Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

foghlaim agus forbairt

Similar presentations


Presentation on theme: "foghlaim agus forbairt"— Presentation transcript:

1 foghlaim agus forbairt
OSIE: Stair Fáilte, Mé Féin agus cúramaí ginearálta: Fáilte a chur roimh mhúinteoirí go dtí an seimineár Eolas Pearsanta a thabhairt – Ainm, Scoil srl Bealaí Éalaithe a thaispeáint Rollaí agus foirmeacha taistil más gá Foirmeacha do Shaoire Máithreachais, Iasacht Scoile, Post á Roinnt srl. Primary Curriculum Support Programme foghlaim agus forbairt Róisín Ní Niadh OSIE (STAIR)

2 Inseirbhís 2005 - 2006 7 lá scoile dúnta Stair Tíreolaíocht
1 seimineár 1 lá scoil-bhunaithe Tíreolaíocht Corpoideachas SPFS 1 lá Tugann an sleamhnán seo foramharc ar phleanáil inseirbhíse don bhliain reatha seo OSIE (STAIR)

3 Clár Ama 9.00 - 10.45 Seisiún 1 10.45 - 11.00 Tae agus Caife
Seisiún 1 Tae agus Caife Seisiún 2 Lón Seisiún 3 3.00 Slán Abhaile Beidh 3 sheisiún i seimineár an lae inniu Sa chéad seisiún beidh foramharc le fáil ar ábhar an churaclaim Staire Sa dara seisiún díreofar go speisialta ar an timpeallacht áitiúil Sa triú seisiún beimid ag díriú ar ról na scéalaíochta sa churaclam Staire I ngach ceann de na 3 seisiúin beimid ag díriú ar na modheolaíochtaí a bhaineann go dlúth leis an gcuraclam Staire. Beimid á gceangal le gníomhaíochtaí. Ag deireadh an lae freisin beidh treoirlínte ar fáil do lá pleanála na Staire a bheidh agaibh sa scoil. So let’s start working as an historian OSIE (STAIR)

4 Cur chuige agus modheolaíochtaí
Foramharc Cur chuige agus modheolaíochtaí Seisiún 1 Seisiún 2 Seisiún 3 Déantúsáin a Úsáid Fianaise Béil Scéalaíocht Stair Phearsanta agus Stair Clainne Ag baint leasa as an timpeallacht Drámaíocht agus Rólghlacadh Fianaise Fháisnéiseach Pictiúir agus Grianghraf TEC DÉAN TAGAIRT DO NA MODHEOLAÍOCHTAÍ AGUS NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIBRE Bain úsáid as an ngreille chun na gníomhaíochtaí a úsáideamar sa seisiún seo a chur taobh leis an mhodheolaíocht cuí. Ná déan dearmad gur é seo an cuntas pearsanta a bheidh agat ar a mbeidh á dhéanamh againn i rith an lae. Bain taitneamh as an gcaifé! OSIE (STAIR)

5 Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta
Tíreolaíocht Tuiscint ar áit agus ar spás Scileanna iniúchaidh tíreolaíochta Stair Ag obair mar staraí Forbairt ar Scileanna agus ar Choincheapanna Stairiúla Eolaíocht Ag Obair go hEolaíoch Dearadh agus déanamh Is cuid den Churaclam OSIE í an stair – tá an Tíreolaiocht agus an Eolaíocht mar chuid den OSIE freisin Tá an réamhrá céanna sna 3 ráitis churaclaim toisc an comh-cheangal atá eatarthu. Beimid ag plé inniu leis an sainábhar ar leith a bhaineann leis an Stair. Conas mar a thabharfaimid faoi seo? OSIE (STAIR)

6 Ag Úsáid Déantúsán OSIE (STAIR)
Ábhair a bheidh ag teastáil don Ghníomhaíocht ar Dhéantúsán: Réimse déantúsán : 9 gcárta iarsmalainne folamh Bord a bheidh in úsáid mar sheimineár ‘iarsmalainne’ Bratach lannach a deir ‘Iarsmalann’ Modh: Bailigh le chéile réimse déantúsán (5) gus lipéid orthu don iarsmalann Sula dtosaíonn an Seimineár bíonn an Oiliúnóir tar éis Déantúsán a fhágáil ar gach bord agus iad clúdaithe le héadach (déantúsán amháin idir gach ceathrar). Tá léiriú ar dhéantúsáin éagsúla le feiceail ar an scáileán. Deir an t-oiliúnóir leis na múinteoirí go bhfuil déantúsán curtha i bhfolach faoin éadach ag gach bord. Agus go bhfuiltear ag súil le fiosrú a dhéanamh orthu. Déan tagairt don Eiseamláir Treoirlínte do Mhúinteoirí (lth ) Plé Gníomh-bhunaithe – Éifeachtach do Pháistí le Riachtanais Fhoghlama Tugann déantúsáin léiriú ar churaclam cothram leathan – idirnáisiúnta srl Meas ar chlisteacht dhaoine san am atá thart OSIE (STAIR)

7 Ag Úsáid Déantúsán Féach ar an earra Scrúdaigh go géar é
Déan é a láimhseáil agus a mhothú Déan lipéad a chruthú don déantúsán seo mar a bheadh déanta dar leat ag an gcoimeádaí Iarrtar ar mhúinteoirí féachaint ar a ndéantúsán le cabhair sleamhnáin. Díríonn an t-oiliúnóir aird na múinteoirí ar na treoir atá le fáil ar an sleamhnán, ag rá leo gur mar seo a dhéanfaidh siad ar chomhaireamh a trí nuair a dhéanann siad an clúdach a bhaint dá ndéantúsán. Tugann an t-oiliúnóir an nod an ‘brat a bhaint’ agus bíonn nóiméad ag an múinteoir chun a bhfuil thuas a dhéanamh. Féach ar an earra Scrúdaigh go géar é Déan é a láimhseáil agus a mhothú (Pléigh na gnéithe fisiceacha, comhdhéanamh, cuspóir agus dearadh. Smaoinigh ar na daoine a rinne e agus a úsáid é). FAN TAMAILL SULA LÉIRÍONN TÚ AN POINTE DEIREANNACH Tabhair cead do gach grúpa lipéad a chruthú dá ndéantúsán – pointí, pictiúr, cur síos Éist lena bhfuil le fáil mar aischothú OSIE (STAIR)

