Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Níl aon nótaí..

Similar presentations


Presentation on theme: "Níl aon nótaí.."— Presentation transcript:

1 Níl aon nótaí.

2 An Teanga ó Bhéal Nótaí don Chomhairleoir:
Fáiltíonn an comhairleoir roimh na rannpháirtithe agus cuireann é/í féin in aithne. Nóta: Tá an dá íomhá thuas nasctha leis an suíomh gréasáin inar féidir teacht ar an dá churaclam.

3 Briseadh Oighir Dia duit! Dia‘s Muire duit! Conas atá tú?
Rogha A: Cártaí Comhrá: Scaip na cártaí comhrá oráiste/gorm ar na rannpháirtithe. (Más féidir roghnaigh na cinn is oiriúnaí don ghrúpa a bheidh os do chomhair.) Lig dóibh 5 nóiméad a chaitheamh ag comhrá agus na ceisteanna mar sprioc na cainte. Rogha B: Dictogloss: Léann an t-éascaitheoir píosa téacs, mar shampla píosa ó Bíonn ar an lucht éisteachta an méid gur féidir leo a scríobh síos. Bailigh aiseolas ón mbriseadh oighir agus cur béim ar an tábhacht a bhaineann le héisteacht mar scil cumarsáide.

4 Aidhmeanna na Ceardlainne
Go mbeidh tuiscint agat ar an gCur Chuige Cumarsáideach agus ról lárnach an mhúinteora sa cheacht teanga Go mbeidh réimse straitéisí praiticiúla agat chun tacú leat an teanga ó bhéal a mhúineadh agus a chur chun cinn ar bhealach taitneamhach cruthaitheach Go mbeidh tuiscint agat ar conas teagasc éifeachtach a phleanáil ar mhaithe le sealbhú teanga Léigh amach na haidhmeanna a bhaineann leis an gceardlann seo. Is féidir a lua go gclúdófar na rudaí seo a leanas le linn na ceardlainne: Comparáid idir Curaclam Teanga na Bunscoile agus An Curaclam Gaeilge 1999 Sealbhú v Foghlaim Teanga An Ghaeilge Neamhfhoirmiúil CLIL/ FCÁT An Cur Chuige Cumarsáideach Straitéisí Mhúineadh na Gaeilge Feidhmeanna Teanga agus Eiseamláirí Teanga Traschur Scileanna Pleanáil Measúnú na Gaeilge

5 Comparáidí idir na Curaclaim
- RAI 28/09/2012 Comparáidí idir na Curaclaim 1999 2015 Snáithe: Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Snáithe: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht Snáithaonad Gné Cuspóirí Ábhar Torthaí Foghlama Contanaim Dul chun Cinn (Mór- & Mion-chéimeanna) Treoirlínte Ábhar Tacaíochta ***** Níl gá le script chomh mionsonraithe – snáitheanna agus seo hé an téarmaíocht nua. Tábhacht ar éisteacht – Tá dhá chluas againn agus béal amháin. Is léir ó aiseolas ó scoileanna & taighde gur í éisteacht an scil is laige i scoileanna Anois déanfaimid comparáid idir an dá churaclam, Curaclam Teanga na Bunscoile agus Curaclam na Gaeilge 1999. 1. Snáitheanna I gCuraclam 1999 bhí ceithre shnáithe i gceist; Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht. Trí shnáithe atá i gceist le Curaclam Teanga na Bunscoile; Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht. Tá sé intuigthe sa Churaclam Teanga go bhfuil Éisteacht agus Labhairt nasctha in aon shnáithe amháin, An Teanga Ó Bhéal. I mbliana tosófar ar Churaclam Teanga na Bunscoile a chur i bhfeidhm ó Naíonáin go Rang a Dó. Sa scoilbhliain tosófar ar Theanga Ó Bhéal amháin. Is iontach an deis é seo chun breathnú ar an gcur chuige atá againn ó thaobh teagasc na Gaeilge, go háirithe maidir le sealbhú Teanga ó Bhéal agus an dea-chleachtas a bhaineann leis sin. Is iad an cur chuige céanna, na modhanna múinte céanna agus na straitéisí céanna a bheidh á úsáid agat agus tú ag teagasc teanga is cuma cén rang nó cén curaclam. 2. Snáithaonaid V Gnéithe Tugann Gnéithe cur síos ar an bhfoghlaim teanga atá riachtanach laistigh de na snáitheanna; tá siad ann in ionad na snáithaonaid atá i gcuraclam Tá trí eilimint ann: Caidrimh chumarsáideach a fhorbairt trí theanga Ábhar agus struchtúr na teanga a thuiscint Teanga a fhiosrú agus a úsáid. Chun tagairt dóibh go héasca, is féidir na trí ghnéithe a choimriú mar seo a leanas: (i) Cumarsáid, (ii) Tuiscint agus (iii) Fiosrú agus Úsáid. Tá Torthaí Foghlama ar leith luaite le gach Gné. Ar aon dul le curaclam 1999, tá na trí eilimintí (Cumarsáid, Tuscint, Fiosrú agus Úsáid) spleách ar a chéile (ag brath ar a chéile). 3. Cuspóirí Ábhar v Torthaí Foghlama Baintear úsáid as Torthaí Foghlama chun cur síos a dhéanamh ar an bhfoghlaim agus ar an bhforbairt teanga a bhfuiltear ag súil leo ó pháistí ag deireadh tréimhse dhá bhliain. Úsáidtear iad seo in ionad na gCuspóirí Ábhair mar a bhí i gcuraclam Baineann Torthaí Foghlama Chéim 1 le ranganna na Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha agus baineann Torthaí Foghlama Chéim 2 leis na Torthaí Foghlama do ranganna a hAon agus a Dó. 4. Contanaim Dul Chun Cinn Neamhchosúil leis an gcuraclam a bhí ann roimhe seo, tá ‘Contanaim Dul chun Cinn’ i gCuraclam Teanga na Bunscoile. Déanann siad seo cur síos go ginearálta ar na mórchéimeanna agus ar na mionchéimeanna i dturas foghlama agus forbartha an pháiste. Is féidir iad seo a úsáid in éineacht le samplaí d’obair na bpáistí chun a fháil amach cén pointe ag a bhfuil grúpaí sa bhforbairt teanga agus cé na chéad chéimeanna eile is gá a thógáil ar an turas teanga sin. Is é príomhchuspóir na gcontanam dul chun cinn ná cabhrú le heolas a sholáthar do phleanáil na múinteoirí. 5. Treoirlínte V Ábhar Tacaíochta Tá raon Ábhar Tacaíochta ar fáil freisin do mhúinteoirí in Uirlisí Úsáide Theanga na Bunscoile chun an curaclam a úsáid i scoileanna T1 and T2. Is in ionad Treoirlínte na Múinteoirí, a bhí i gcuraclam 1999, atá an tÁbhar Tacaíochta. Bíonn Treoirlínte Cleachtais, físeáin agus podchraoltaí ar fáil san ábhar tacaíochta. Beidh na hábhair tacaíochta á bhforbairt de réir a chéile. (CNCM / NCCA, 2015: 8) 5

6 Gnéithe agus Torthaí Foghlama
‘Tá sraith Torthaí Foghlama ag gabháil le gach gné, a dhéanann cur síos ar fhoghlaim thábhachtach teanga i bhfoirm coincheapanna, dearcthaí agus scileanna. Déantar iad seo (na coincheapanna, dearcthaí agus scileanna) a fhorbairt de réir mar a oireann do gach comhthéacs scoile ar leith agus do chéim foghlama gach páiste ar leith, sa chéad agus sa dá theanga araon, agus thar na trí snáitheanna. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara ag an bpointe seo, go bhfuil uimhir ag baint le gach toradh foghlama ach gur don tagairt amháin é seo. Níl sé i gceist go mbeadh ord fiúntaus ag baint leis na torthaí foghlama seo. Is ionann an scéal do mhúineadh na Gaeilge- tá na gnéithe ceangailte le torthaí foghlama, thar na trí shnáitheanna.’

