Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Cathracha na hÉireann.

Similar presentations


Presentation on theme: "Cathracha na hÉireann."— Presentation transcript:

1 Cathracha na hÉireann

2 An féidir leat na seacht gcathair is mó in Éirinn a ainmniú?
Doire Béal Feirste Gaillimh Baile Átha Cliath Luimneach Port Láirge Corcaigh

3 gar don chósta. Cén fáth, meas tú?
An dtugann tú rud ar bith faoi deara faoi shuíomh na gcathracha go léir? Doire Béal Feirste Gaillimh Baile Átha Cliath Luimneach Tá na siad uile suite gar don chósta. Cén fáth, meas tú? Port Láirge Corcaigh

4 Fadó, thaistil daoine chuig na cathracha chun earraí a dhíol agus a cheannach. Tháinig siad
as áiteanna eile in Éirinn agus as tíortha eile freisin. Bhí sé i bhfad níos fusa ag an am earraí a iompar ar an bhfarraige ná ar na bóithre. Is gar don chósta, mar sin, a d’fhás na cathracha ba mhó.

5 Tógadh na cathracha seo go léir ar aibhneacha chomh maith.
Doire Béal Feirste Tógadh na cathracha seo go léir ar aibhneacha chomh maith. Cén fáth, meas tú? Baile Átha Cliath Gaillimh Luimneach Port Láirge Corcaigh

6 Fadó, ní raibh uisce ag na daoine sna tithe
Fadó, ní raibh uisce ag na daoine sna tithe. Theastaigh uathu, mar sin, cónaí in áit ina mbeadh uisce úr ar fáil. Thóg go leor daoine tithe gar do na haibhneacha agus d’fhás cathracha sna háiteanna sin. D’fhás cathracha ar na haibhneacha freisin mar gheall chúrsaí trádála. Bhí sé éasca earraí a iompar ó áit go háit ar na haibhneacha.

7 a bhfuil na seacht gcathair is mó in Éirinn suite orthu?
Cé na haibhneacha a bhfuil na seacht gcathair is mó in Éirinn suite orthu? Doire Béal Feirste An Life 2. Abhainn an Lagáin Baile Átha Cliath 3. An Laoi Gaillimh 4. An Feabhal 5. An tSionainn Luimneach 6. Abhainn na Gaillimhe Port Láirge 7. An tSiúir Corcaigh

8 An bhfuil a fhios agat? Cén áit sa tír a bhfuil Baile Átha Cliath?
Tá Baile Átha Cliath in oirthear na tíre. Cén abhainn ar a bhfuil sé suite? Tá sé suite ar an Life. Is é Baile Átha Cliath an chathair is mó daonra sa tír. Tá timpeall 1.2 milliún duine ina gcónaí ann.

9 An bhfuil a fhios agat? Cén áit sa tír a bhfuil Béal Feirste?
Tá Béal Feirste in oirthuaisceart na tíre. Cén abhainn ar a bhfuil sé suite? Tá sé suite ar Abhainn an Lagáin. Daonra: Timpeall 480,000 duine.

10 An bhfuil a fhios agat? Cén áit sa tír a bhfuil Corcaigh?
Tá Corcaigh i ndeisceart na tíre. Cén abhainn ar a bhfuil sí suite? Tá sí suite ar an Laoi. Daonra: Timpeall 200,000 duine.

11 An bhfuil a fhios agat? Cén áit sa tír a bhfuil Doire?
Tá Doire i dtuaisceart na tíre. Cén abhainn ar a bhfuil sé suite? Tá sé suite ar an bhFeabhal. Daonra: Timpeall 94,000 duine.

12 An bhfuil a fhios agat? Cén áit sa tír a bhfuil Luimneach?
Tá Luimneach in iarthar na tíre. Cén abhainn ar a bhfuil sé suite? Tá sé suite ar an tSionainn. Daonra: Timpeall 91,000 duine. 12

13 An bhfuil a fhios agat? Cén áit sa tír a bhfuil Gaillimh?
Tá Gaillimh in iarthar na tíre. Cén abhainn ar a bhfuil sí suite? Tá sí suite ar Abhainn na Gaillimhe. Daonra: Timpeall 77,000 duine. 13

14 An bhfuil a fhios agat? Cén áit sa tír a bhfuil Port Láirge?
Tá Port Láirge in oirdheisceart na tíre. Cén abhainn ar a bhfuil sé suite? Tá sé suite ar an tSiúir. Daonra: Timpeall 52,000 duine. 14

15 An cuimhin leat? Baile Átha Cliath 2. Béal Feirste 3. Corcaigh
4. Doire 5. Luimneach 6. Gaillimh 7. Port Láirge Céard iad na seacht gcathair is mó in Éirinn? Liostaigh de réir daonra iad.

16 Fíor nó Bréagach? Ráiteas Fíor Bréagach
Tá Béal Feirste suite ar an bhFeabhal. Is é Béal Feirste an chathair is mó daonra in Éirinn. Tá Corcaigh suite ar an Laoi. Tá Doire suite ar an bhFeabhal. Is í an tSionainn an abhainn is faide in Éirinn. Tá Port Láirge i dtuaisceart na tíre. Tá Luimneach suite ar Abhainn an Lagáin. Tá cónaí ar níos mó ná milliún duine i mBaile Átha Cliath. Tá Béal Feirste in iarthuaisceart na hÉireann.

17 Cluiche Meaitseála Cluiche ‘Tarraing agus scaoil’

18 Is féidir cluiche meaitseála faoi na cathracha a imirt ar an suíomh seo:

19 Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas
a chuir grianghraif ar fáil do na sleamhnáin seo: Aaron Ryan Íomhánna eile: Shutterstock Denis Baker Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2013 An Gúm, Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1

20


Download ppt "Cathracha na hÉireann."

Similar presentations


Ads by Google