8 Cad is déantúsán ann? “ Déantúsán stairiúil é aon rud a bhí in úsáid ag daoine san am atá thart ar chúiseanna praiticiúla nó aeistéítiúla agus a tháinig slán.” Teacher Guidelines: P 81 Insíonn an t-oiliúnóir gur é is déantúsán ann ná rud atá: Chomh beag le biorán nó chomh mór le foirgneamh 2 bhliain nó 2000 bliain d’aois Ta rannóg sna treoirlínte a dhéanann cur síos ar úsáid déantúsán mar is é seo ceann de na modheolaíochtaí agus den chur chuige atá molta don Stair. DÉAN TAGAIRT DO NA DOICIMÉID: l. 81, 82 Ag Úsáid Déantúsán l. 83, 84 Eiseamláir 11; Ag Iniúchadh Earra l. 85 Creat. Léiríonn sé seo creat le déantúsáin stairiúla a scrúdú agus a chur i bhfeidhm le rang. p. 86 Eiseamláir 12 Gníomhaíochtaí agus Déantúsáin Is ceann de na naoi phríomh-mhodheolaíochtaí don churaclam Staire é déantúsáin a úsáid. Beidh gach ceann de na naoi gcinn inúsáid againn i rith an lae. Tá bileog agam anseo leis na naoi modheolaiochtaí liostáilte. SCAIP NA BILEOGA Déanfaimid tagairt don bhileog tar éis gach gníomhaíocht agus cuirfimid i bhfeidhm é ar an mhodheolaíocht a bhíonn in úsáid againn. Cuideoidh sé seo leat cuimhneamh ar na gníomhaíochtaí nuair a bhíonn an lá pleanála scoile ar siúl. Molann an curaclam go ndéanfaimís iarsmalainne a chruthú Ceann de chuspóirí churaclaim an Bhéarla ná go mbeadh feidhm ar leith ag baint le scríbhneoireacht na bpáistí Gníomhaíocht an éasca í seo le hidirdhealú a dhéanamh inti – féach ar na hearraí a úsáideamar inniu Déan comhthathú idir lipéid iarsmalainne a scríobh agus an cuspóir seo don ábhar sa Churaclam Béarla The child should be enabled to: write in a variety of genres; write for a particular purpose and with a particular purpose in mind. Iarrann an t-oiliúnóir ar na múinteoirí ar chuir aon cheann de na déantúsáin ionadh orthu. Ar shíl siad go gcaithfeadh déantúsán a bheith an-sean? Ar chuir sé ionadh gur úsáideadh gnáth-earraí/ nithe pearsanta ar dhéantúsáin? OSIE (STAIR)

9 Cad é an Stair? Agus cén bhaint atá aige seo go léir leis an Stair?
Féachaimís anois céard is brí le Stair Acmhainne: Billeoga le ráitis orthu (4 ráiteas ar gach billeog) Paca cártaí lamanáilte le ráitis orthu Paca cártaí lamanáilte le dáta, pictiúir srl. Réamhrá Déanfaidh an t-oiliúnóir na nithe a dháileadh amach - ceann idir gach beirt . Tá cheithre ráiteas cáiliúil faoi Stair ar gach billeog. Glac cúpla nóiméad chun na ráitis a léamh agus féach cé acu is fearr a léiríonn do thuiscint ar an Stair. Ar mhaith le haon duine an ráiteas a roghnaigh siad a léamh amach? Ar mhaith le haon duine tagairt don ráiteas? An aithníonn sibh aon cheann acu? An bhfuil aon cheann nach n-aontaíonn sibh leo? An bhfuil sainmhíniú níos fearr ar an Stair ag aon duine? Táimid tar éis a bheith ag plé CÉARD É AN STAIR. Féachaimís céard atá le rá sa déantúsán seo faoin ábhar (AN SEAN CHURACLAM) Tá se spéisiúil na nithe atá athraithe agus na nithe nár athraigh a thabhairt faoi deara. Chuir sé ionadh orm féin agus mé ag féachaint ar na príomhtheachtaireachtaí gur beag athrú a tharla idir an dá churaclam. An difríocht is mó ná fáil a bheith ar níos mó eiseamláirí, réimse modheolaíochtaí níos leithne agus níos mó tacaíochta a bheith ar fáil sna doiciméid. Céard iad na príomh-theachtaireachtaí? Gníomhaíocht Beidh cluiche maitseála againn anois ag baint úsáide as na ráitis. Tá 2 chuspóir ag baint leis an gcluiche seo. Teastaíonn uainn ar dtús an ráiteas a cheangal leis an té a dúirt é. Teastaíonn uainn freisin ord croineolaíochta a chur leis na ráitis agus úsáid á baint againn as leideanna. Tabharfaidh mé cárta do gach duine. Ar an gcárta a bheidh agat beidh ráiteas nó beidh ainm duine agat maraon le dátaí a bhaineann leis/léi agus pictiúr-nod. Caithfidh tú an cárta a ghabhann le do chárta féin a aimsiú – ag meatseáil an ráitis leis an té a dúirt Caithfidh tú ansin líne ama a dhéanamh go fisiciúil agus tú ag breith ar do chárta ionas go mbeidh na dátaí ar na cártaí in ord croineolaíochta. Úsáid dáta breithe an duine mar threoir. ACH níl cead cainte agus tú ag tabhairt faoi seo! Tabhair amach na cártaí. (Deimhnigh go mbeidh siad réitithe agat in oiriúint don líon rannpháirtithe atá ós do chomhair) Is féidir le seiceamh earraí agus pictiúir agus úsáid línte ama an-ról a imirt i bhforbairt na tuisceana ar an gcroineolaíocht agus ba chóir a leithéid a úsáid ag léibhéil uile na bunscolaíochta. (TM l. 8) Obair ar-lean Oscail na treoirlínte ar l.2 agus féach cén sainmhíniú a tugtar sa churaclam ar Stair. Dírigh aird an ghrúpa ar an ngearrchuntas sa chló iodálach ag taobh leathanaigh 2. Dírigh aird an ghrúpa ar na heochair-phointí ar leathanach 3. Cruthaíonn an curaclam staire deiseanna do pháistí tuiscint chothrom leathan d’fháil ar an stair áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta trí staidéar a dhéanamh ar dhaoine, ar imeachtaí agus ar thréimsí ama (ábhar) agus ag an am céanna ag déanamh forbairt agus cleachtadh ar scileanna iniúchaidh na staire a bhaineann le ham, croineolaíocht, cúis agus iarbhairt, athrú agus leanúnachas, fianaise a úsáid, sintéisiú agus cur in iúl agus ionbhá (scileanna) Féachaimís anois ar an bhForamharc ar an ábhar OSIE (STAIR)

