Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.

Slides:



Advertisements
Similar presentations
Caitliceachas. Éire Tá an Eaglais Caitliceach in Éirinn mar chuid don Eaglais Caitleachach ar fud an domhain.Is cuid é freisin don Eaglais Críostaí.Tá.
Advertisements

An Gorta Mór.
Tonnta agus Tonnghluaisne (Wave Motion).
Mo Theaghlach Eacnamaíocht Bhaile
An tAer.
“Níl cara ag cumha ach cuimhne”
Solas.
Gnáthóga.
Máirt na hInide.
Gráinne Mhaol Ní Mháille
Bruscar.
Buntáiste an dátheangachais Réamhphlé 1
Domhantarraingt.
Leictreachas.
Tútancáman.
Tá breis is 30 cineál féileacán in Éirinn.
Turasóireacht in Éirinn.
Martin Luther King.
An tOideachas in Éirinn
Snáithe 2: Céimseata Shintéiseach Geostiallacha & CD an Scoláire
Scoil & brú Réamhobair A. An féidir leat an leagan Gaeilge a aimsiú de na focail seo? Recession: _____________ Water safety: _____________ Rescue.
Samhain – Tugaimid chun cuimhne.
An tSean-Róimh.
Bláth na hóige Réamhobair
Lagiolraí agus tréaniolraí
Stair mo Mhuintire.
An Tábla Peiriadach.
Na Lochlannaigh in Éirinn
Eanáir 2005 Comhrá I - Rang 1.
Leictreachas.
CRÍOSTÓIR Colambas.
Gaeilge, A-Leibhéal LÁ SCANNÁNAÍOCHTA NICILT 2015
Giotto Di Bondone Iodáil / Flórans.
Céimeanna sa Chailleadh
Éalú ó Éigeandáil Cad é a Thabharfá Leat?
An Tuismitheoir – cabhair sa teach / help in the house
Roinn na Gaeilge Coláiste Choilm
Topaic / Topic: Obair Tí / Housework
Iompar ar Tír.
Ag cabhrú timpeall an tí
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir
Cén saghas duine tú? Réamhobair
Solaid, Leachtanna agus Gáis
Fuinneamh.
Mo theaghlach Réamhobair 1
Fuaim.
Roinnt Fíricí: Ainm eile le haghaigh ‘Lá na Pancóige’ é ‘Máirt na hInide’. Ciallaionn an focal ‘Inid’ maithiúnas a thabhairt ar dhuine, inar féidir le.
Clare Sa Spéir Gearrscannán.
An Grianchóras.
Beo go Deo 2 Tearma 1: Ceacht 2
Scileanna staidéir Réamhobair 1
Crith Talún.
Seanghrianghraif.
Riospráid Cheallach: Suíomh - An Mhiteacoindre.
Cathracha na hÉireann.
3 Aonad Bhitheolaíochta mar a leagtar amach sa leabhar:
Uisce.
22:14.
Aiste Meabharghalair.
Féilte an Domhain.
Brú staidéir (múinteoir) Réamhphlé
Sléibhte agus Aibhneacha na hÉireann
Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil
Difir Poitinseal(V) Aonad Volt V
Trí Shúil an Cheamara.
Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol.
Ceacht: Aer The first slide has two options – This is the second option.
Cb.22Ríocht na bhFungais.
Iris na Scoile Réamhobair
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Presentation transcript:

Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil

Cad a tharlaíonn don dramhaíl ar fad a chaithimid amach?

Cuirtear i líonadh talún í.

Ar mhaith leatsa cónaí in aice le líonadh talún? Déanann na láithreáin líonadh talún dochar don timpeallacht. Gintear gáis nimhiúla nuair a bhíonn an dramhaíl ag lobhadh. Téann siad sin isteach san aer. Bíonn droch-chuma ar na láithreáin líonadh talún freisin. Meallann siad francaigh agus míolra eile chun na háite.

D’fhéadfaimis an méid dramhaíola a chuirimid sa líonadh talún a laghdú.

Cad is féidir leatsa a dhéanamh?

Laghdaigh ... ... an méid dramhaíola a cruthaíonn tú.

Déan a oiread rudaí agus is féidir leat a ... … athúsáid.

