa agus an duine in aice leat
eagarthóirí Iris na Scoile i mbliana. Déan amach plean beag don Iris ag smaoineamh ar na nithe seo a leanas: na rannóga difriúla a bheidh san Iris na hailt dhifriúla ba mhaith libh a bheith san iris na daltaí a scríobhfaidh na hailt sin daoibh

5 Iris na Scoile Scríobh Scríobh alt gearr ar do rogha rud – (a)
(b) nó (c) thíos. Ócáid/ imeacht scoile a raibh baint agat leis Léirmheas nó tuairisc ar ócáid / imeacht scoile a raibh tú sa lucht féachana / lucht tacaíochta ann. Cuntas ar ócáid/imeacht éigin a raibh tú páirteach ann taobh amuigh den scoil


Download ppt "Iris na Scoile Réamhobair"

Similar presentations


Ads by Google