10 History will be kind to me for I intend to write it.
It is the soothing thing about history that it does repeat itself. Gertrude Stein History is a pack of lies about events that never happened told by people who weren't there. George Santayana Those in power write the history, those who suffer write the songs. Frank Harte Cad é an Stair? History will be kind to me for I intend to write it. Winston Churchill History is the version of past events that people have decided to agree upon. Napoleon Bonaparte OSIE (STAIR)

11 Stair….. ……Ní hé atá sa stair scéal an ama atá imithe ach an iarracht a dhéanaimid na gnéithe den am atá imithe a bhfuil spéis againn iontu a chur le chéile arís agus a léirmhíniú.” OSIE Curaclam Staire lth 6 DÉAN TAGAIRT DO Threoirlínte na Múinteoirí lth.2-3 Céard iad na príomh-theachtaireachtaí? OSIE (STAIR)

12 Na Príomh-Theachtaireachtaí
Úsáid na timpeallachta Naíonáin go Rang 6 Réimsí cur chuige agus modheolaíochtaí An chothromaíocht idir eolas agus scileanna An curaclam bíseach Naíonáin go Rang 6 Tosaíonn an curaclam Staire i ranganna na naíonán agus an leanbh ag déanamh iniúchadh ar a stair pearsanta agus stair na clainne. Bhí léiriú ar seo leis an mbréagán sa ghníomhaíocht ar dhéantúsáin. An curaclam bíseach Tá an curaclam bunaithe ar chur chuige bíseach mar a ndéantar gnéithe den saol atá thart a iniúchadh ar bhealaí níos doimhne maidir le hábhair, scileanna agus coincheapanna de réir mar a bhogann an dalta ó rang go rang. Ag obair mar staraí Tríd an gcuraclam éireoidh leis an leanbh scileanna an staraí a fhorbairt. Ceann de na scileanna seo ná fianaise a úsáid ar feidir forbairt a dhéanamh air trí úsáid a bhaint as gníomhaíocht na ndéantúsán. Breathnóimid ar na scileanna de réir mar a leanaimid ar aghaidh. Pearsanta, áitiúil, náisiúnta, idirnáisiúnta De réir mar a fhásann an leanbh, díríonn fócas an churaclaim ón bpearsanta go háitiúil go náisiúnta go hidirnáisiúnta – ach ní scaoiltear le haon cheann acu seo. Bhí an réimse déantúsan a úsáideamar inniu ag teacht leis seo. Gnáthshaoil laethúla Leagtar beim sa churaclam Staire ar fhéachaint ar ghnáthimeachtaí saoil na ngnáthdhaoine seachas díriú go hiomlán orthu siúd a bhfuil cliú agus cáil orthu. Bhí n hearraí a bhí in úsáid againne inniu in úsáid agus i seilbh dhaoine ó aicmí agus ó chultúir éagsúla idir mhná agus fir Réimse cur chuige agus modheolaíochta Ceann de na nithe a shásaíonn ardchaighdeán múinteoireachta ná réimse leathan de chur chuige agus modheolaíochtaí ranga. Beidh cur ccuige agus modheolaíochtaí mar atá molta sa Churaclam Staire in úsáid againne i rith an lae, mar shampla is cuid den fhoghlaim ghníomhúil a choimeádann aird na bpáistí agus a mhealann chun foghlam iad ná earraí a láimhseáil. Spreagann sé a bhfiosracht agus díríonn sé iad ar níos mó eolais a bhailiú. I rith an lae breathnóimíd ar áiseanna éagsúla don chur chuig agus do mhodheolaíochtaí éagsúla. Úsáid na timpeallchta Is í an bhéim a leagtar ar imshaoil áitiúil an pháiste agus na scoile ceann de na nithe is tábhachtaí a bhaineann leis an gcuraclam staire, agus go deimhin leis an gcuraclam OSIE i gcoitinne. Tugann sé seo réalaíochas agus bunús fírinneach d’fhoghlaim an pháiste. I seisiún 2 beidh grinnstaidéar á dhéanamh againn ar an Stair áitiúil. Ba chóir go mbeadh cothromaíocht ar fáil idir eolas agus scileanna. Is é an t-eolas na snáitheanna agus is iad na coincheapanna agus na scileanna a léiríonn conas mar a bhimid ag feidhmiú mar staraithe Déantúsán eile a bheadh oiriúnach dár ngníomhaíocht níos luaithe ná cóip den sean-churaclam. Tá spéis ag baint le sracfhéachaint a thabhairt ar na hathruithe a tharla sa churaclam Staire agus freisin ar na nithe nár athraigh. Chuir sé ionadh orm féin agus mé ag féachaint ar na príomhtheachtaireachtaí gur beag athrú a tharla idir an dá churaclam. An difríocht is mó ná fáil a bheith ar níos mó eiseamláirí, réimse modheolaíochtaí níos leithne agus níos mó tacaíochta a bheith ar fáil sna doiciméid. Tá curaclam Staire do na naíonáin ann freisin – rud nach raibh ann i É sin ráite ní raibh curaclam Staire dá laghad sa churaclam a tháinig amach in 1850! Difríocht eile ná go dtosaíonn na doiciméid anois le rannóg ar a dtugtar: AN CHÉAD SLEAMHNÁN EILE Gnáth-shaoil laethúla ó chultúir agus ó aoiseanna éagsúla An páiste ag obair mar staraí Pearsanta, áitiúil, náisiúnta, idirnáisiúnta