7 Curaclam Teanga + Uirlisí Úsáide Teanga
Léiríonn na grafach na ceithre comhpháirt idirnasctha de churaclam teanga na bunscoile (an ceithre cheathrú ón léaráid)— Torthaí Foghlama, Contanaim Dul Chun Cinn, Ábhar Tacaíochta agus Samplaí d’fhoghlaim agus d’fhorbairt na bpáistí (féach Figiúr 1). Déanann na Torthaí Foghlama (Learning Outcomes) cur síos ar an bhfoghlaim agus ar an bhforbairt teanga a bhfuiltear ag súil leo ó pháistí ag deireadh tréimhse dhá bhliain. Déanann an Contanam Dul Chun Cinn (Progression Continua) cur síos, go ginearálta, ar na mórchéimeanna agus ar na mionchéimeanna ar thuras foghlama agus forbartha an pháiste agus é/í ag foghlaim teanga. Áirítear i measc na nÁbhar Tacaíochta (Support Materials) raon treoracha cleachtais, podchraoltaí, físeán agus gailearaithe grianghraf chun tacú le múinteoirí agus iad ag baint úsáide as Curaclam Teanga na Bunscoile do chéad teanga agus do dhara theanga na scoile. Rinne múinteoirí agus páistí na Samplaí d’fhoghlaim agus d’fhorbairt na bpáistí (Examples of children’s learning and development) agus léiríonn siad foghlaim agus forbairt teanga thar thrí shnáitheanna agus thar raon comhthéacsanna scoile. Déanfar mionscrúdú breise níos déanaí sa chur i láthair ar na ceithre comhpháirt idirnasctha seo.” Is féidir rannpháirtithe a spreagadh chun Fóin Chliste (ceann idir bheirt más gá) a úsáid chun an leagan soghluaiste ar líne de curriculumonline.ie a fhiosrú. Tabharfar cúpla nóiméad dóibh chun é seo a fhiosrú.

8 Teanga ó Bhéal Mórchéimeanna Mionchéimeanna Leathanach 63
Teanga ó bhéal - Scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Ghaeltachta. (Mairfidh an gníomhaíocht seo 30 nóiméid). Nóta don Éascaitheoir: Roinn an seomra i ngrúpaí de chúigear. Abair: Ins an tasc seo breathnóidh muid ar fhíseán de pháiste ag labhairt i scoil T1 agus pléfidh muid ceithre cheist inár ngrúpaí. Tá roinnt sainfhoclóra ag baint leis an tasc seo. Ar dtús rachaimid siar ar an sainfhoclóir atá ag teastáil. Clic 1 An chéad focal atá againn ná ‘mórchéimeanna’. Is ionann mórchéim sa Ghaeilge agus “milestones” sa Churaclam Béarla. Is céimeanna ar thuras foghlama teanga iad na mórchéimeanna. Osclaígí na leabhair ag na mórchéimeanna a – h ar lch 63. – déantar cur síos ar na mórchéimeanna ansin. Is féidir turas gach páiste, ó naíonáin shóisearacha go rang a dó, a leanúint tríd na hocht Mórchéimeanna (a-h). Tógaigí nóiméad chun iad a léamh. Cliceáil arís chun uimhir an leathanaigh a thaispeáint. Bainfidh ceist 1 leis na mórchéimeanna. [Tabhair am do na rannpháirtithe] Cliceáil faoi 3 Faoi sin, ar lgh léirítear na mionchéimeanna ar an gcontanam dul chun cinn agus baineann ceisteanna 2 & 3 ar an mbileog leis na mionchéimeanna sin. Cuidíonn na mioncéimeanna dul chun cinn leis an múinteoir an chéim ar a bhfuil teanga na bpáistí a oibriú amach agus pleanáil ansin do na céad chéimeanna eile a oireann dá bhfoghlaim. Is ionann mionchéimeanna agus progression steps sa Bhéarla. [Tabhair am do na rannpháirtithe] Ar chlé an leathanaigh taispeántar na torthaí foghlama (Cliceáil x1). Le ceist 4 beidh sibh ag díriú ar thoradh foghlama amháin agus á phlé. Cliceáil arís chun uimhreacha na leathanaigh a thaispeáint. Nóta don Éascaitheoir: Scaip na bileoga agus tabhair nóiméad dóibh le n-iad a léamh agus soiléiriú a lorg – an dtuigeann siad na ceisteanna?? Ní dhéanfar aon phlé ar cheist 4 go dtí deireadh an seisiúin. Leathanaigh

9 Snáitheanna agus Gnéithe
“Ní mór aird ar leith a thabhairt sna luathbhlianta ar an snáithe teanga ó bhéal mar gur chuid bhunúsach é d’fhorbairt na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta.” (NCCA/ CNCM 2015: 31) Cé gur snáitheanna difriúla iad Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht, déanfar iad a chomhtháthú lena chéile chomh minic agus is féidir sa cheacht Gaeilge. (NCCA/CNCM 1999: 89) Curaclam Teanga na Bunscoile (Clic 1) Mar a luadh, tá trí shnáithe agus trí ghné i gCuraclam Teanga na Bunscoile. Na snáitheanna ná: Teanga ó Bhéal, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Tá na trí ghné d’fhoghlaim teanga comhcheangailte. Tá siad ag brath ar a chéile, mar a léiríonn an Figiúr thuas. Is iad seo a leanas na gnéithe: Gnéith 1 - Caidrimh chumarsáideacha a fhorbairt tríd an teanga / Cumarsáid: Díríonn an ghné seo ar eolas agus ar thuiscint na bpáistí a fhorbairt ar an tslí ina ndéanaimid míniú a chur le chéile agus a chur in iúl inár gcaidrimh chumarsáideacha. Gnéith 2 - Tuiscint ar ábhar agus ar struchtúr na teanga / Tuiscint: Díríonn an ghné seo ar chumas páistí a fhorbairt chun téacsanna ó bhéal agus scríofa a chruthú agus caidrimh a dhéanamh go sásúil lena chéile agus iad ag baint úsáide as eolas agus as tuiscint ar ábhar agus ar struchtúr teanga a bhíonn ag éirí níos casta de réir a chéile. Gnéith 3 - Fiosrú agus úsáid teanga / Fiosrú agus Úsáid: Tugann an ghné seo tosaíocht don fhorbairt ar chumas páistí teanga a fhiosrú agus a úsáid do raon leathan cúiseanna, i seánraí éagsúla, agus le raon daoine éagsúla, iad siúd a bhfuil taithí acu agus nach bhfuil taithí acu. (Clic 2) Mar a fheictear sa tagairt seo ó Churaclam Teanga na Bunscoile ní mór aird ar leith a thabhairt don teanga ó bhéal sna luathbhlianta mar bhunús d’fhorbairt na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta sa Ghaeilge. Curaclam 1999 (Clic 3) Tá ábhar teagaisc agus foghlama an churaclaim Ghaeilge 1999 eagraithe faoi cheithre shnáithe: Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht. Tá béim an-láidir ar éisteacht agus labhairt na Gaeilge i gcuraclam 1999, ar aon dul leis an méid atá ráite faoi Churaclam Teanga na Bunscoile. Níl aon cheist faoi thábhacht na héisteachta i sealbhú teanga. Is tréimhse rí-thábhachtach é sna blianta tosaigh foghlama. Caitheann páistí óga an-chuid ama ag éisteacht le caint na ndaoine thart timpeall orthu sa tsochaí roimh go dtugann siad faoin gcaint. Déantar forbairt agus tacú ar an gcumarsáid trí léitheoireacht agus scríbhneoireacht. Cé go bhfuil na snáitheanna uilig scartha óna chéile sa dá churaclam ba chóir iad a chomhtháthú lena chéile chomh minic agus is féidir sa cheacht Gaeilge.

