Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil.

Similar presentations


Presentation on theme: "Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil."— Presentation transcript:

1 Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil

2 Cad a tharlaíonn don dramhaíl ar fad a chaithimid amach?

3 Cuirtear i líonadh talún í.

4 Ar mhaith leatsa cónaí in aice le líonadh talún?
Déanann na láithreáin líonadh talún dochar don timpeallacht. Gintear gáis nimhiúla nuair a bhíonn an dramhaíl ag lobhadh. Téann siad sin isteach san aer. Bíonn droch-chuma ar na láithreáin líonadh talún freisin. Meallann siad francaigh agus míolra eile chun na háite.

5 D’fhéadfaimis an méid dramhaíola a chuirimid sa líonadh talún a laghdú.

6 Cad is féidir leatsa a dhéanamh?

7 Laghdaigh ... ... an méid dramhaíola a cruthaíonn tú.

8 Déan a oiread rudaí agus is féidir leat a ...
… athúsáid.

9 Déan a oiread rudaí agus is féidir leat a ...
… athchúrsáil.

10 Laghdú? Athúsáid? Athchúrsáil?
Conas is féidir é sin a dhéanamh?

11 LAGHDAIGH Úsáid málaí in-athúsáidte.
Ná ceannaigh táirgí a bhfuil an iomarca pacáistíochta orthu. Úsáid bosca lóin seachas málaí plaisteacha. Ná ceannaigh rudaí nach féidir a athchúrsáil. Bíodh buidéal amháin agat le haghaidh deochanna.

12 ATHÚSÁID Úsáid dhá thaobh an leathanaigh i gcónaí agus tú ag scríobh.
Athúsáid clúdaigh litreach. Cuir rudaí nach bhfuil in úsáid timpeall an tí chuig siopa carthanais – bréagáin agus éadaí, mar shampla. Ceannaigh cadhnraí in-athluchtaithe.

13 Déan na hearraí seo a leanas a athchúrsáil:
Páipéar Plaisteach Miotail Gloine

14 Páipéar As adhmad den chuid is mó a dhéantar páipéar.
Úsáidtear beagnach 1.3 milliún tonna de pháipéar agus de chairtchlár in Éirinn gach bliain. Páipéar is ea beagnach aon trian den dramhaíl tí. D’fhéadfaimis na milliúin crann a shábháil gach bliain dá ndéanfadh gach duine athchúrsáil ar pháipéar.

15 Nuair a athchúrsáiltear plaistigh, sábhálann sé spás sa líonadh talún.
Plaisteach Ní lobhann plaistigh áirithe riamh agus mar sin níor chóir iad a chur sa líonadh talún. As ola agus as gás nádúrtha a dhéantar plaisteach. Is breoslaí iontaise iad gás nádúrtha agus ola. Tiocfaidh deireadh leo amach anseo. Is féidir cairpéid, frámaí fuinneoige agus lomraí a dhéanamh as plaisteach athchúrsáilte. Nuair a athchúrsáiltear plaistigh, sábhálann sé spás sa líonadh talún.

16 Miotail Is féidir 20 canna a dhéanamh as ábhar athchúrsáilte leis an bhfuinneamh céanna a úsáidtear chun canna úr amháin a dhéanamh. Déantar cannaí as cruach agus as alúmanam. Caithfear na miotail sin a thochailt as an talamh chun na cannaí a dhéanamh. Nuair a athchúrsáiltear miotail ní gá an oiread sin mianadóireachta a dhéanamh.

17 Sábháiltear breoslaí iontaise nuair a dhéantar athchúrsáil ar ghloine.
Gloine Úsáidtear breoslaí iontaise chun an gloine a leá. Measctar gaineamh, aolchloch agus ábhair eile le chéile chun gloine a dhéanamh. Is gá mianadóireacht a dhéanamh chun na hábhair sin a fháil. Sábháiltear breoslaí iontaise nuair a dhéantar athchúrsáil ar ghloine.

18 Luíonn sé le ciall athúsáid a bhaint as a bhfuil againn cheana féin.

19 Laghdaigh! Athúsáid! Athchúrsáil!

20 Cá gcuirfidh tusa do chuid dramhaíola amach anseo?

21 Fíor nó Bréagach? Ráiteas Fíor Bréagach
As adhmad a dhéantar plaisteach. Cuirtear dramhaíl i líonadh talún. Ní lobhann plaistigh áirithe riamh. Ní féidir páipéar a athchúrsáil. Déanann láithreáin líonadh talún dochar don timpeallacht. Úsáidtear gaineamh chun gloine a dhéanamh. Is féidir cairpéid a dhéanamh as páipéar athchúrsáilte. Úsáidtear breoslaí iontaise chun gloine a leá. Déantar cannaí as cruach agus as alúmanam.

22 Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:

23 Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo: Ian Britton ( Wisconsin Department of Natural Resources, Stáit Aontaithe Mheiriceá Fashionable Notes ( Íomhánna eile: Shutterstock Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1


Download ppt "Laghdaigh Athúsáid Athchúrsáil."

Similar presentations


Ads by Google