13 Snáithe Ráiteas Curaclaim Naíonáin l 15 Rang 1-2 p 23
Mé féin agus mo mhuintir Scéalaíocht Athraithe agus leanúnachas Féachaimís anois ar an bhforamharc ar na snáitheanna ag tosú le ranganna na naíonán Féach ar an léargas den bhforamharc atá agaibh ar an mbilleog. Tabhair faoi dear go bhfuil na snáitheanna briste síos Ii snáithaonaid. Féach ar leathanach 15 Anois féach ar leathanach 23 Curaclam biseach atá mar nádúr sa churaclam seo, tá an snáith SCÉALAÍOCHT le fáil ag gach rang-léibhéal ach déantar forbairt air ag léibhéil éagsúla de réir an ranga a bhíonn i gceist. Tá an snáithe MÉ FÉIN AGUS DAOINE EILE ar fáil af ranganna na naíonán ach athraíonn sé seo go STAIDÉIR ÁITIÚLA sna ranganna sinsearacha. Deir an t-oiliúnóir leis na múinteoirí gur é ceann de Chuspóirí an Ábhair do na Naíonáin ná go ndéanfaí iniúchadh agus taifead ar imeachtaí beaga pearsanta. Rogha: Déan tagairt don Fhoramharc do ranganna 3 – 6 ag cur béime ar an gcuraclam bíseach ar rogha-chlár an churaclaim. Iarr ar mhúinteoirí line a chur faoi na snáithaonaid sna snáithe do ranganna 3 go 6 gus abair leo go dtiocfaidh tú ar ais chuige seo arís i seisiún pleanála um thráthnóna. OSIE (STAIR)

14 Snáitheanna Curaclam Rang 3-4 lth 34 - 35 Rang 5-6 lth 52 - 53
Staidéir áitiúla lth 42-46 Staidéir áitiúla lth 62-65 Scéalaíocht lth 47 Scéalaíocht lth 66 Leanúnachas agus athrú le himeacht ama lth 50 Leanúnachas agus athrú le himeacht ama lth 71 Pobail agus sochaithe ársa lth 48 Pobail agus sochaithe ársa lth 67 Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart lth 49 Saol, sochaí, obair agus cultúr san am atá thart lth. 68 Tréimsí athraithe agus coimhlinte lth. 68 Polaitíocht, coimhlint agus sochaí lth. 68 Lig dúinn sracfhéachaint a thabhairt anois ar na ranganna sinsearacha Féach na treoirlínte lth 34 &35 Féach na treoirlínte lth 52 & 53 Sna ranganna sinsearacha, tá roghachlár laistigh de fhormhór na snáithe. Ní bhíonn gach snáithaonad le múineadh – roghnaíonn tú snáithaonad nó dhó. Ní mór dúinn iniúchadh níos géire a dhéanamh ar seo níos déanaí nuair a bhímid ag plé leis an bpleanáil. Curaclam biseach atá mar nádúr sa churaclam seo, tá an snáith SCÉALAÍOCHT le fáil ag gach rang-léibhéal ach déantar forbairt air ag léibhéil éagsúla de réir an ranga a bhíonn i gceist. Tá an snáithe MÉ FÉIN AGUS DAOINE EILE ar fáil af ranganna na naíonán ach athraíonn sé seo go STAIDÉIR ÁITIÚLA sna ranganna sinsearacha. OSIE (STAIR)

15 Am agus croin-eolaíocht Athraithe agus leanúnachas
Ag obair mar staraí: Am agus croin-eolaíocht Mar atá luaite sna príomh-theachtaireachtaí, gné an-tábhachtach den churaclam seo ná go gcuirfí ar chumas na bpáistí forbairt a dhéanamh ar na scileanna a ghabhann le bheith ag feidhmiú mar staraí Déantar trí scil a chur i láthair ag ranganna na naíonán agus bíonn na scileanna eile ag feidhmiú ó rang 1 ar aghaidh. Cuir múinteoirí na naíonan ag breathnú ar lth 18 Cuir múinteoirí Ranganna 1-2 ag breathnú ar lth 26 Cuir múinteoirí Ranganna 3-4 ag breathnú ar lth 40 Cuir múinteoirí Ranganna 5-6 ag breathnú ar lth 60 Ba chóir do gach múinteoirí na heochair-nodanna a léamh faoi Am agus Croineolaíocht. Léirigh na línte ama ar lth 8 TM gus aon chin eile atá mórthimpeall an tseomra agat. Déan amach line ama tú féin. Iarr ar mhúinteoirí na heochair-nodanna a léamh ansin faoi Athraithe agus Leanúnachas. [Níl sé seo i rannóg na naíonán]. Léirigh do mhúinteoirí Athraithe agus Leanúnachas trí dhíriú ar na gníomhaíochtaí ar dhéantúsáinar lth 86 TM Don chéad scil eile – Cúis agus Iarbhairt abair gur gá go mbeadh ar a laghad cúis amháin ionas go dtarlóidh athrú. Déan tagairt do na bóithre mar shampla. Ag úsáid fianaise- Déan tagairt don ghníomhaíocht ar dhéantúsáin Sintéis agus Cur in Iúl. Ní mór do pháistí a mbíonn faighte amach acu go stairiúil a chur in iúl ar bhealaí éagsúla, ó bhéal, i scríbhinn, trí dhrámaíocht, rud a chruthú nó pictiúr a dhéanamh. ‘Séard is brí le Sintéis ná scéal a chur le chéile bunaithe ar fhianaise. Beidh tochailt seandálaíocht idir lámha againn i gceann nóiméad agus cuirfimid scéal le chéile faoi rud a tharla fadó bunaithe ar an bhfianaise a bheidh bailithe againn. Ionbhá: Cé na modheolaíochtaí a chuideoidh linn ionbhá a mhusacailt i bpáistí do dhaoine ón saol atá thart? Scéalaíocht, drámaíocht agus ról-ghlacadh. Oscail an ráiteas curaclaim Féach an féidir leat na sainchuspóirí atá úsáidte againn leis an ngníomhaíocht tochailte a aithint. Conas mar is féidir an ghníomhaíocht seo a idirdhealú chun é a chur ar fáil do rang-léibhéil eile? Déan tagairt don phacáiste Seandálaíochta. Féach ar an snáithe Mé Féin agus Daoine Eile. Féach ar an bhforbairt a thagann ar na snáthaonaid ó Naíonáin go Rang 2. Tá curaclam na naíonán bunaithe ar ghnóthaí atá bainteach go pearsanta leis an leanbh. Díríonn Ranganna 1 agus 2 ón gceangal pearsanta go dtí an ceangal áitiúil go háirithe sa snáithe – Athraithe agus leanúnachas (Príomh-theachtaireacht) Fianaise a úsáid Athraithe agus leanúnachas Cúis agus iarmhairt Ionbhá Sintéis agus cur in iúl OSIE (STAIR) OSIE Curaclam Staire lth.18,26