10 An Teanga ó Bhéal “Is í an teanga an príomh-mheán cumarsáide inphearsanta agus idirphearsanta atá againn agus is eochair í d’fhorbairt an pháiste mar dhuine.” (Curaclam Teanga na Bunscoile, 2015: 19) Sa bhliain acadúil cuirfear béim ar Theanga ó Bhéal sa Ghaeilge toisc go dtosófar ar chur i bhfeidhm na snáithe seo ó Naíonáin Bheaga go Rang a 2 mar chuid de Churaclam Teanga na Bunscoile. De bharr seo díreoidh an cheardlann seo ar an Teanga ó Bhéal amháin. Is í an Teanga Ó Bhéal bunús na cumarsáide. Déantar cur síos sa churaclam ar fhoghlaim teanga agus ar an tábhacht a bhaineann leis i bhforbairt na bpáistí. Leagtar béim ar an ról tábhachtach a bhaineann le foghlaim teanga sa bhforbairt ar scileanna eadarphearsanta agus idirphearsanta.

11 Cad í an difríocht idir foghlaim teanga agus sealbhú teanga?
Déan Machnamh Cad í an difríocht idir foghlaim teanga agus sealbhú teanga? Tabhair deis do na rannpháirtithe roinnt plé a dhéanamh bunaithe ar an gceist thuas.

12 An Teanga Ó Bhéal Sealbhú v Foghlaim
“Má fhoghlaimíonn tú teanga déanfaidh tú dearmad uirthi, ach má shealbhaíonn tú í beidh sí i do sheilbh go deo.” (Muiris Ó Laoire) The quantity and the quality of the language input have been shown to influence the speed of acquisition... The more exposure the learners have to the target language the more they will learn and the faster they will learn it. (Cummins & Ó Duibhir, 2014: 51) (Clic 1) Mar a fheiceann sibh sa sleamhnán seo d’fhéadfadh sealbhú teanga agus foghlaim teanga a bheith i gceist. Mar a deir Muiris Ó Laoire: “Má fhoghlaimíonn tú teanga déanfaidh tú dearmad uirthi ach má shealbhaíonn tú í beidh sé i do sheilbh go deo.” Mar sin, cad í an difríocht idir sealbhú teanga agus foghlaim teanga? Próiseas leanúnach atá i gceist le sealbhú teanga. Tagann forbairt ar chluas an pháiste tar éis dóibh a bheith ag éisteacht leis an teanga arís agus arís eile agus cloiseann siad botúin fiú muna bhfuil eolas acu ar an ngramadach. Ach i gcás foghlaim teanga múinteoir gnéithne áirithe go sonrach agus dá bhrí sin bíonn rialacha gramadaí ar eolas agus bíonn na páistí ábalta labhairt fúthu. Mar shampla, tá taithí againn go léir ar rialacha gramadaí, dánta, agus a leithéid, a fhoghlaim de ghlanmheabhair le haghaidh scrúdaithe. I gceann cúpla mí is minic go mbíonn dearmad déanta againn ar an bhfoghlaim sin. Cén fáth go dtarlaíonn sé seo? Is amhlaidh gur foghlaim ghearrthéarmach a bhí ann agus ní fhanann sé linn go fadtéarmach. A mhalairt atá i gceist le sealbhú. Sa chás seo téann an fhoghlaim isteach sa chuimhne fadtéarmach agus is féidir é a úsáid go huathoibríoch go deo. Tá an-tábhacht ag baint le sealbhú teanga mar sin. An cuspóir a bhíonn ag múinteoirí, mar sin, ná go sealbhóidh páistí teanga go fadtéarmach seachas í a fhoghlaim go gearrthéarmach. Mar a luaitear i dtaighde Cummins agus Ó Duibhir 2014, “The quantity and the quality of the language input have been shown to influence the speed of acquisition... The more exposure the learners have to the target language the more they will learn and the faster they will learn it.” Dá bhrí sin caithfear úsáid a bhaint as Gaeilge Neamhfhoirmiúil go mion minic agus moltar an Cur Chuige Cumarsáideach a úsáid mar mhodh chun cumas sealbhaithe teanga a fhorbairt sa dara teanga. (NCCA 2015, 1) Agus sinn ag caint faoi ‘quantity’ caithfear scileanna éisteachta agus labhartha a fhorbairt tríd an Ghaeilge a úsáid mar theanga bainistíochta ranga, ag úsáid stór leathan foclóra agus réimse leathan leaganacha/cora cainte go rialta i rith an lae, ar maidin, am rolla, am sosa, am lóin, am dul abhaile, agus trí scéalaíocht, rainn, amhráin, drámaíocht/rólimirt agus súgradh. Ag sinn ag caint faoi ‘quality’ caithfear ionchur oiriúnach cruinn, ag leibhéal cumais na bpáistí, chomh maith le deiseanna úsáide, a chur ar fáil dos na páistí go leanúnach ionas go sealbhóidh agus go n-úsáidfidh siad an teanga i gcomhthéacsanna éagsúla. Baintear úsáid as an gCur Chuige Cumarsáideach mar mhodh chun dul i ngleic leis seo. Nótaí Breise Muiris Ó Laoire Is léachtóir sinsearach é Muiris Ó Laoire a oibríonn in Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí. Tá réimse ollmhór taighde déanta aige i ngort na teangeolaíochta, an ilteangachais agus teagasc na Gaeilge. Tá an-chuid ailt agus leabhar foilsithe agus eagraithe aige ó 1999 ar aghaidh, mar shampla, ‘Multilingualism in Educational Settings’, ‘Language Education in Ireland: Current Practice and Future Needs’, ‘Teagasc na Gaeilge 7, 8 & 9’ &rl.

