Leictreachas.

Slides:



Advertisements
Similar presentations
Thiar I gConamara, timpeall agus trí mhíle taobh thiar de sráid bhaile bheag Chárna, tá céibh an Mhása. Is ar an gcéibh seo, ar an séú lá déag de mhí.
Advertisements

You can type your own categories and points values in this game board. Type your questions and answers in the slides we’ve provided. When you’re in slide.
Tonnta agus Tonnghluaisne (Wave Motion).
An tAer.
Solas.
An Fhrainc.
Gnáthóga.
Máirt na hInide.
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Bruscar.
Domhantarraingt.
Tútancáman.
Tá breis is 30 cineál féileacán in Éirinn.
Turasóireacht in Éirinn.
Sruth Leictreachas.
Snáithe 2: Céimseata Shintéiseach Geostiallacha & CD an Scoláire
Scoil & brú Réamhobair A. An féidir leat an leagan Gaeilge a aimsiú de na focail seo? Recession: _____________ Water safety: _____________ Rescue.
Samhain – Tugaimid chun cuimhne.
Lagiolraí agus tréaniolraí
Stair mo Mhuintire.
An Tábla Peiriadach.
Na Lochlannaigh in Éirinn
Eanáir 2005 Comhrá I - Rang 1.
Leictreachas.
Prós Garry Bannister 11/30/2018.
CRÍOSTÓIR Colambas.
Gaeilge, A-Leibhéal LÁ SCANNÁNAÍOCHTA NICILT 2015
Giotto Di Bondone Iodáil / Flórans.
Céimeanna sa Chailleadh
Éalú ó Éigeandáil Cad é a Thabharfá Leat?
An Tuismitheoir – cabhair sa teach / help in the house
Roinn na Gaeilge Coláiste Choilm
Topaic / Topic: Obair Tí / Housework
Iompar ar Tír.
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir
Cén saghas duine tú? Réamhobair
Solaid, Leachtanna agus Gáis
Fuinneamh.
Fuaim.
Roinnt Fíricí: Ainm eile le haghaigh ‘Lá na Pancóige’ é ‘Máirt na hInide’. Ciallaionn an focal ‘Inid’ maithiúnas a thabhairt ar dhuine, inar féidir le.
Clare Sa Spéir Gearrscannán.
An Grianchóras.
Beo go Deo 2 Tearma 1: Ceacht 2
An Bradán Feasa The Salmon of Knowledge.
Stair na Cumarsáide.
Crith Talún.
Seanghrianghraif.
Heorastaic.
Riospráid Cheallach: Suíomh - An Mhiteacoindre.
Sruth Leictreachas.
Cathracha na hÉireann.
Copyright © John O’Connor For non-commercial purposes only….. Enjoy!
3 Aonad Bhitheolaíochta mar a leagtar amach sa leabhar:
Uisce.
LárAonad Próiseála (LAP)
22:14.
Aiste Meabharghalair.
Prós Garry Bannister 2/23/2019.
Féilte an Domhain.
Sléibhte agus Aibhneacha na hÉireann
Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil
Difir Poitinseal(V) Aonad Volt V
Teaghráin.
Trí Shúil an Cheamara.
Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol.
Ceacht: Aer The first slide has two options – This is the second option.
Ag sealbhú Gaeilge Réamhobair 1
Cb.22Ríocht na bhFungais.
Iris na Scoile Réamhobair
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Presentation transcript:

Leictreachas

Tá leictreachas ar fáil i ngach teach in Éirinn Tá leictreachas ar fáil i ngach teach in Éirinn. Bainimid úsáid as leictreachas le cumhacht a sholáthar do ghléasanna éagsúla sa teach. Faigheann na gléasanna sin cumhacht leictreach ar dhá bhealach éagsúla: Ón bpríomhlíonra Ó chadhnraí Déantar gléasanna áirithe a phlugáil isteach i soicéid atá ceangailte leis an bpríomhlíonra. Is ó na soicéid sin a fhaigheann folúsghlantóirí, teilifíseáin, tóstaeir agus mórán gléasanna eile cumhacht leictreach. Is ó chadhnraí a fhaigheann gléasanna eile cumhacht leictreach. Bíonn cadhnraí istigh i bhfóin phóca agus i dtóirsí, mar shampla.

Déantar leictreachas a ghiniúint i stáisiúin chumhachta Déantar leictreachas a ghiniúint i stáisiúin chumhachta. Is ar shreanga a iompraítear an leictreachas ón stáisiún cumhachta go dtí na tithe agus na foirgnimh ina mbíonn sé ag teastáil. Is é an leictreachas sin atá ar fáil sna soicéid inár gcuid tithe.