16 Conas mar a fhaigheann muid eolas ar an am atá thart?
Cuidíonn fianaise linn eolas d’fháil ar an am atá thart. Seo teachtaireacht thábhachtach a thugann an curaclam dúinn– m.sh. Conas mar is eol dúinn go raibh duine sa seomra? – fágadh an solas ar siúl. Conas mar is eol dúinn go raibh duine anseo cheana? D’fhág siad rud éigin ina ndiaidh. Tugann rudaí a fágadh eolas dúinn faoina raibh ann cheana. Beidh gníomhaíocht againn anois a chuideoidh le tuiscint na bpáistí. Féach lth 8 Ráiteas Curaclaim Bíonn gach gné den stair ag brath ar fhianaise. Gníomhaíocht Tochailte Acmhainn: Filteán Seandálaíochta lth.55 – 77. Fearas a bheidh ag teastáil: -bosca lan de ghaineamh/cré; bosca folamh don chré tochailte. -déantúsáin: cúig choinneal (a lasadh agus a múchadh arís), páipéir ó mhilseáin, barr bhuidéil, píosa de chárta lae breithe, suctíní, cnámh mhadra, dúidín linbh srl. lián, scuab, láimhíní plaisticeacha, málaí plaisticeacha agus lipéid greamaithe orthu. Gníomhaíocht: Cuirtear déantúsáin i bhfolach i mbosca. Deirtear leis na múinteoirí go mbeidh siad mar chuid de thochailt seandálaíochta. Ó láthair thógala mar a raibh sean-tithe a leagadh a fuarthas an chré/ an ghaineamh. Ta roinnt deantúsán sa chré agus trí thochailt a dhéanamh beidh scéal le cur le chéile faoinar tharla fadó. Léiríonn an t-oiliúnóir an cur chuige ceart Ag úsáid láimhíní agus lián bainfidh an tochailteoir an chraiceann den chré trasna an bhosca go léir. (Ní coir poill a dhéanamh) Cuir an ghaineamh tochailte sa trádaire breise. Stop nuair a bhíonn an chéad déantúsán faighte agus úsáid an scuab chun an ghaineamh timpeall ar an déantúsán a bhaint. Cuir i mála plaisticeach é agus scríobh lipéad air‘Déantúsán Uimh. 1’. Lean leis an tochailt. Más déantúsáin den chineál céanna a faightear cuirtear sa mhála céanna iad. Bíodh ple faoi na deantúsáin a fuarthas chun pictiúr a chur le chéile faoinar tharla. -Céard a tharla dar leat?, Cén aois a bhí ag an té a raibh lá breithe aige/aici? Cá bhfios dúinn?, Ar tharla an féasta? (féach ar lasadh na coinnle), Cé mhéid duine a bhí ag an bhféasta? Céard a bhí acu le n-ithe/ le n-ól? Cén blas a bhí ar na líreacáin? An raibh aon duine eile ag an bhféasta? (báibín?- cé leis an báibín?), An ag buachaill nó cailín a bhí an lá breithe? Cá bhfios dúinn? An lasmuigh nó laistigh a bhí an féasta? Cuireann an t-oiliúnóir in iúl go bhféadfadh go leanfadh gníomhaíocht na naíonán le ceisteanna nuair a iarrfaí orthu smaoineamh ar na cineálacha páistí a bheadh ag an bhféasta. An raibh cluichí á imirt acu?, Cé na cluichí? An raibh amhráin a gcanadh acu? Cén aois a bheidh an páiste a bhí ag an bhféasta seo an bhliain dar gcionn? srl. Ceangal lena laethanta breithe féin. Cén aois a bheidh siad féin ar a gcéad lá breithe eile? Cén ceiliúradh a bheidh acu? An mbíonn do lá breithe ar an dáta céanna gach bliain? Déan líne ama le laethanta breithe an ranga orthu. An cuimhin le do thuismitheoirí /nó le daideo agus mamó nuair a bhí siadsan an aois atá tusa anois? Conas mar a rinne siadsan a mbreithlá a cheiliúradh? An raibh cáca agus coinnle acu? Deirtear leis na múinteoirí gur iad na Cuspóirí Ábhar do Naíonáin ná go ndeanfaidís iniúchadh agus taifead eachtraí beaga pearsanta. Seans go mbeadh deis ag gach páiste sa rang ról an tochailteora a ghlacadh- spéis agus iontas faoina bhfuil le teacht. Ta an ghníomhaíocht seo tógtha ón bhfilteán Seandálaíochta – áis sár-mhaith a ba chóir a bheith i ngach scoil. Déan tagairt don bhileog leis na MODHEOLAÍOCHTAÍ / GNÍOMHAÍOCHTAÍ. OSIE (STAIR)