13 Sealbhú Teanga: An Próiseas Foghlama
Éisteacht Tuiscint Aithris Labhairt Léamh Scríobh **** Ag éisteacht agus ag tuiscint – GNF Ag éisteacht agus ag leanúint treoracha: Dún an doras, Tóg amach an lón…. Tréimhse tostach Ionchur déanta ansin tagann an aschur Samplaí a thabhairt do gach stáitse… Aithris – Mar shampla rannta, ach ní thuigeann siad iad Cá dtitfimid síos sa phróiseas seo? - aithris Chun foghlaim fadtéarmach a chinntiú caithfear smaoineamh ar an bpróiseas sealbhaithe teanga. Bíonn béim ar an éisteacht, tuiscint, aithris agus labhairt sula dtéann an páiste i ngleic leis an léamh & leis an scríbhneoireacht. Is próiseas é – mar sin ní cóir léimt ar aghaidh ró-thapa. Rud eile a chaithfimid a thuiscint mar mhúinteoirí ná an tábhacht a bhaineann le hionchur. Caithfimid a bheith cinnte go ndéanaimid neart ionchuir sula lorgaítear aschur.

14 Conas a shealbhaíonn tú teanga?
An Cur Chuige Cumarsáideach Focail/téarmaí/nathanna cainte nua a úsáid i gcomhthéacsanna nua Feasacht teanga a chur chun cinn – tabhair faoi deara, m.sh pátrúin, rím, &rl. Earráidí a ghlacadh mar chuid den phróiseas foghlama Gaeilge mar theanga bheo cumarsáide a chur chun cinn – Gaeilge sa timpeallacht Tacaíonn na modhanna seo le múinteoir agus é/í ag iarraidh sealbhú teanga a chinntiú. (Léigh an liosta leis na rannpháirtithe. Déanfar plé níos doimhne níos déanaí sa chur i láthair, féach sleamhnán 12 ar aghaidh.)

15 An Cur Chuige Cumarsáideach Cur chuige seachas modheolaíocht atá aitheanta go hidirnáisiúnta chun teanga a mhúineadh Tá trí thréimhse sa chur chuige cumarsáideach: An Tréimhse Réamhchumarsáide An Tréimhse Cumarsáide An Tréimhse Iarchumarsáide Mar a bhí le curaclam 1999, tá an cur chuige cumarsáideach molta mar chur chuige leis an dara teanga a mhúineadh.” (NCCA/CNCM 2015: 42) Is cur chuige seachas modheolaíocht atá i gceist. “Tá an foghlaimeoir lárnach sa chur chuige seo; cuirtear an phríomh-bhéim ar riachtanas cumarsáide a bheith á chomhlíonadh ag an bhfoghlaimeoir. Dírítear sa chur chuige ar bhrí agus ar theachtaireachtaí a chur in iúl, agus an múinteoir ag múnlú agus ag athúsáid na teanga i rith an lae. Cuirtear an-bhéim ar chumarsáid thaitneamhach, idirghníomhach, a bhfuil cuspóir léi, agus úsáidtear an sprioctheanga chomh luath agus chomh minic agus is féidir sa cheacht teanga. Tá an cur chuige cumarsáideach roinnte i dtrí thréimhse: an tréimhse réamhchumarsáide, an tréimhse cumarsáide agus an tréimhse iarchumarsáide.” (NCCA/CNCM 2015: 42) (Clic 1, 2, 3)

16 An Cur Chuige Cumarsáideach
An Tréimhse Réamhchumarsáide Múineadh na Teanga Spreagadh Tuiscint teanga Ionchur teanga (Foclóir, Frásaí, Foirm & Foghraíocht) Aithris & athrá Cleachtadh meicniúil An Tréimhse Réamhchumarsáide An Tréimhse Cumarsáide An Tréimhse Iarchumarsáide An Tréimhse Cumarsáide Cleachtadh na Teanga Tascanna a dhéanamh Cluichí cumarsáide Rólimirt / Drámaíocht An Tréimhse Iarchumarsáide Daingniú na Teanga Féachaint siar Botúin a cheartú Féachaint ar aghaidh I gcuraclam 1999 agus sa Churaclam Teanga tá an-bhéim ar an gcumarsáid. Bíonn an múinteoir ag súil le forbairt ar chontanam cumarsáide ó thréimhse réamhchumarsáide go tréimhse cumarsáide go tréimhse iarchumarsáide. (Clic 1) Tréimhse Réamhchumarsáide Is sa tréimhse réamhchumarsáide a dhéantar ionchur teanga. Múintear foclóir ó bhéal, feidhmeanna teanga nó struchtúir (m.sh. gramadach) atá riachtanach don tasc teanga agus cleachtar iad le réimse tacaíochtaí agus gníomhaíochtaí, ar nós athrá, ceisteanna, cluichí &rl. 2. (Clic 2) Tréimhse Cumarsáide “Baineann foghlaimeoirí úsáid as an bhfoclóir ó bhéal, feidhm teanga nó struchtúr nua (m.sh. gramadach) chun tasc cumarsáideach a chur i gcrích. Tá na tascanna seo dírithe ar an bhfoghlaimeoir agus d’fhéadfadh súgradh, cluichí teanga, drámaí, díospóireachtaí, agallaimh agus mar sin de bheith i gceist. Agus an teanga in úsáid níos minice acu, tagann forbairt ar neamhspleáchas na bhfoghlaimeoirí de réir a chéile ó thaobh an teanga nua a úsáid agus sainaithníonn an múinteoir earráidí.“ (NCCA/CNCM 2015: 42) 3. (Clic 3) Tréimhse Iarchumarsáide “Le tacaíocht an mhúinteora, daingníonn na foghlaimeoirí a gcuid foghlama agus aistríonn siad í go dtí gníomhaíochtaí eile. Féachann an múinteoir chun cinn go dtí an chéad chéim eile agus pleanálann i dtreo ionchur agus teagasc teanga amach anseo.” (NCCA/CNCM 2015: 42) Sa tréimhse iarchumarsáide téitear siar ar ábhar an cheachta, déantar anailís ar an teanga, agus ceartaítear na hearráidí nó na botúin. Tugtar seans do na páistí dul siar ar theanga an cheachta trí ghníomhaíochtaí iarchumarsáide cosúil le tasc nua, amhrán nó chluiche breise. Tasc 2: Ag úsáid na straitéisí atá luaite sa bhileog agus a gcuid taithí phearsanta féin cur liosta le chéile de straitéisí/cluichí/gníomhaíochta a chomhlíonadh na gnéithe a bhaineann le tréimhse amháin. Roinn na rannpháirtithe i trí ghrúpa agus dáil tréimhse éagsúil ar gach grúpa. © pdst 2015

17 Físeán: Eagar an Ranga agus Straitéisí
Breathnóimid anois ar ghearrthóg físe ina bhfuil múinteoir ag úsáid an cur chuige cumarsáideach. Ar leathanach *** den leabhrán tá tasc le déanamh. Caithfimid díriú ar chúpla rud anseo. ‘Séard atá le déanamh agaibh ná breathnú ar an bhfíseán agus tugaigí faoi deara cén saghas eagar ranga atá in úsáid sna tréimhsí éagsúla, ar nós Múinteoir – Rang, Múinteoir – Páiste Aonair, Páiste – Páiste, Obair Bheirte. Cuirigí tic sna boscaí cuí ar an leathanach. Chomh maith leis sin coimeádaigí súil ar na straitéisí a úsáidtear agus breac síos iad faoi na tréimhsí éagsúla ar an leathanach.

