Canúintí Réamhobair 1 Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ó Chonamara ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus na canúintí, ach ar dtús pléigh.

Slides:



Advertisements
Similar presentations
Thiar I gConamara, timpeall agus trí mhíle taobh thiar de sráid bhaile bheag Chárna, tá céibh an Mhása. Is ar an gcéibh seo, ar an séú lá déag de mhí.
Advertisements

Ag foghlaim teanga trí chorpoideachas a iniúchadh sa bhunscoil Déirdre Ní Chróinín Siobhán Ní Mhurchú TJ Ó Ceallaigh Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil.
GCSE Gaeilge Agreement Trial. Clár Look at issues arising from last year Look at the mark scheme and clarify it Agree the standard Mark 5 / 6 candidates.
You can type your own categories and points values in this game board. Type your questions and answers in the slides we’ve provided. When you’re in slide.
Mo Theach agus mo Cheantar
Tonnta agus Tonnghluaisne (Wave Motion).
“Níl cara ag cumha ach cuimhne”
Solas.
Gnáthóga.
Níl aon Ní Le Cathal Ó Séarcaigh.
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Mo theaghlach Réamhobair 1
Bruscar.
Tosaigh.
Buntáiste an dátheangachais Réamhphlé 1
Domhantarraingt.
Leictreachas.
Ag labhairt in aghaidh an easa Réamhobair 1
Snáithe 2: Céimseata Shintéiseach Geostiallacha & CD an Scoláire
Scoil & brú Réamhobair A. An féidir leat an leagan Gaeilge a aimsiú de na focail seo? Recession: _____________ Water safety: _____________ Rescue.
Bláth na hóige Réamhobair
Lagiolraí agus tréaniolraí
Topaic / Topic: Cóisirí/ Parties
Topaic / Topic: Caitheamh Aimsire / Pastimes
An Tábla Peiriadach.
An Aimsir Ghnáthchaite
Eanáir 2005 Comhrá I - Rang 1.
CRÍOSTÓIR Colambas.
Gaeilge, A-Leibhéal LÁ SCANNÁNAÍOCHTA NICILT 2015
Giotto Di Bondone Iodáil / Flórans.
Céimeanna sa Chailleadh
Forbairt na cumarsáide
Éalú ó Éigeandáil Cad é a Thabharfá Leat?
Obair Bhaile / Homework
An Tuismitheoir – cabhair sa teach / help in the house
Roinn na Gaeilge Coláiste Choilm
Topaic / Topic: Obair Tí / Housework
Tuismitheoirí bochta! Réamhobair
Ag cabhrú timpeall an tí
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir
Cur i bhFeidhm an Tumoideachais sa Ghaeltacht ina bhFocail féin: Léargais ó Phríomhoidí agus Mhúinteoirí Comhdháil Bhliantúil Ghaeloideachais “Ag Fíorú.
Cén saghas duine tú? Réamhobair
Solaid, Leachtanna agus Gáis
Fuinneamh.
Mo theaghlach Réamhobair 1
Fuaim.
Roinnt Fíricí: Ainm eile le haghaigh ‘Lá na Pancóige’ é ‘Máirt na hInide’. Ciallaionn an focal ‘Inid’ maithiúnas a thabhairt ar dhuine, inar féidir le.
Clare Sa Spéir Gearrscannán.
Má san aimsir láithreach
Scileanna staidéir Réamhobair 1
Crith Talún.
Heorastaic.
Luaigh Fóin Phóca, Déan Mata
Ísle brí réamhphlé Beidh tú ag léamh litir a scríobh daltaí san Idirbhliain i bPobalscoil Chorca Dhuibhne chuig tuismitheoirí ag cur comhairle.
Cárta Mistéireach / Céard é mise? Lean mise.
I dTreo na Cumarsáide An Treo Nua.
Cathracha na hÉireann.
3 Aonad Bhitheolaíochta mar a leagtar amach sa leabhar:
Uisce.
Ábhair Scoile Réamhobair 1
Aiste Meabharghalair.
Prós Garry Bannister 2/23/2019.
Brú staidéir (múinteoir) Réamhphlé
Prós Garry Bannister 4/4/2019.
Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil
Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol.
Ceacht: Aer The first slide has two options – This is the second option.
Ag sealbhú Gaeilge Réamhobair 1
Iris na Scoile Réamhobair
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Presentation transcript:

Canúintí Réamhobair 1 Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ó Chonamara ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus na canúintí, ach ar dtús pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: Cad is brí le canúint? Cén difríocht atá idir canúint agus blas? Cad iad canúintí na Gaeilge? Cad atá i gceist leis an gCaighdeán Oifigiúil? Cén fáth a bhfuil an Caighdeán Oifigiúil ann?

Canúintí Réamhobair 2 (a) Conas a deirtear na rudaí seo i do chanúint áitiúil? An féidir leat iad a rá in aon slí eile? boy, girl, children, grandmother, grandfather, table, also, terrible, easy, old, sick, painful (b) Conas a déarfá ‘How are you?’ agus ‘Where are you from?’ sna trí mhórchanúint? Cuir na freagraí sna colúin chuí. (c) Tá ciall difriúil ag an bhfocal ‘láithreach’ i gcanúint na Mumhan ná mar atá i gcanúint Chonnacht agus Uladh. Cad is brí leis i gcanúint na Mumhan? Agus sa dá chanúint eile? An samhlaíonn tú go gcothódh an difríocht sin míthuiscintí ar bith? Smaoinigh ar chomhthéacs ina gcothófaí míthuiscint. Canúint na Mumhan Canúint Chonnacht Canúint Uladh

Canúintí Éisteacht Éist le Cormac Ó Comhraí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus a dtuiscint ar na canúintí agus freagair na ceisteanna seo: Cathain is mó a chloiseann daltaí Gaeltachta canúintí eile, dar le Cormac? Cad é an saghas Gaeilge is mó a chloiseann daltaí taobh amuigh dá gcanúint féin, dar le Cormac? Cén fáth a bhfuil sé deacair stór focal ó chanúintí eile a thabhairt do na daltaí? Cé a bhíonn ‘ag brú’ rudaí ar na daltaí, dar leo féin?