Ciorcaid Sa phictiúr seo ar chlé, tá an bolgán ar lasadh mar go bhfuil leictreachas ón gcadhnra ag gluaiseacht tríd an miotal sa tsreang go dtí an bolgán agus ar ais chuig an gcadhnra arís. Nuair is féidir le leictreachas gluaiseacht amach ó chadhnra agus isteach ann arís, bíonn ciorcad slán ann. Má bhíonn briseadh sa chiorcad, ní bhíonn aon sreabhadh leictreachais ann. Níl an bolgán ar lasadh sa phictiúr seo ar dheis mar go bhfuil briseadh sa chiorcad.

Conas a dhéanfá ciorcad leis an trealamh thíos chun an bolgán a lasadh? Cró bolgáin Cadhnra Bolgán Téip leictreach Bain triail as. Sreang

Cad a tharlaíonn má bhristear an ciorcad? Seo an ciorcad. Úsáideadh an téip leictreach chun sreang amháin a ghreamú de bhun an chadhnra agus an tsreang eile a ghreamú de bharr an chadhnra. Rinneadh an ceann eile den dá shreang a ghreamú de chró an bholgáin. Briseadh sa chiorcad Cad a tharlaíonn má bhristear an ciorcad? Téann an solas as.

Úsáidimid lasca chun soilse agus nithe eile a chasadh air nó as Úsáidimid lasca chun soilse agus nithe eile a chasadh air nó as. Is éard is lasc ann ná bealach meicniúil chun ciorcad a bhriseadh nó chun ciorcad slán a dhéanamh. Nuair a bhíonn an solas air againn bíonn ciorcad slán ann. Nuair a bhrúimid an lasc ansin arís, bristear an ciorcad agus téann an solas as.

Baintear úsáid as cnaipí i gcásanna áirithe le ciorcaid a shlánú nó a bhriseadh chomh maith. Lasca is ea na cnaipí sin, mar sin.

Conas a oibríonn lasc? Déanfaimid turgnamh anois le féachaint ar an gceist sin.

Turgnamh: Lasc a chur i gciorcad Fearas Cadhnra 3 phíosa sreinge 2 cheanglóir páipéir Cairtchlár Fáiscín páipéir Bolgán Cró bolgáin Téip leictreach Cliceáil ar an nasc seo thíos chun féachaint ar fhíseán den turgnamh: https://www.youtube.com/watch?v=78avG5oVILc

Buail an fáiscín in éadan an cheanglóra eile. Cad a tharlaíonn? Modh Brúigh na ceanglóirí páipéir tríd an gcairtchlár timpeall 2 cm óna chéile. Cuir an fáiscín páipéir ar cheann de na ceanglóirí, mar atá le feiceáil anseo ar dheis. Ceangail an cadhnra, an bolgán agus an lasc dá chéile ag baint úsáid as na sreanga, mar atá le feiceáil san íomhá ar dheis. Buail an fáiscín in éadan an cheanglóra eile. Cad a tharlaíonn? Cad a tharlaíonn má bhogann tú an fáiscín amach ón gceanglóir arís? Déantar ciorcad slán agus tagann an solas air. Bristear an ciorcad agus téann an solas as.

Seo thíos pictiúr agus léaráid den chiorcad a rinneamar sa turgnamh Seo thíos pictiúr agus léaráid den chiorcad a rinneamar sa turgnamh. Úsáidtear siombailí ar an léaráid chun comhpháirteanna an chiorcaid a léiriú.

Siombailí Ciorcaid Bolgán Sreang Cadhnra Lasc Oscailte Lasc Dúnta

Meaitseáil na siombailí le comhpháirteanna an chiorcaid.

Fíor nó Bréagach? Ráiteas Fíor Bréagach Déantar leictreachas a ghiniúint i stáisiúin chumhachta. Is ó chadhnraí a thagann an leictreachas a fhaightear ó shoicéid leictreacha. Má bhíonn briseadh i gciorcad, ní bhíonn aon sreabhadh leictreachais ann. Úsáidtear lasc chun ciorcad a bhriseadh nó chun ciorcad slán a dhéanamh. Faigheann na gléasanna ar fad sa teach cumhacht leictreach ar an aon bhealach amháin. Má bhíonn ciorcad slán ann, gluaiseann an leictreachas timpeall an chiorcaid tríd an tsreang.

Gníomhaíochtaí don chlár bán le fáil ar na suíomhanna seo: http://resources.hwb.wales.gov.uk/VTC/learnpremium/electric_circuits/eng/Introduction/activity2.htm http://resources.hwb.wales.gov.uk/VTC/learnpremium/electric_circuits/eng/Introduction/activity.htm http://resources.hwb.wales.gov.uk/VTC/16022007/electricity_circuits/lesson.html

Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo: http://www.cogg.ie/wp-content/uploads/eureka-2-19.pdf http://www.andythelwell.com/blobz/guide.html http://www.hyperstaffs.info/work/physics/child/main.html

Íomhánna: Conor Fagan Christine Warner Shutterstock Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2017 An Gúm, Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2