18 Eagar an Ranga Tréimhse Réamhchumarsáide Tréimhse Cumarsáide
múinteoir→ rang múinteoir→ páiste páiste→ páiste páiste →páiste múinteoir→rang Tréimhse Réamhchumarsáide spreagadh ionchur cleachtadh Tréimhse Cumarsáide páistí ag úsáid na teanga Tréimhse Iarchumarsáide dul siar treisiú leathnú Ina dhiaidh féachaint ar an bhfíseán glactar le haiseolas agus mínítear scaoileadh céimseach na freagrachta. Cad é an chéad struchtúr a thug tú faoi deara sa tréimhse réamhchumarsáide? … (Múinteoir – Rang Iomlán) Ina dhiaidh sin…. (Múinteoir – Páiste Aonair) Agus ansin… (Páiste – Páiste) Cad faoi an tréimshe cumarsáide? …. (Obair bheirte) Agus ag deireadh an ranga sa tréimhse iarchumarsáide…. (Múinteoir – Rang Iomlán) Mar a fheictear san fhíseán bhí Scaoileadh Céimseach na Freagrachta (Gradual Release of Responsibility) le feiceáil go soiléir sa chur chuige cumarsáideach. Tagann forbairt ar an bhfoghlaim nuair a bhaintear úsáid as scaoileadh céimseach na freagrachta agus athrú rólanna mar mhodheolaíocht. Ag tús an phróisis bíonn ról lárnach ag an múinteoir. Déanann an múinteoir múnlóireacht, míniú, smaoineamh ós ard, taispeáint “conas é a dhéanamh”. Úsáidtear an modh díreach chun an t-ábhar a theagasc. Ansin bíonn an múinteoir ag obair taobh leis na páistí ag cabhrú le grúpaí / páistí aonar, ag tabhairt freagraí nó leideanna. Déantar na páistí a threorú agus cuirtear scafaill ar fáil go réidh. Ina dhiaidh sin bíonn deis ag na bhfoghlaimeoirí cleachtadh neamhspleách a dhéanamh. Tugtar gníomhaíochtaí le déanamh agus tascanna le críochnú, oibríonn na páistí i ngrúpaí nó i mbeirteanna. Tugann an múinteoir aiseolas, déanann breathnóireacht agus measúnú trí géar-éisteacht agus dírbhreathnú.

19 Feidhm Teanga v Eiseamláir Teanga
Cad a chiallaíonn feidhm teanga? Cad a chiallaíonn eiseamláir teanga? Feidhm Teanga v Na hEiseamláirí Teanga Is é is ciall le feidhm teanga ná an úsáid a bhaineann duine as an teanga chun cuspóir éigin cumarsáideach a bhaint amach. Is iad na feidhmeanna teanga croílár na curaclaim Ghaeilge. Eiseamláir teanga is ea an chaint a thagann díreach ó bhéal an duine atá ag caint. Tá na Feidhmeanna Teanga Luaite ar leathanach 199 den CTB. Tá liosta de na feidhmeanna teanga a bhaineann leis an dá churaclam ar fáil sa leabhrán. Tá eiseamláirí teanga na Gaeilge san áireamh freisin.

20 Tá tú ag dul chuig an Spáinn ar saoire. Cén teanga atá ag teastáil uait?
Hola Buenos dias Buenas tardes Adiós Por favor Gracias Tugaimid cúpla nóiméad do na rannpháirtithe labhairt faoin teanga a bheadh ag teastáil agus iad ag dul ar laethanta saoire go dtí an Spáinn. Breacfar síos na na heiseamláirí teanga éagsúla ar flipchart.

21 Curaclam Teanga na Bunscoile
Na Feidhmeanna Teanga Curaclam na Gaeilge 1999 Curaclam Teanga na Bunscoile 2015 Caidreamh sóisialta a dhéanamh Réiteach le daoine eile Eolas a thabhairt agus a lorg Faisnéis a thabhairt Dul i gcion ar dhuine, nó ar dhaoine eile Dul i bhfeidhm ar iompar, ar mhothúcháin agus ar dearcadh daoine eile Rudaí a chur i gcrích Dearcadh a léiriú agus a lorg Féiniúlacht agus mothúcháin phearsanta a chur in iúl Struchtúr a chur ar chomhrá Cruthú- scéalta, cluichí, domhain nua, téacsanna nua Soiléiriú a lorg i gcomhrá An timpeallacht shóisialta agus fhisiciúil a lorg agus foghlaim fúithi Tá sé chatagóir feidhmeanna teanga i gCuraclam na Gaeilge 1999 Caidreamh sóisialta a dhéanamh Eolas a thabhairt agus a lorg Dul i gcion ar dhuine, nó ar dhaoine eile Dearcadh a léiriú agus a lorg Struchtúr a chur ar chomhrá Soiléiriú a lorg i gcomhrá Tá seacht bhfeidhm teanga luaite i gCuraclam Teanga na Bunscoile 2015 1. Rudaí a chur i gcrích.- Baintear seo amach trí fhadhbanna a réiteach, róil a imirt, ábhair a bhailiú… 2. Dul i bhfeidhm ar iompar, ar mhothúcháin agus ar dhearcadh daoine eile – Baintear seo amach trí rialacha a dhéanamh i gcluichí, ordaithe a thabhairt… 3. Réiteach le daoine eile – Baintear seo amach trí spraoi, comhráite agus plé struchtúrtha, caint i ngrúpaí, rólimirt agus cásanna substainteacha, caint ar an teileafón… 4. Féiniúlacht agus mothúcháin phearsanta a chur in iúl – Baintear seo amach trí mothúcháin a phlé go poiblí, idirghníomhú le daoine eile, caint ar ábhair spéise, athinsint agus eachtrú a dhéanamh… 5. An timpeallacht shóisialta agus fhisiciúil a lorg agus foghlaim fúithi – Baintear seo amach trí cheisteanna agus freagraí, fiosrú agus taighde, plé, agallaimh, caint thrialach, iniúchadh a dhéanamh… 6. Cruthú- scéalta cluichí, domhain nua, téacsanna nua – Baintear seo amach trí scéalta agus drámaí, rainn, dánta agus tomhais, amaidí agus imeartas focal, scéalaíocht, aithris, puipéadóireacht, amharclann na léitheoirí 7. Faisnéis a thabhairt – Tuairiscí ó bhéal, cruinnithe ranga, díospóireachtaí, nósanna imeachta, scripteanna.