17 Fianaise Is féidir staidéar a dhéanamh ar thréimhsí éagsúla agus áiteanna éagsúla mar thoradh ar thochailtí a dhéanamh m.sh. Na pirimid agus sliocht Maya i Meirceá Theas. Tabharfaidh na staidéir seo deiseanna do pháistí comparáid a dhéanamh idir shibhialtachtaí éagsúla san am thart. Beidh script ar fáil ó Orla do seo. OSIE (STAIR)

18 Am agus croin-eolaíocht Athraithe agus leanúnachas
Ag obair mar staraí: Am agus croin-eolaíocht Cé na scileanna a fhéadfaí a fhorbairt sa ghníomhaíocht seo agus sna gníomhaíochtaí a leanann dar leat? Fianaise a úsáid Athraithe agus leanúnachas Cúis agus iarmhairt Ionbhá Sintéis agus cur in iúl OSIE (STAIR) OSIE Curaclam Staire lth.18,26

19 Snáitheanna Naíonáin l 15 Rang 1-2 p 23 Mé féin agus mo mhuintir
Scéalaíocht Athraithe agus leanúnachas DÉAN TAGAIRT DO NA DOICIMÉID - **Ag aimsiú na gcuspóirí Oscail an ráiteas curaclaim Féach an féidir leat na sainchuspóirí atá úsáidte againn leis an ngníomhaíocht tochailte a aithint. Conas mar is féidir an ghníomhaíocht seo a idirdhealú chun é a chur ar fáil do rang-léibhéil eile? Déan tagairt don phacáiste Seandálaíochta. Féach ar an snáithe Mé Féin agus Daoine Eile. Féach ar an bhforbairt a thagann ar na snáthaonaid ó Naíonáin go Rang 2. Tá curaclam na naíonán bunaithe ar ghnóthaí atá bainteach go pearsanta leis an leanbh. Díríonn Ranganna 1 agus 2 ón gceangal pearsanta go dtí an ceangal áitiúil go háirithe sa snáithe – Athraithe agus leanúnachas (Príomh-theachtaireacht) OSIE (STAIR)

20 Dúshlán ! Bhúr ndúshlán… má ghlacann sibh leana leithéid… Ná…
an fhianaise a iniúchadh agus gach ní ar féidir leat a fháil amach faoin saol a chaith John Doyle OSIE (STAIR)

21 Agus sea….. ….beidh féin-phléascadh ag an ngníomhaíocht seo i gceann 20 nóimead OSIE (STAIR)

22 Agus dá réir sin… céard atá faighte amach agat
faoin shaol agus faoi bheatha John Doyle? Plé ginearálta ar a bhfuil aimsithe acu siúd a ghlac páirt OSIE (STAIR)

23 Suímh Idirlín www.groireland.ie www.nationalarchives.ie www.cso.ie
OSIE (STAIR)

24 Ach cén baint atá ag Seán Ó Dúill leis an gcuraclam staire?
Go breá! Ach cén baint atá ag Seán Ó Dúill leis an gcuraclam staire? Fan go bhfeicfimid! OSIE (STAIR)

25 Ní hé atá sa Stair….. …….scéal an ama atá imithe ach an iarracht a dhéanaimid na gnéithe den am atá imithe a bhfuil spéis againn iontu a chur le chéile arís agus a léirmhíniú OISE Curaclam Staire lth 6 An cuimhin leat na sainmhínithe den Stair a bhí againn níos luaithe? – bhí ceann againn ón gcuraclam a bhí an-chosúil leis seo Sa ghníomhaíocht seo d’úsáideamar fianaise fháisnéiseach chun iarracht a dhéanamh saol pearsanta agus clainne Sheáin Uí Dhúill a chur le chéile – fan go bhfeicfimid conas mar a d’éirigh libh? OSIE (STAIR)

26 Stair phearsanta agus stair clainne
Gnáthshaol laethúil na ngnáthdhaoine Áit bhreá le tosú ná an stair phearsanta agus stair clainne Is í an chlann féin an fhoinse staire is fearr Cuidiú do pháistí meas a bheith acu ar a gcúlra agus don saol atá thart Treoirlínte do Mhúinteoirí p 72 Is í an stair phearsanta agus stair clainne ceann de phríomh-mhodheolaíochtaí an churaclaim . Seans gur cuireadh an iomarca béime cheana ar dhaoine cáiliúla. Anois bímid ag iarraidh páistí a mhealladh chun iniúchadh a dhéanamh ar a stair féin. Tá buntáiste lárnach dá reir sin ag an stair phearsanta. Is tús-phointe atá an freisin ónar féidir linn bogadh chuig an stair áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta (príomh-theachtaireacht) Tá sé an-tábhachtach anseo teagmháil a dhéanamh le do thuismitheoirí – chun a mhíniú dóibh ar dtús an fáth go bhfuil an t-eolas seo á lorg againn. D’fhéadfadh clanna áirithe a bheith goilliúnach maidir leis seo agus dá réir sin d’fhéadfaí clann múinteora nó duine áitiúil sa cheantar a úsáid An-chúnamh agus an-tacaíocht a bheidh sna tuismitheoirí don ghnó seo. Tá ceangal an-soileir idir seo agus an curaclam OSPS OSIE (STAIR)

