Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Ábhair Scoile Réamhobair 1

Similar presentations


Presentation on theme: "Ábhair Scoile Réamhobair 1"— Presentation transcript:

1 Ábhair Scoile Réamhobair 1
Cén fáth a bhfuil séimhiú in uimhir 1 thíos agus urú in uimhir 2? Pléigh leis an duine in aice leat. an bhitheolaíocht Táim ag déanamh staidéir ar an mbitheolaíocht.

2 Ábhair Scoile Réamhobair 2
Cuir an t-alt roimh na hábhair ar fad i gcolún A ar dtús. Nuair a bheidh sé sin déanta agat, déan an t-athrú is gá ar na hábhair i gcolún B. Colún A Colún B Gaeilge: an________ ar an_____________ Fraincis: an________ Gearmáinis: an______ Béarla: an________ Matamaitic: an______ Ceimic: an________ ar an _____________ Fisic: an________ Gnó: an________ Ceol: an________ Ealaín: an________ Foirgníocht: an _____ Eacnamaíocht Bhaile: an ___________

3 Ábhair Scoile Éisteacht
Éist le Niall Mac Dhonnagáin ó Choláiste Eoin ag caint ar na hábhair scoile agus aimsigh freagraí na gceisteanna seo: Cad iad na hábhair atá ar bun ag Niall? Cad iad na hábhair is fearr leis? Cad nach maith leis faoin mbitheolaíocht?

4 Ábhair Scoile Iarphlé 1 Ní maith le Niall a bheith ag foghlaim de ghlanmheabhair. B’fhearr leis an deis a bheith aige rudaí a oibriú amach dó féin. An mbíonn ortsa rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair go minic ar scoil? Cathain agus cén fáth? An bhfuil ábhair á ndéanamh agat ina mbíonn ort rudaí a oibriú amach duit féin? Cad iad? Cad a shíleann tú den athfhriotal seo? An cur síos cóir é ar an meánscolaíocht nó an bhfuil sé ródhian ar an saghas foghlama a tharlaíonn sa mheánscoil? Independence of thought is what a third level education seeks to instil in students. You are not simply regurgitating information that has been learnt directly from a textbook, as is the case with most of the Leaving Cert curriculum. Students are expected to go beyond that and think critically: making links between theory and practice, applying newfound knowledge to real life situations, evaluating arguments and theories, and formulating their own judgements (

5 Ábhair scoile Iarphlé 2 Bhí coincheapa tábhachtacha san athfhriotal:
Neamhspleáchas intinne a chothú Machnamh go criticiúil Eolas agus tuiscintí nua a chur i bhfeidhm ar an bhfíorshaol Measúnú a dhéanamh ar argóintí agus ar theoiricí A bheith ábalta do thuairim féin a bheith agat ar rud Scríobh amach i do chóipleabhar na hábhair scoile nó na himeachtaí scoile nó na tionscnaimh ar leith is mó a chothaíonn na scileanna thuas i do thuairim. Tabhair cúiseanna le do fhreagra (ní gá go mbeadh na hábhair/imeachtaí/tionscnaimh déanta agat féin).

6 Ábhair Scoile Iarphlé 3 Tá cineálacha éagsúla ábhar ar fáil don Ardteist mar a fheiceann tú sa tábla thíos. Roghnaigh ábhar ó gach grúpa agus scríobh cúpla abairt faoin ábhar agus an cineál dalta a mbeadh spéis aige/aici san ábhar sin. e.g. Is ábhar praiticiúil é an Fhoirgníocht ina mbíonn daltaí ag obair le huirlisí agus le hinnealra. Bíonn siad ag dearadh, ag pleanáil agus ag tógáil rudaí. Tá sé oiriúnach do dhaltaí a bhfuil spéis acu sa tógáil agus atá go maith ag obair phraiticiúil agus ag dearadh rudaí. Grúpaí ábhar Praiticiúil An Fhoirgníocht, an Innealtóireacht, an Teicneolaíocht Eolaíocht An Cheimic, an Fhisic, an Bhitheolaíocht, Eolaíocht Talmhaíochta, an Mhatamaitic, an Mhatamaitic Fheidhmeach Na healaíona An Ealaín, an Ceol, Grafaic Dhearaidh agus Chumarsáide Léann Daonna An Tíreolaíocht, an Stair, an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis, an Araibis, an Iodáilis, an tSeapáinis, an Laidin Sóisialta An Eacnamaíocht Bhaile, an tOideachas Reiligiúin Gnó An Gnó, an Chuntasaíocht, an Eacnamaíocht, Eacnamaíocht Talmhaíochta


Download ppt "Ábhair Scoile Réamhobair 1"

Similar presentations


Ads by Google