Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Litir Phearsanta (30 Marc)

Similar presentations


Presentation on theme: "Litir Phearsanta (30 Marc)"— Presentation transcript:

1 Litir Phearsanta (30 Marc)
Tá tusa ag aistriú tí leis an teaghlach. Scríobh litir chuig cara leat, ag insint dó/di faoin aistriú. You are moving house with your family. Write to your friend telling him/her about the move. Ardleibhéal: SEC Paipéar 2 Litir Phearsanta (30 Marc)

2 Leagan Amach Seoladh agus Dáta: Baile an Mhóta Co. Shligigh 3ú Iúil

3 Beannú: A Liam/A Áine a chara,
Tús na litreach: Conas atá tú? Tá súil agam go bhfuil tú féin agus do mhuintir i mbarr na sláinte. Tá gach duine ar fheabhas anseo. Fan go gcloisfidh tú.

4 Corp na litreach: Táimid tar éis aistriú ó Bhaile Átha Cliath go Baile an Mhóta i gContae Shligigh. Fuair m’athair post nua mar mhúinteoir sa baile seo. Baile Mór é Baile an Mhóta ar imeall na cathrach. Os rud é go bhfuilimid lár na tuaithe tá a lán áiteanna áille ar féidir liom dul ar shiúlóid iontu agus tá seanchaisleán le feiceáil fós ar imeall an bhaile.

5 Tá a lán áiseanna sa baile mór
Tá a lán áiseanna sa baile mór. Ina measc siúd tá club óige, páirc imeartha, leabharlann, lárionad pobail, siopaí agus bialanna. Tá an teach nua i bhfad níos mó ná ár dteach sa chathair. Creid é no ná chreid tá cúig sheomra codlata chomh maith le seomra súgartha agus tá cúlghairdín ollmhór againn.

6 Tá ár gcomharsana béal dorais an chairdiúil
Tá ár gcomharsana béal dorais an chairdiúil. Tá beirt mhac agus iníon amháin atá ar comhaois liomsa. Siobhán is ainm di agus tá sí failteach agus cainteach. Beidh me ag tosú sa mheánscoil aitiúil go luath. Beidh mé neirbhíseach.

7 Críoch na litreach Bhuel, sin a bhfuil uaimse. Ta súil agam go mbeidh tú abálta mo theach agus mo cheantar nua a fheiceáil go luath. Scríobh ar ais chugam go luath. Slán agus beannacht, Áine/Liam 

8 Obair Bhaile: Tá tu ar saoire ar fheirm d’uncail faoin tuath. Scríobh litir chuig cara leat ag insint do/di faoin tsaoire. Ná déan dearmad: Seoladh Dáta Tús na litreach Corp na Litreach Críoch na litreach


Download ppt "Litir Phearsanta (30 Marc)"

Similar presentations


Ads by Google