Solas.

Slides:



Advertisements
Similar presentations
You can type your own categories and points values in this game board. Type your questions and answers in the slides we’ve provided. When you’re in slide.
Advertisements

Tonnta agus Tonnghluaisne (Wave Motion).
Solas.
An tAer.
Gnáthóga.
Níl aon Ní Le Cathal Ó Séarcaigh.
Language Work #7: ODDS & ENDS
Máirt na hInide.
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Gráinne Mhaol Ní Mháille
Bruscar.
Buntáiste an dátheangachais Réamhphlé 1
Domhantarraingt.
Leictreachas.
Tútancáman.
Tá breis is 30 cineál féileacán in Éirinn.
Turasóireacht in Éirinn.
Martin Luther King.
Snáithe 2: Céimseata Shintéiseach Geostiallacha & CD an Scoláire
Scoil & brú Réamhobair A. An féidir leat an leagan Gaeilge a aimsiú de na focail seo? Recession: _____________ Water safety: _____________ Rescue.
An tSean-Róimh.
Bláth na hóige Réamhobair
Lagiolraí agus tréaniolraí
An tSeapáin.
Stair mo Mhuintire.
An Tábla Peiriadach.
Na Lochlannaigh in Éirinn
Eanáir 2005 Comhrá I - Rang 1.
Leictreachas.
Prós Garry Bannister 11/30/2018.
CRÍOSTÓIR Colambas.
Gaeilge, A-Leibhéal LÁ SCANNÁNAÍOCHTA NICILT 2015
Giotto Di Bondone Iodáil / Flórans.
Céimeanna sa Chailleadh
Forbairt na cumarsáide
Éalú ó Éigeandáil Cad é a Thabharfá Leat?
Roinn na Gaeilge Coláiste Choilm
Topaic / Topic: Obair Tí / Housework
Iompar ar Tír.
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir
Cén saghas duine tú? Réamhobair
Solaid, Leachtanna agus Gáis
Fuinneamh.
Fuaim.
Clare Sa Spéir Gearrscannán.
An Grianchóras.
Beo go Deo 2 Tearma 1: Ceacht 2
Caibidil 18 Solas.
Crith Talún.
Seanghrianghraif.
Riospráid Cheallach: Suíomh - An Mhiteacoindre.
Cathracha na hÉireann.
3 Aonad Bhitheolaíochta mar a leagtar amach sa leabhar:
Uisce.
Aiste Meabharghalair.
Féilte an Domhain.
Pompeii.
Brú staidéir (múinteoir) Réamhphlé
Sléibhte agus Aibhneacha na hÉireann
Creatlach a chuideoidh leat an t-athrú a láimhseáil
Difir Poitinseal(V) Aonad Volt V
Trí Shúil an Cheamara.
An tEarrach Ms Feeney..
A Thig Ná Tit Orm Le Maidhc Dainín Ó Sé.
Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol.
Ceacht: Aer The first slide has two options – This is the second option.
Ag sealbhú Gaeilge Réamhobair 1
Cb.22Ríocht na bhFungais.
Iris na Scoile Réamhobair
Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.
Presentation transcript:

Solas

Cad is solas ann?

Is í an ghrian an fhoinse solais is láidre dá bhfuil againn ar domhan. Is cineál fuinnimh é an solas. Is í an ghrian an fhoinse solais is láidre dá bhfuil againn ar domhan.

Tá an ghrian lonrach. Aon rud a chuireann amach solas dá chuid féin, deirtear go bhfuil sé lonrach.

An bhfuil na nithe seo lonrach? Réaltaí Coinneal ar lasadh Lampa Tá! Cuireann siad amach solas dá gcuid féin.

An bhfuil an ghealach lonrach, meas tú? Níl. Níl solas dá cuid féin ag an ngealach. Frithchaitheann sí solas na gréine. Tá an ghealach neamhlonrach.

Aon rud nach gcuireann amach solas dá chuid féin deirtear go bhfuil sé neamhlonrach. Ní foinse solais é.