27 Sraith doiciméid – aois/rang-léibhéal; ilranga; idirdhealú
Doiciméid singil – d’fhéadfaí a úsáid chun an stair náisiúnta a scrúdú Grianghraif – éadaí, saol clainne, faid saoil Forbairt ar theanga–… Ceann eile de phríomh-mhodheolaíochtaí an churaclaim ná fianaise fháisnéiseach a úsáid. I bhfilteán an phríomhoide a bheidh ar fáil ag deireadh an lae, beidh liosta ar fáil d’acmhainne a d’fhéadfaí a úsáid mar fhianaise fháisnéiseach agus gearr-chuntas ar an gcineál fianaise ata i ngach ceann acu. (Bealach eile atá triailte againn ná úsaid déantúsán) Féach ar na féidireachtaí ata anseo don chomhthathú: Béarla Mata (foirmeacha daonáirimh – ag obair ar aoiseanna) Ná déan dearmad ar dhaonáireamh eatraimh 2006 Tíreolaíocht – mapáil. Más doimhin-staidéar a bhíonn i gceist is féidir é a cheangal leis an tíreolaíocht agus an turas a mhapáil ón mbaile go dtí an obair agus féachaint ar na gnéithe athraithe agus leanúnachais. OSPS – féin-ionannas, forbairt na saoranaíochta Cur chuige téamúil agus comhtháite trasna ar OSIE (féach eiseamláir 3) Is féidir méid agus réimse na ndoiciméad a athrú de réir aoise agus ábaltacht an ranga Glac nóta “fianaise fháisnéiseach simplí…..is féidir a leithéid a úsáid chun staidéar a dhéanamh ar an stair náisiúnta agus idirnáisiúnta” – pasanna na ngardaí/n airm mar phointe tosaigh do 1916 nó teastas báis /luaidhnimh mar thús leis an obair ar cheardlainne agus mhonarchainne nó ar aire a thabhairt do na heasláin (Snáithe: Leanúnachas agus athrú thar am). Daoine cáiliúla atá curtha i reilig Ghlasnaíon ( – go han mhaith ar an ábhar seo) “Cineálacha fianaise iad pictiuir agus grianghraif atá an-oiriúnach do pháistí bunscoile toisc gur féidir iad a úsáid le páistí in aon raon aoise nó ábaltachta..” (T.M. lth 87) Pictiúr clainne (OSPS – Meáin) – pictiúr de leac chuimhneachán – faid saoil – “foinsí tábhachtacha eolais iad na hinscríbhínní ar na leaca cuimhneacháin agus is féidir teacht orthu go héasca” T.G. 103 Mar thús, seans nach eol do roinnt mhaith páistí céard is brí le daonáireamh. Tá trácht ar seo faoi láthair toisc go mbeidh saonáireamh meám-tréimhsiúil i D’fhéadfaí ceacht nó sraith ceachtanna a bhunú ar an na doiciméid faoin daonáireamh. Is mó an méid ceisteanna a fhéadfaí a chur ….cén cineál eolais a bhí á lorg ag an Rialtas (céard faoi na cinnteidil ar an leathanach deireannach den daonáireamh “Más Bodhar nó Balbh; Balbh amháin; Dall; Amadán nó Pleidhce; nó Gealt” – agus ansin “Scríobh na machaill éagsúla de réir mar a oireann os comhair ainmneacha na ndaoine!!!) – d’fhéadfaí iarraidh ar pháistí foirm dhaonáireamh dá gclann féin a dhéanamh le cinnteidil 1901 nó 1911 headings srl srl Ó Shráid Eoin ( láimh le Sráid Chlanbrassill Íochtarach, Áth Cliath8) go Sráid Dame, Áth Cliath 2 Níl aon srian leis na féidireachtaí anseo Scríobh litreach, dialainne, cur i láthair go pictiúrtha , drámaíocht, TEC Mapáil – Turas Sheáin Uí Dhúill chun na hoibre, Reilig Ghlasnaíon… OSIE (STAIR) Treoirlínte do Mhúinteoirí l

28 Am agus croin-eolaíocht Athraithe agus leanúnachas
Ag obair mar staraí: Am agus croin-eolaíocht Refer to documents Féach ar na doiciméid Is mian liom tagairt arís don liosta scileanna Cé na scileanna a bhí idir lámha sa chleachtadh seo? – glac nóiméad i do ghrúpa chun labhairt faoi seo Tá gach scil a bhaineann le feidhmiú mar staraí in úsáid anseo Am /Seiceamh/Croineolaíocht….is féidir féachaint ar shaol Sheáin Uí Dhúill agus a chlann mar sheiceamh, thar tréimhse. Is féidir é a chur ar an line ama sa rang Tá bunús na staire le fáil sa bhfianaise…tá gach rud atá ar eolas againn faoi Sheán Ó Dúill le fáil sna pacáistíIs féidirlinn a léiriú do na páistí nach bhfuil eolas againn dáiríre ó na doiciméid má bhí Caitriona, dáiríre, i ngrá le Seán nó céard a chaith sí ar lá a pósta. NOTE TO MAIRIN – would love if we could include some ref. to the idea that all historical judgements are provisional (C.S. p8) and may change in the light of new evidence – just wait till I produce the document showing John Doyle was the owner of a brothel in Monto………..only joking, promise!!!!!! Sintéisiú – táimid tar éis féachaint ar roinnt píosaí eolais agus tá tuairim againn de shaol agus de bheatha Sheáin Uí Dhúill agus, ón bhfianaise atá againn, is féidir linn scéal a bheatha a chur le chéile go cruthaitheach. Cur in iúl seo ceann eile de scileanna riachtanacha an staraí a mbímíd ag iarraidh a fhorbairt. Déanfar páistí a mhealladh chun eolas stairiúil a chur in iúl ar bhealaí éagsúla agus beidh deis againn I rith an lae féachaint ar a lán acu seo Athrú agus leanúnachas. Léiríonn na doiciméid seo réimse de shamplaí den athrú agus den leanúnachas. Glactar grianghraif foirmeálta i gcónaí ach sa lá inniu bheadh an-difríochtaí sna héadaí agus beadh an grianghraf níos neamh-fhoirmiúla; faigheann daoine bás fós mar thoradh ar imeachtaí a bhaineann leis an ionad oibre (feirm/timpistí ar láthair thógála) ach tá reachtaíocht faoi Shláinte agus Sábháilteacht ar fáil inniu a thugann tacaíocht do na hoibrithe. (ar chloch bhoinn Lily léiríodh gur mahir sí go dtí go raibh sí 97 bliain – an céad féin nach mór. An chuid deiseanna anseo de ghníomhaíochtaí maidir leis na hathruithe a tharla lena linn) Cúis agus iarmhairt…. Dé réir mar a bhíonn na hathruithe á dtuiscint ag páistí, is féidir iarraidh orthu smmaoineamh ar na cúiseanna a bhaineann leis na hathruithe seo agus gan dearmad á dhéanamh acu gur annamh a tharlaíonn sé nach mbíonn ach aon chúis amháin i gceist – go mbíonn iliomad cúiseanna i gceist de ghnáth Agus ar deireadh, ionbhá, an ábaltacht tuiscint acu do na daoine agus don saol atá á staidéar – an ábaltacht dearcadh duineeile a thuiscint – ceangailte go dlúth le cuspóirí an OSPS maidir le forbairt ar mheas agus ar fhoighne agus tuiscint ar ár bhféiniúlacht agus ár ndearcadh féin. Ná déan dearmad ar an drámaíocht Fianaise a úsáid Athraithe agus leanúnachas Cúis agus iarmhairt Ionbhá Sintéis agus cur in iúl OSIE (STAIR) OSIE Curaclam Staire lth.18,26