Déan a oiread rudaí agus is féidir leat a ... … athchúrsáil.

Laghdú? Athúsáid? Athchúrsáil? Conas is féidir é sin a dhéanamh?

LAGHDAIGH Úsáid málaí in-athúsáidte. Ná ceannaigh táirgí a bhfuil an iomarca pacáistíochta orthu. Úsáid bosca lóin seachas málaí plaisteacha. Ná ceannaigh rudaí nach féidir a athchúrsáil. Bíodh buidéal amháin agat le haghaidh deochanna.

ATHÚSÁID Úsáid dhá thaobh an leathanaigh i gcónaí agus tú ag scríobh. Athúsáid clúdaigh litreach. Cuir rudaí nach bhfuil in úsáid timpeall an tí chuig siopa carthanais – bréagáin agus éadaí, mar shampla. Ceannaigh cadhnraí in-athluchtaithe.

Déan na hearraí seo a leanas a athchúrsáil: Páipéar Plaisteach Miotail Gloine

Páipéar As adhmad den chuid is mó a dhéantar páipéar. Úsáidtear beagnach 1.3 milliún tonna de pháipéar agus de chairtchlár in Éirinn gach bliain. Páipéar is ea beagnach aon trian den dramhaíl tí. D’fhéadfaimis na milliúin crann a shábháil gach bliain dá ndéanfadh gach duine athchúrsáil ar pháipéar.

Nuair a athchúrsáiltear plaistigh, sábhálann sé spás sa líonadh talún. Plaisteach Ní lobhann plaistigh áirithe riamh agus mar sin níor chóir iad a chur sa líonadh talún. As ola agus as gás nádúrtha a dhéantar plaisteach. Is breoslaí iontaise iad gás nádúrtha agus ola. Tiocfaidh deireadh leo amach anseo. Is féidir cairpéid, frámaí fuinneoige agus lomraí a dhéanamh as plaisteach athchúrsáilte. Nuair a athchúrsáiltear plaistigh, sábhálann sé spás sa líonadh talún.

Miotail Is féidir 20 canna a dhéanamh as ábhar athchúrsáilte leis an bhfuinneamh céanna a úsáidtear chun canna úr amháin a dhéanamh. Déantar cannaí as cruach agus as alúmanam. Caithfear na miotail sin a thochailt as an talamh chun na cannaí a dhéanamh. Nuair a athchúrsáiltear miotail ní gá an oiread sin mianadóireachta a dhéanamh.

Sábháiltear breoslaí iontaise nuair a dhéantar athchúrsáil ar ghloine. Gloine Úsáidtear breoslaí iontaise chun an gloine a leá. Measctar gaineamh, aolchloch agus ábhair eile le chéile chun gloine a dhéanamh. Is gá mianadóireacht a dhéanamh chun na hábhair sin a fháil. Sábháiltear breoslaí iontaise nuair a dhéantar athchúrsáil ar ghloine.

Luíonn sé le ciall athúsáid a bhaint as a bhfuil againn cheana féin.

Laghdaigh! Athúsáid! Athchúrsáil!

Cá gcuirfidh tusa do chuid dramhaíola amach anseo?

Fíor nó Bréagach? Ráiteas Fíor Bréagach As adhmad a dhéantar plaisteach. Cuirtear dramhaíl i líonadh talún. Ní lobhann plaistigh áirithe riamh. Ní féidir páipéar a athchúrsáil. Déanann láithreáin líonadh talún dochar don timpeallacht. Úsáidtear gaineamh chun gloine a dhéanamh. Is féidir cairpéid a dhéanamh as páipéar athchúrsáilte. Úsáidtear breoslaí iontaise chun gloine a leá. Déantar cannaí as cruach agus as alúmanam.

Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo: http://www.bbc.co.uk/irish/thartorainn/ir/athchursail.shtml http://www.askaboutireland.ie/learning-zone/primary-students/3rd-+-4th-class/3rd-+-4th-class-environme/caring-for-the-environmen/reduce-reuse-recycle/

Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo: Ian Britton (www.freefoto.com) Wisconsin Department of Natural Resources, Stáit Aontaithe Mheiriceá Fashionable Notes (www.fashionablenotes.com) Íomhánna eile: Shutterstock Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1