22 Eiseamláirí Teanga Tá sé sin go dona! Litrigh X más é do thoil é.
Seo an chaint a thagann díreach ó bhéal an duine atá ag caint. Ní féidir leat é sin a dhéanamh! Ní bheidh mé ar scoil amárach. Beidh mé ag dul go dtí an fiaclóir ar a 10 a chlog. Tá orm imeacht! Tá sé sin go dona! Litrigh X más é do thoil é. Seo a leanas roinnt samplaí d’eiseamláirí teanga. Tá bileoga iniata sa leabhrán leis na feidhmeanna teanga agus le heiseamláirí leagtha amach dos na rang-ghrúpaí ó Churaclam 1999. Seo a leanas míniúcháin ar na samplaí thuas más gá: “Nóiméad amháin, más é do thoil é!” (Caidreamh sóisialta a dhéanamh - Aird a lorg) “Ní féidir leat é sin a dhéanamh” (Dul I gcion ar dhuine- Dúshlán duine a thabhairt) “Tá/Níl sé sin go maith /go dona.” (Dearcadh a léiriú agus a lorg-Sásamh nó mí-shásamh a léiriú) “Ní bheidh mé ar scoil amárach. Beidh mé ag dul go dtí an fiaclóir ar a 10 a chlog (Eolas a thabhairt agus a lorg - Teachtaireacht a thabhairt) “Litrigh x más é do thoil é”. (Soiléiriú a lorg i gcomhrá-Litriú a lorg) “Tá orm imeacht”. (Struchtúr a chur ar chomhrá, deireadh a chur le comhrá)

23 Na Modhanna Múinte An Modh Díreach An Modh Closlabhartha
An Modh Closamhairc Modh na Ráite Modh na Sraithe Modh na Lánfhreagartha Gníomhaí Modhanna Múinte Is éard is brí le modh múinte ná an bealach a eagraíonn an múinteoir an t-ábhar teagaisc agus foghlama agus a chuireann sé/sí i láthair na bpáistí é. Is faoi gach múinteoir atá sé modhanna múinte a roghnú agus a úsáid sa tslí a oireann dó/di, don ábhar teagaisc agus do riachtanais foghlama na bpáistí sa rang. Seo a leanas na modhanna is suntasaí ar féidir feidhm a bhaint astu: An modh díreach An modh closlabhartha An modh closamhairc Modh na ráite Modh na sraithe Modh na lánfhreagartha gníomhaí (CNCM 1999, l. 64). Cibé modh a roghaíonn an múinteoir ní mór do na páistí a bheith gníomhach san fhoghlaim agus caithfear béim a chur ar úsáid na gcéadfaí go léir. Oireann modhanna áirithe do thréimhsí éagsúla an cheachta, ach pé acu modh a úsáideann an múinteoir is í an Ghaeilge an meán teagaisc chun foclóir agus eiseamláirí na bhfeidhmeanna a mhíniú do na páistí.

24 Scéalaíocht/Cartúin/Físeáin Drámaíocht/Rólimirt /Agallaimh
Straitéisí Cluichí Teanga Scéalaíocht/Cartúin/Físeáin Bealaí ina gcuireann an múinteoir an Ghaeilge i láthair. Páistí páirteach agus ag úsáíd teanga trí ghníomhaíochtaí thaitneamhacha. Tascanna & Fadhbanna Amhráin Filíocht Rannta Dánta D’úsáid an múinteoir réimse straitéisí éagsúla san fhíseán chun na páistí a chur ag caint. Cén straitéisí a thug tú faoi deara sa tréimhse réamhchumarsáide? (Dán, cluiche tuisceana, múnlóireacht den chluiche tomhais) Cén straitéisí a thug tú faoi deara sa tréimhse cumarsáide? (Cluiche tomhais i mbeirteanna) Cén straitéisí a thug tú faoi deara sa tréimhse iarchumarsáide? (Dán) Baintear úsáid as réimse straitéisí sa cheacht - sa tréimhse réamhchumarsáide is féidir leis an múinteoir an t-ionchur teanga a dhéanamh taitneamhach agus spreagúil le cluiche nó scéal, sa tréimhse cumarsáide úsáidtear straitéisí cumarsáide cosúil le tascanna, cluichí cumarsáide nó dráma beag chun deiseanna cainte a chur ar fáil don pháiste agus ansin tugtar seans dó/di dul siar ar theanga an cheachta trí ghníomhaíochtaí iarchumarsáide cosúil le tasc nua, amhrán nó chluiche breise. Is iad na straitéisí is coitianta a úsáidtear chun cumas cumarsáide an pháiste a fhorbairt ná: (Clic do gach straitéis) Scéalaíocht / Cartúin / Físeáin Amhráin Filíocht Rannta Dánta Druileanna Drámaíocht/Rólimirt/Agallaimh Tascanna agus fadhbanna Cluichí teanga Druileanna Drámaíocht/Rólimirt /Agallaimh

25 Cluichí Teanga www.menti.com Cód: 37 94 26
(Beidh ar gach comhairleoir a mentimeter féin a chruthú chun an gníomh seo a dhéanamh.) Iarr ar na rannpháirtithe roinnt cluichí teanga/straitéisí a úsáideann siad ina seomraí ranga féin a roinnt leis an ngrúpa ag úsáid mentimeter. Is féidir leis na rannpháirtithe obair i bpéirí. Beidh gá le guthán atá ceangailte leis an idirlíon idir gach beirt chun an tasc seo a dhéanamh. Muna bhfuil teacht ar na háiseanna seo is féidir an cheist a phlé ó bhéal. Tabhair roinnt samplaí de chluichí teanga do na rannpháirtithe tar éis an phlé seo. Féach sa phacáiste Cluichí Teanga agus roghnaigh na cinn ab fhearr leat a léiriú. ****NB: An bhfuil sprioc cinnte cumarsáide leis an gcluiche teanga/ am a mheilt? Ag teacht leis na torthaí foghlama / cuspóirí ábhair? Cad é an cuspóir atá leis an gcluiche? Aon féidearthacht eile chun an cuspóir sin a bhaint amach?

26 An Ghaeilge Neamhfhoirmiúil
Ar maidin Am lóin / am Am rolla Ag dul abhaile Le linn ábhair eile *****Cad iad na hamannta i rith an lae gur féidir an Ghaeilge Neamhfhoirmiúil a shní isteach? Pléigh an tábhacht a bhaineann le Gaeilge Neamhfhoirmiúil anseo. Iarr ar na rannpháirtithe samplaí a thabhairt don Ghaeilge Neamhfhoirmiúil a úsáidtear ag na hamanna éagsúla i rith an lae atá luaite ar an sleamhnán. Ní threoracha an mhúinteora amháin atá i gceist le Gaeilge Neamhfhoirmiúil. Cuir béim ar an tábhacht a bhaineann le caint an pháiste chomh maith. Breathnaigh ar na leathnaigh sa leabhrán ina dtugtar roinnt samplaí den Ghaeilge Neamhfhoirmiúil agus dírigh ar shamplaí cainte na bpáistí chomh maith. Is féidir leis na múinteoirí trí fhrása nua a roghnú le húsáid lena ranganna sa tseachtain atá rompu.

