Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Solas.

Similar presentations


Presentation on theme: "Solas."— Presentation transcript:

1 Solas

2 Cad is solas ann?

3 Is í an ghrian an fhoinse solais is láidre dá bhfuil againn ar domhan.
Is cineál fuinnimh é an solas. Is í an ghrian an fhoinse solais is láidre dá bhfuil againn ar domhan.

4 Tá an ghrian lonrach. Aon rud a chuireann amach solas dá chuid féin, deirtear go bhfuil sé lonrach.

5 An bhfuil na nithe seo lonrach?
Réaltaí Coinneal ar lasadh Lampa Tá! Cuireann siad amach solas dá gcuid féin.

6 An bhfuil an ghealach lonrach, meas tú?
Níl. Níl solas dá cuid féin ag an ngealach. Frithchaitheann sí solas na gréine. Tá an ghealach neamhlonrach.

7 Aon rud nach gcuireann amach solas dá chuid féin deirtear go bhfuil sé neamhlonrach. Ní foinse solais é.

8 An foinsí solais iad seo?
boilgeog scáthán uisce Ní hea. Frithchaitheann siad solas. Tá siad neamhlonrach.

9 Formhór na rudaí a fheicimid, is rudaí neamhlonracha iad.
Ní chuireann siad amach solas. Ní bhíonn rud neamhlonrach le feiceáil sa dorchadas mar nach dtagann aon solas uaidh. Bíonn rudaí neamhlonracha le feiceáil i rith an lae mar go bhfrithchaitheann siad solas na gréine.

10 An bhfuil na rudaí seo lonrach nó neamhlonrach?

11 An raibh an ceart agat? Lonrach Neamhlonrach Súile cait
Veist shofheicthe Réaltaí Tine Tóirse Frithchaiteoir

12 Más féidir rudaí a fheiceáil go soiléir trí ábhar, deirtear gur ábhar trédhearcach atá ann. Is ábhar trédhearcach í gloine. Gluaiseann solas tríthi go héasca.

13 Mura mbíonn ach cruth doiléir le feiceáil agus muid ag féachaint trí ábhar, deirtear gur ábhar tréshoilseach é. Is ábhar tréshoilseach í gloine scamallach. Ní ghluaiseann ach cuid den solas tríthi.

14 Ábhar nach féidir féachaint tríd, deirtear go bhfuil sé teimhneach
Ábhar nach féidir féachaint tríd, deirtear go bhfuil sé teimhneach. Ní ghluaiseann solas trí ábhar teimhneach.

15 Caitheann rudaí teimhneacha scáth nuair
a bhíonn solas ag lonrú orthu. Céard atá ag caitheamh scátha sa phictiúr seo?

16 Turgnamh: Scáth a chaitheamh Fearas Tóirse Peann luaidhe Blu-Tack Modh
Cuir an peann luaidhe ina sheasamh leis an Blu-Tack. Soilsigh an tóirse ar an bpeann luaidhe chun scáth a chaitheamh. Féach leis an scáth a dhéanamh níos mó agus níos lú. An féidir leat an scáth a bhogadh ar dheis agus ar chlé? Scríobh faoin turgnamh i do leabhar oibre.

17 Fíor nó Bréagach? Ráiteas Fíor Bréagach
Is í an ghealach an fhoinse solais is láidre dá bhfuil againn ar domhan. Bíonn coinneal lonrach agus í ar lasadh. Frithchaitheann an ghrian solas na gealaí. Tá tine neamhlonrach. Is ábhar trédhearcach í gloine. Caitheann rudaí teimhneacha scáth. Is ábhar tréshoilseach é adhmad. Ní ghluaiseann solas trí ábhar teimhneach. Frithchaitheann an ghealach solas na gréine.

18 Tráth na gCeist

19 Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:

20 Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir grianghraif ar fáil do na sleamhnáin seo: Adriana Cusinato (Gagaddict.a ar an suíomh Matthew Bowden ( Smithsonian Astrophysical Observatory, Stáit Aontaithe Mheiriceá Anu Varma, Seattle, Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an suíomh James Smith (smittix ar an suíomh Jet Lowe, Prints & Photographs Division, Library of Congress, Stáit Aontaithe Mheiriceá Brian E. Kushner ( Richard Eriksson (sillygwailo ar an suíomh Nick Ares (aresauburn™ ar an suíomh Pete Coleman (DrPete ar an suíomh Grianghraif eile: Shutterstock Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1


Download ppt "Solas."

Similar presentations


Ads by Google