An foinsí solais iad seo? boilgeog scáthán uisce Ní hea. Frithchaitheann siad solas. Tá siad neamhlonrach.

Formhór na rudaí a fheicimid, is rudaí neamhlonracha iad. Ní chuireann siad amach solas. Ní bhíonn rud neamhlonrach le feiceáil sa dorchadas mar nach dtagann aon solas uaidh. Bíonn rudaí neamhlonracha le feiceáil i rith an lae mar go bhfrithchaitheann siad solas na gréine.

An bhfuil na rudaí seo lonrach nó neamhlonrach?

An raibh an ceart agat? Lonrach Neamhlonrach Súile cait Veist shofheicthe Réaltaí Tine Tóirse Frithchaiteoir

Más féidir rudaí a fheiceáil go soiléir trí ábhar, deirtear gur ábhar trédhearcach atá ann. Is ábhar trédhearcach í gloine. Gluaiseann solas tríthi go héasca.

Mura mbíonn ach cruth doiléir le feiceáil agus muid ag féachaint trí ábhar, deirtear gur ábhar tréshoilseach é. Is ábhar tréshoilseach í gloine scamallach. Ní ghluaiseann ach cuid den solas tríthi.

Ábhar nach féidir féachaint tríd, deirtear go bhfuil sé teimhneach Ábhar nach féidir féachaint tríd, deirtear go bhfuil sé teimhneach. Ní ghluaiseann solas trí ábhar teimhneach.

Caitheann rudaí teimhneacha scáth nuair a bhíonn solas ag lonrú orthu. Céard atá ag caitheamh scátha sa phictiúr seo?

Turgnamh: Scáth a chaitheamh Fearas Tóirse Peann luaidhe Blu-Tack Modh Cuir an peann luaidhe ina sheasamh leis an Blu-Tack. Soilsigh an tóirse ar an bpeann luaidhe chun scáth a chaitheamh. Féach leis an scáth a dhéanamh níos mó agus níos lú. An féidir leat an scáth a bhogadh ar dheis agus ar chlé? Scríobh faoin turgnamh i do leabhar oibre.

Fíor nó Bréagach? Ráiteas Fíor Bréagach Is í an ghealach an fhoinse solais is láidre dá bhfuil againn ar domhan. Bíonn coinneal lonrach agus í ar lasadh. Frithchaitheann an ghrian solas na gealaí. Tá tine neamhlonrach. Is ábhar trédhearcach í gloine. Caitheann rudaí teimhneacha scáth. Is ábhar tréshoilseach é adhmad. Ní ghluaiseann solas trí ábhar teimhneach. Frithchaitheann an ghealach solas na gréine.

Tráth na gCeist http://www.oswego.org/ocsdweb/quiz/mquiz.asp?filename=MniGhallsolas

Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo: http://www.bbc.co.uk/schools/scienceclips/ages/7_8/light_shadows.shtml http://www.bbc.co.uk/schools/scienceclips/ages/5_6/light_dark.shtml http://www.engineeringinteract.org/resources/alienattack/flash/concepts/sourcesandrays.htm http://www.engineeringinteract.org/resources/alienattack/flash/concepts/shadows.htm

Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir grianghraif ar fáil do na sleamhnáin seo: Adriana Cusinato (Gagaddict.a ar an suíomh www.flickr.com) Matthew Bowden (www.matthewbowden.com) Smithsonian Astrophysical Observatory, Stáit Aontaithe Mheiriceá Anu Varma, Seattle, Stáit Aontaithe Mheiriceá (Anu@MyDreamCanvas ar an suíomh www.flickr.com) James Smith (smittix ar an suíomh www.flickr.com) Jet Lowe, Prints & Photographs Division, Library of Congress, Stáit Aontaithe Mheiriceá Brian E. Kushner (www.kushnerphoto.com) Richard Eriksson (sillygwailo ar an suíomh www.flickr.com) Nick Ares (aresauburn™ ar an suíomh www.flickr.com) Pete Coleman (DrPete ar an suíomh www.flickr.com) Grianghraif eile: Shutterstock Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1