Canúintí Iarobair 1 Do chanúint féin (a) Deir Cormac go bhfuil ‘muintir na Gaeltachta uafásach bródúil as a gcanúint féin’. Liostáil na príomhthréithe a bhaineann le do chanúint féin agus cúpla focal/nath cainte atá bainteach léi a ritheann leat. (b) Cad iad na tréithe, a bhaineann le do chanúint áitiúil, is mó a chothaíonn deacrachtaí d’fhoghlaimeoirí nó do chainteoirí eile Gaeilge?

Canúintí Iarobair 2 (a) Bíonn difríochtaí sa bhéim a leagtar ar fhocail ilsiollacha sna canúintí. Bíonn an bhéim ar shiolla amháin i gCanúint na Mumhan agus ar shiolla eile i gCanúint Chonnacht agus Uladh e.g. buidéal (M) agus buidéal (C&U). Cuir an bhéim san áit cheart ar na focail seo: bainisteoir (M) bainisteoir (C&U) drámaíocht (M) drámaíocht (C&U) ealaín (M) ealaín (C&U) íoslódáil (M) íoslódáil (C&U) (b) Déanann cainteoirí dúchais earráidí sa litriú uaireanta ag brath ar an gcanúint atá acu. Mar shampla, uaireanta bíonn mearbhall ar mhuintir Uladh agus litríonn siad an focal CORCAIGH mar seo: CORCAÍ. An chúis atá leis sin ná gur mar sin a fhuaimnítear ó thuaidh é. Ní dhéanfadh cainteoir Muimhneach an earráid áirithe sin mar fuaimnítear an –AIGH ar shlí dhifriúil. Earráid a dhéanann muintir na Mumhan go minic ná an focal ARD a litriú mar seo: ÁRD - toisc go bhfuil an A fada go maith sa bhfuaimniú. Gan trácht ar mhuintir Chonnacht agus an uimhir iolra atá acu...nó acub! An féidir leat smaoineamh ar shamplaí eile? Cad iad na hearráidí is mó a dhéanann tusa sa litriú de bhrí go gcuireann an chanúint beagán ar strae tú?

Canúintí Iarobair 3 I gcás na n-abairtí seo ar fad thíos, abair cén chanúint atá i gceist, canúint Chonnacht, canúint na Mumhan nó canúint Uladh. Tá mé tinn tuirseach den aimsir seo. N’fheadar faic na ngrást mar gheall air sin. Bíonn sí anseo chuile lá. An bhfuil an t-airgead agat fá choinne an ticéid? Nach bhfuil Máire in éindí leat? An rabhais amuigh aréir? Tá sé sin togha, a mhac! An dtig leat cupán tae a thabhairt domh? Tá mo sciathán nimhneach. Bhíos ag caint le Séamus ó chianaibh. (b) Athscríobh na habairtí thuas nach mbaineann le do chanúint féin i do chanúint féin.

Canúintí Iarphlé 4 Cad atá i gceist le ‘Gaeilge na Leabhar’? Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat. Cad atá i gceist le ‘Gaeilge na Leabhar’? An mbíonn sé níos deacra duitse rudaí áirithe a léamh as Gaeilge seachas as Béarla? Cén cineál rudaí agus cén fáth, meas tú? Cad atá i gceist ag Cormac nuair a deir sé: ‘breathnaíonn roinnt [daltaí] air mar ghéilleadh don rud atá á bhrú orthu ón taobh amuigh ó dhaoine nach labhraíonn Gaeilge ar bhealach nádúrtha’ 4. Cad a tharlaíonn nuair a chaitear focal nua a chumadh do rud éigin as Gaeilge (má thagann rud éigin nua ar an saol e.g. an t-idirlíon, fón póca, fón cliste etc.)? Cén próiseas atá ann chun focal nua a chumadh?

Canúintí Iarphlé 5 Ábhar machnaimh Caitheann cainteoirí dúchais Gaeilge go leor scileanna a bheith acu – eolas an-mhaith ar a gcanúint féin, eolas réasúnta ar chanúintí eile agus eolas an-mhaith ar an gcaighdeán (go háirithe tar éis na scoile agus iad ag obair trí mheán na Gaeilge). Ach tá na scileanna sin acu sa Bhéarla chomh maith a bhuíochas do na meáin chumarsáide mar, féach, nach bhfuil na canúintí Béarla seo an-difriúil óna chéile? Béarla an gheiteo i Nua-Eabhrac Béarla Bhanríon Shasana Béarla na tuaithe in Éirinn Tá tú in ann daoine a thuiscint agus iad ag baint úsáide as na canúintí éagsúla sin i mBéarla. Dá mhinice is a chloiseann tú na canúintí eile in úsáid is ea is fearr a thuigfidh tú iad!