27 CLIL (FCÁT): Phríomhthréithe (Content and Language Integrated Learning)
Béim ar an ábhar agus ar an teanga Foghlaim thascbhunaithe Deiseanna cumarsáide Réamh-mhúineadh foclóra agus téarmaíochta Idirtheanga Moltar i gcuraclam teanga na bunscoile go mbainfí úsáid as CLIL (FCÁT: Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga) mar mhodh lárnach éifeachtach i dteagasc na Gaeilge. Ach céard é CLIL? Go simplí, séard atá i gceist le CLIL ná ábhar eile nó snáithe ar leith d’ábhar, ar nós Eolaíocht, Corpoideachas, Ealaín, &rl, a mhúineadh tríd an sprioctheanga, sa chás seo an Ghaeilge. Úsáidtear CLIL go hidirnáisiúnta chun teangacha a mhúineadh, mar shampla, an tSínis san Astráil, Béarla ar fud na hEorpa agus an Fhraincis i gCeanada. Tá roinnt príomhthréithe a bhaineann le CLIL. 1. (Clic 1) Bíonn béim ar an ábhar agus ar an teanga. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gá le múineadh an ábhair agus na sprioctheanga. Bíonn cuspóirí ábhair/torthaí foghlama i gceist maidir leis an ábhar agus leis an teanga. 2. (Clic 2) Foghlaim Thascbhunaithe Tréith lárnach de cheachtanna CLIL ná go mbíonn Foghlaim Thascbhunaithe ar siúl. Mar shampla, go mbíonn ar na páistí cluiche a dhearadh bunaithe ar roinnt áiseanna atá tugtha dóibh sa ranga corpoideachais. Tugann tascanna mar seo deis do na páistí iniúchadh a dhéanamh ar an ábhar, chomh maith le deiseanna cumarsáide dílse a chruthú sa sprioctheanga. 3. (Clic 3) Deiseanna Cumarsáide: I dteannta sin, tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh deiseanna cumarsáide mar chroílár de cheachtanna CLIL. Ar nós cluiche cispheile agus na páistí ag glaoch ar a chéile as Gaeilge le linn na himeartha, nó labhairt i mbeirteanna faoi phictiúr san ealaín. 4. (Clic 4) Réamh-mhúineadh: Is gá an teanga a bheidh ag teastáil ó na páistí a mhúineadh roimh ré mar chuid den cheacht Gaeilge. Tiocfaimid ar ais chuig an pointe seo ar an gcéad sleamhnán eile. Mar sin, is Gaeilge fhoirmiúil atá i gceist le CLIL, seachas Gaeilge Neamhfhoirmiúil a úsáidtear ag amanna éagsúla i rith an lae, mar theanga bainistíochta ranga. 5. (Clic 5) Idirtheanga: Sa treoirchleachtas ar CLIL deirtear gur féidir le múinteoirí tabhairt faoi seo go céimneach. Tá sé intuigthe go mbeidh na páistí idir an dá teanga ag tús an phróisis seo agus dá bharr seo is féidir glacadh le hidirtheanga ó na páistí i gceachtanna CLIL. “Interlanguage is completely acceptable and helps understanding language structures and vocabulary.” (NCCA, 2015, CLIL)

28 Teanga CLIL Teanga an Ábhair Cad a rinne tú? Na Dathanna
Teanga Tacaíochta don Cheacht Cad a rinne tú? Cad a fheiceann tú? An maith leat? Is/Ní maith liom… Abair liom faoi do phictiúr Ceapaim… An féidir leat bándearg a dhéanamh? Na Dathanna Péint Scuab Uisce Pota Páipéar Dhathaigh mé Tharraing mé Mheasc mé Ó thaobh pleanála de, beidh tú ag pleanáil do dhá shaghas teanga éagsúil, teanga an ábhair agus teanga tacaíochta don cheacht. (Clic 1) Teanga Ábhar-Éigeantach (Content Obligatory Language- specific to the lesson) (Snow et al, 1989: 205) Is léir go bhfuil teanga ar leith a bhaineann le gach ábhar, ar nós teanga sonrach na healaíne, na heolaíochta, &rl. Caithfear an teanga seo a mhúineadh go sonrach sula gcastar isteach ar an gceacht. (Clic 2) Teanga Tacaíochta don Cheacht (Content Compatible Language – general language) Is amhlaidh go bhfuil gá le teanga chun tacú leis an bhfoghlaim agus leis an gcumarsáid. Beidh an teanga seo ag teastáil ón múinteoir agus ó na páistí. Go sonrach, séard atá i gceist ná na feidhmeanna teanga a luaitear le múineadh na Gaeilge. Mar shampla, conas ceisteanna a chur agus a fhreagairt, chun eolas a mhalartú, conas soiléiriú a lorg ar chomhrá, &rl. Beidh teanga eile a thagann chun cinn le linn an cheachta nach raibh tú ag súil leis. Tugtar teanga spontáineach ar seo.

29 Pleanáil: Curaclam na Gaeilge 1999
Téama Feidhmeanna Teanga Eiseamláirí Straitéisí Tasc Pleanála Roghnaigh téama. Roghnaigh feidhm teanga a oireann don téama. Liostaigh eiseamláirí ón bhfeidhm teanga sin. Inis cén straitéis/straitéisí go bhféadfaí a úsáid chun na heiseamláirí seo a mhúineadh. Roinntear an grúpa ina dhá leath, na múinteoirí atá ag úsáid curaclam 1999 agus na múinteoirí a bheidh ag baint úsáide as an gcuraclam nua. Beidh dhá thasc pleanála éagsúla ar siúl ag an dá ghrúpa ag brath ar an gcineál pleanála is oiriúnaí dá gcomhthéacsanna féin. Múinteoirí Rang 3-6: Bíonn cóip de na feidhmeanna teanga ag gach grúpa agus roghnaíonn siad eiseamláirí agus feidhmeanna bunaithe ar pé téama a roghnaíonn siad ag úsáid an teimpléid thuas. Is féidir na grúpaí a bhunú ar leibhéal ranganna 3-6. Beidh bileog le liosta straitéisí ar fáil do na rannpháirtithe mar thacaíocht sa tasc pleanála seo freisin.

30 Curaclam Teanga na Bunscoile
Pleanáil: Curaclam Teanga na Bunscoile Breathnaigh ar na ceisteanna sa leabhrán bunaithe ar an bpleanáil. Tosaíonn an múinteoir amach ar an dturas pleanála leis na Torthaí Foghlama ar dtús. Cad go díreach a bheidh ar eolas ag na páistí ag deireadh thréimhse teagaisc agus foghlama? Cén Mórcheim( a-h) ar a bhfuil formhór na bpáistí i mo rang? Nuair a bhíonn an Mhórchéim sainaitheanta is féidir tagairt a dhéanamh do na Mionchéimeanna Dul chun Cinn agus na chéad chéimeanna eile a shainaithint. Nuair atá an méid sin ar eolas bíonn orthu roinnt straitéisí a chabhróidh leis na páistí faoina gcúram an chéad chéim eile a bhaint amach.

