Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Domhantarraingt.

Similar presentations


Presentation on theme: "Domhantarraingt."— Presentation transcript:

1 Domhantarraingt

2 An bhfanfaidh an buachaill seo in airde?

3 Ní fhanfaidh! Tiocfaidh an buachaill anuas mar go bhfuil an domhantarraingt ag dul i bhfeidhm air.

4 Cad is domhantarraingt ann?

5 Is fórsa í an domhantarraingt
Is fórsa í an domhantarraingt. Gach uair a chaithimid liathróid san aer, tarraingíonn an domhantarraingt anuas í. Ní thiteann aon rud in airde riamh.

6 Is fórsa dofheicthe í an domhantarraingt.
Tarraingíonn sí rudaí i dtreo an domhain i gcónaí. Ní bhrúnn sí aon rud amach ón domhan riamh.

7 Murach an domhantarraingt, bheimis ar foluain san aer.

8 Coimeádann an domhantarraingt
tusa ar do chathaoir agus do pheann luaidhe ar do dheasc. Coimeádann an domhantarraingt gach rud ar an domhan.

9 Isaac Newton Eolaí cáiliúil ba ea Isaac Newton. Fuair sé bás timpeall 300 bliain ó shin.

10 Bhí Isaac Newton ina shuí faoi chrann úll lá
Bhí Isaac Newton ina shuí faoi chrann úll lá. Thit úll den chrann agus bhuail sa cheann é. Thosaigh Newton ag machnamh ar an gcúis a dtiteann rudaí. Thuig sé ón machnamh sin go raibh fórsa ann a tharraingíonn gach rud i dtreo an domhain. Tugaimid ‘domhantarraingt’ ar an bhfórsa sin.

11 Galileo Galilei Dúirt eolaí eile darbh ainm Galileo go dtiteann rudaí a bhfuil an cruth céanna orthu ar an ráta céanna, fiú mura bhfuil an meáchan céanna iontu. An raibh an ceart aige, meas tú?

12 Tástáil teoiric Galileo.
An dtiteann rudaí a bhfuil an cruth céanna orthu ar an ráta céanna, fiú mura bhfuil an meáchan céanna iontu?

13 Turgnamh: Teoiric Galileo a thástáil
Fearas Tráidire miotail Liathróid spúinse agus liathróid leadóige (agus iad thart ar an méid chéanna) Bord

14 Modh Cuir an tráidire ar an talamh in aice leis an mbord. Cuir an dá liathróid ar imeall an bhoird. Lig don dá liathróid titim ón mbord ag an am céanna. Cé acu a bhuailfidh an tráidire ar dtús? Tuar.

15 Céard a tharla? Bhuail an dá liathróid an tráidire ag an am céanna. Bhí an ceart ag Galileo!

16 Triail péirí éagsúla rudaí chun an teoiric a thástáil: dhá bhosca, mar shampla, atá ar cóimhéid ach a bhfuil meáchan éagsúil iontu.

17 Fíor nó Bréagach? Ráiteas Fíor Bréagach Meicneoir ba ea Isaac Newton.
Is fórsa í an domhantarraingt. Titeann rudaí mar go bhfuil an domhantarraingt ag dul i bhfeidhm orthu. Brúnn an domhantarraingt rudaí amach ón domhan. Murach an domhantarraingt bheimis ar foluain san aer. Chruthaigh Galileo go raibh fórsa ann a tharraingíonn gach rud i dtreo an domhain. Ní thiteann aon rud in airde riamh.

18 Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:

19 Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo: The National Portrait Gallery, Londain, An Ríocht Aontaithe ( The National Maritime Museum, Greenwich, An Ríocht Aontaithe ( Íomhánna eile: Shutterstock Léaráidí: Christine Warner Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1


Download ppt "Domhantarraingt."

Similar presentations


Ads by Google