29 Bealaí chun Measúnú a dhéanamh ar an bhFoghlaim
Cárta oibre a chuirfidh san áireamh Idirdhealú sa cheistiúchán Measúnú ar na scileanna Breathnóireacht an mhúinteora Samplaí oibre, bailiúchán d’obair na bpáistí agus tionscadail TEC Mar atá léirithe, tá réimse de chatagóir ceistiúcháin – Ceisteann dírithe ar fhíricí a aimsiú agus eolas a roghnú Ar an gcéad dul síos, iad siúd a dhíríonn ar dhoiciméid a iniúchadh agus ar fhíricí atá ar eolas a aimsiú– cén aois a bhí Seán ó Dúill nuair a pósadh é, cén cineál oibre a rinne sé, céard ba chúis lena bhás? Sa dara háit, na ceisteanna a bhaineann le freagraí a thiteann sa réimse “léigh idir na línte”…….cén bhliain a rugadh Seán Ó Dúill?...níl aon teastas breithe againn ach má bhí sé 35 i ndaonáireamh1911 rugadh é in Ar phós leanaí Sheáin Uí Dhúill? Tá a fhios againn gur pósadh duine acu (Roisín) ar a laghad mar “Róisín Uí Anluain” a bhí ar an gcloch bhoinn san uaigh. Ceisteanna inar féidir eolas breise a bhailiú ó fhoinsí eile An triú cineál, na ceisteanna úd a lorgaíonn eolas breise – conas dar leat a fuair sé an luaidhnimh? (dainséar oibre – rinne na cló-eagraithe na blocanna luaidhe a láimhseáil – féach. Iarsmalann Clódóireachta – nó cé na comharsa a bhí aige? (pobal Giúdach sa cheantar –ag pointe áirithe bhí13 sinagóg ag feidhmiú sa cheantar - féach Iarsmalann Giúdach na hÉireann, Áth Cliath 8 agus gearr-bhileog an daonáirimh a léiríonn go raibh 27 teach i Sráid Eoin agus a liostáileann Solomon Venetsky, Solomon Sapcheric, Morris Solomon i measc áitritheoirí eile na sráide NÓ an áit a bhféadfaí an cheist a fhreagairt trí cheangal a dhéanamh le heolas atá ar fáil cheana féin……cén fáth go raibh gá ag Seán Ó Dúill le pas…..má bhíonn eolas ag na dáltaí faoi Éirí Amach 1916 seans go bhfeicfidh siad an ceangal Ceisteanna a bhíonn ag brath ar shamhlaíocht An cineál deireannach – na ceisteanna a bhíonn ag brath ar an scéal a chur le chéile go samhlaíoch – céard a bhí á chaitheamh ag Caitríona ar lá a pósta? Níl gach eolas le fáil sna doiciméid agus ní mór dul i mbun na samhlaíochta nó féachaint ar phictiúir de ghléasadh ban sa chéad deich mbliain den aois seo caite. Ceangal an chéad phointe le Léibhéal/Catagóir den sleamhnán ar Cheisteanna (NÓTA DO MHÁIRÍN i “Teaching History at Key Stage 2” déantar idirdhealú idir “ceisteanna éasca” agus “ceisteanna a éilíonn machnamh”. Ta sampla den dá chineál le fáil ar lth.28. An dara pointe – ceann de na príomh-nithe a léiríonn go bhfuil an t-ábhar foghlamtha agus tuigthe ná gur féidir ansin é a insint/ a mhúineadh do dhaoine eile– is féidir é seo a dhéanamh ar bhealaí éagsúla Déan an ceathrú pointe a cheangal leis an Ráiteas Curaclaim lth 32 & 33 OSIE (STAIR)

30 Cur chuige agus modheolaíochtaí
Foramharc Cur chuige agus modheolaíochtaí Seisiún 1 Seisiún 2 Seisiún 3 Ag úsáid déantúsán Stair Phearsanta & Stair Clainne Fianaise Fháisnéiseach DÉAN TAGAIRT DO NA MODHEOLAÍOCHTAÍ AGUS NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIBRE Bain úsáid as an ngreille chun na gníomhaíochtaí a úsáideamar sa seisiún seo a chur taobh leis an mhodheolaíocht cuí. Ná déan dearmad gur é seo an cuntas pearsanta a bheidh agat ar a mbeidh á dhéanamh againn i rith an lae. Bain taitneamh as an gcaifé! OSIE (STAIR)


Download ppt "foghlaim agus forbairt"

Similar presentations


Ads by Google