31 Cad é ról an mhúinteora i dtaobh na Gaeilge?
Déan Machnamh Cad é ról an mhúinteora i dtaobh na Gaeilge? Tabhair deis do na rannpháirtithe roinnt plé a dhéanamh bunaithe ar an gceist thuas.

32 Ról an Mhúinteora Ról an Mhúinteora Líofacht, Saibhreas & Cruinneas
Spreagadh/ Suim a Mhúscailt Timpeallacht Shaibhir a Chruthú Príomh-Acmhainn Gaeilge Líofacht, Saibhreas & Cruinneas Pleanáil, Múineadh, Foghlaim & Measúnú Traschur Scileanna Feasacht Chultúrtha Ról an Mhúinteora Mar dul siar ar an méid atá pléite sa cheardlann seo déanfaimid plé ar ról an mhúinteora ó thaobh teagaisc na Gaeilge anois. Spreagadh / Suim a Mhuscailt Tá foighne, fuinneamh agus scil ag teastáil chun teanga nua a chur i láthair i gcomhthéacs don pháiste. Is gá smaoineamh ar bhealaí le cumarsáid a dhéanamh leis an dalta. Caithfidh an múinteoir úsáid a bhaint as raon straitéisí éagsúla a chuirfidh deiseanna maithe ar fáil chun rath a bhaint amach sa churaclam agus chun inniúlacht sa teanga a chinntiú. Tá freagracht faoi leith ag an múinteoir na páistí a spreagadh agus a suim a mhúscailt sa teanga. Déantar é seo sa tréimhse réamh-chumarsáide den cheacht. I gcás Gaelscoileanna is trí dhea-shampla agus trí dhea-chleachtas a ghlacfaidh na páistí le polasaí na Gaeilge. Chuige sin beidh múinteoirí le cloisteáil ag úsáid na Gaeilge i ngach gné den lá scoile taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga, eatarthu féin, le páistí agus le haon duine fásta eile a thagann chun na scoile. Timpeallacht Shaibhir a Chothú Tá sé an-tábhachtach go mbeadh timpeallacht shaibhir ar fáil a ghríosann na páistí chun plé agus cómhrá a dhéanamh, m.sh. póstaeir le lipéid, prionta timpeall an tseomra ranga, fógraí gairide faoi shaol an tseomra ranga, ainmneacha na bpáistí, fógraí, (Cúinne na leabhar, Nímid ár lámha), pictiúrleabhair sa leabharlann, úrscéalta, cluichí teanga agus araile. Is féidir cumarsáid a bhunú ar théacsanna atá cumtha ag na páistí féin faoina saoil féin, m.sh. a nuacht phearsanta. Príomh-acmhainn Gaeilge / Dea-shampla Is é/í an múinteoir an phríomhacmhainn Ghaeilge, an príomhchainteoir líofa i ndomhan an pháiste ar scoil. Is é an oide a chabhraíonn le líofacht a chothú sa pháiste. De réir mar a fhaigheann na daltaí máistreacht ar an teanga agus mar a insealbhaíonn a gcomhdhaltaí an teanga ní bhíonn an t-ualach oibre chomh trom ar an múinteoir. (Dea-shampla do na páistí) Líofacht, Saibhreas agus Cruinneas a Chothú – Cur Chuige Cumarsáideach Cabhraíonn ionchur an mhúinteora go mór le forbairt Gaeilge sna páistí. Tá sé an-tábhachtach go labhródh an múinteoir go nádúrtha. Bíonn gá le foclóir sách casta agus caithfidh an chaint a bheith cruinn ó thaobh na gramadaí agus ó thaobh fuaimniú de. D’fhéadfadh caint shimplithe ón oide cosc a chur le dul chun cinn an pháiste. Is trí mheán na Gaeilge amháin a thabharfar gach míniú, soiléiriú agus sainmhíniú focal sa cheacht Gaeilge, nó i ngach ábhar i gcomhthéacs an tumoideachais. Pleanáil, Múineadh, Foghlaim agus Measúnú Is próiséas ciorclach é pleanáil, múineadh, foghlaim agus measúnú na Gaeilge agus is cuid lárnach den phróiseas sin an measúnú. Is féidir leis an múinteoir measúnú a dhéanamh go leanúnach ar chumas tuisceana agus cumarsáide an linbh agus ansin a c(h)uid múinteoireachta a pleanáil ar bhonn an eolais a fhaigheann sé/sí ón measúnú sin. Nuair a bhíonn páistí ag obair i mbeirteanna nó i ngrúpaí bíonn deis ag an múinteoir measúnú neamhfhoirmiúil a dhéanamh ar Ghaeilge labhartha na bpáistí. Traschur Scileanna Tá neart scileanna inaistrithe ó theanga amháin go teanga eile sna trí shnáithe. Is ceann de phríomh-thréithe den Curaclam Teanga iad na scileanna inaistrithe seo. Déanfar plé níos doimhne ar an traschur seo níos déanaí sa cheardlann. Feasacht Teanga agus Chultúrtha Is é is brí le feasacht teanga ná aire agus tuiscint an pháiste a dhíriú ar an nGaeilge, ar phatrúin éagsúla laistigh den Ghaeilge féin, agus ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí atá idir an Ghaeilge agus an Béarla agus idir an Ghaeilge agus teangacha eile “Tá sé tábhachtach go mbeadh deiseanna ag na páistí cur lena bhfeasacht ar chultúr na hÉireann.” (NCCA/CNCM, 2015: 42)

33 Aidhmeanna na Ceardlainne
Go mbeidh tuiscint agat ar an gCur Chuige Cumarsáideach agus ról lárnach an mhúinteora sa cheacht teanga Go mbeidh réimse straitéisí praiticiúla agat chun tacú leat an teanga ó bhéal a mhúineadh agus a chur chun cinn ar bhealach taitneamhach cruthaitheach Go mbeidh tuiscint agat ar conas teagasc éifeachtach a phleanáil ar mhaithe le sealbhú teanga Mar dul siar féach an bhfuil aidhmeanna na ceardlainne bainte amach.

34 Tagairtí CNCM/NCCA, 2015, Curaclam Teanga na Bunscoile, An Roinn Oideachais, BÁC CNCM/NCCA, 2007, Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do Mhúinteoirí, An Roinn Oideachais, BÁC CNCM/NCCA, 1999, Curaclam na Gaeilge, An Roinn Oideachais, BÁC CNCM/NCCA, 1999, Treoirlínte do Mhúinteoirí: Gaeilge, An Roinn Oideachais, BÁC Cummins & Ó Duibhir, 2012, I dTreo Curaclam Comhtháite, CNCM/NCCA, BÁC

35 An Teanga ó Bhéal Nótaí don Chomhairleoir:
Cuirtear críoch leis an seisiún agus scaipfear na bileoga aiseolais anois. Nóta: Tá an dá íomhá thuas nasctha leis an suíomh idirlín inar féidir teacht ar an dá churaclam, má tá tuilleadh eolais ag teastáil ó na rannpháirtithe.

36 Níl aon nótaí.


Download ppt "Níl aon nótaí.."

Similar presentations


Ads by Google