Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Topaic / Topic: Cóisirí/ Parties

Similar presentations


Presentation on theme: "Topaic / Topic: Cóisirí/ Parties"— Presentation transcript:

1 Topaic / Topic: Cóisirí/ Parties
Gaeilge do Thuismitheoirí – An Fhoghlaim Neamhspleách 1

2 You’ll be listening to Aoife talking about her daughter’s birthday party.
Task 1: The speech in the video is fast and a little noisy, so take the opportunity to read the tapescript on the next slide first, before you watch the video.

3 Tapescript: Inniu lá breithe Shláine. Tá sí trí bliana d’aois. Sin í an dara hiníon atá agam agus fuaireas caisleán di inniu don lá breithe agus nuair a chonaic sí ar maidin é, léim a croí le háthas. Tá sí ag léimeadh ó shin agus tá sí ana-shásta léi féin mar bhí císte Peppa Pig againn agus tá siad tar éis…na leanaí ar fad anseo…tar éis ualach milseán a ithe agus tá siad chomh sásta. Agus tá áthas orm go bhfuaireas an caisleán mar tá an gairdín ana-fhliuch, saghas drochaimsir againn, agus tá siad ábalta a bheith ag imirt leo agus táimidne ábalta braon caife a bheith againn istigh. Glossary: Sin í an dara hiníon atá agam – she’s my second daughter Fuaireas caisleán – I got a bouncy castle – note the Munster version of ‘fuair mé’ Tá sí ag léimeadh ó shin – she’s jumping ever since Císte – another word for ‘cáca’ – cake Ualach milseán – loads of sweets Drochaimsir – bad weather Tá siad ábalta a bheith ag imirt leo – they can be playing away

4 Task 2: Now watch the video...

5 A party Cóisir An invitation Cuireadh Baking Bácáil A play centre Ionad spraoi A sports centre Ionad spóirt A cinema Pictiúrlann They were crazy! Bhí siad as a meabhair! They were wild! Bhí siad fiáin! She’s excited Tá sceitimíní uirthi / tá sí ar bís A bouncy castle Preabchaisleán Task 3: These are some useful words and phrases to talk about parties – see if you can make sentences about your own children’s parties...

6 Language corner Note how Aoife says ‘trí bliana’. The word ‘bliain’ has its own pattern – see below... 2 dhá bhliain 3-6 trí, ceithre, cúig, sé bliana 7-10 seacht, ocht, naoi, deich mbliana Once you go above ten, just add the word ‘déag’ to the structure above i.e. ‘trí bliana déag’, seacht mbliana déag’ (the only different one is ‘aon bhliain déag’ for 11). You can try the exercise on the next slide now!

7 Now follow the pattern on the previous slide and try these sentences (answers on the next slide!):
Beidh Aoife 7 (bliain) i mí na Samhna. Beidh an cúpla 10 (bliain) sa samhradh. Gheobhaidh Anna fáinní cluasa nuair a bheidh sí 7 (bliain). Beidh Cormac 3 (bliain) amárach. Cén aois é Oisín? Beidh sé 2 (bliain) an tseachtain seo chugainn. Tá déagóirí agam – tá Méabh 17 (bliain), tá Kate 15 (bliain) agus tá Mícheál 12 (bliain) – go bhfóire Dia orm!

8 Freagraí: Beidh Aoife seacht mbliana i mí na Samhna. Beidh an cúpla deich mbliana sa samhradh. Gheobhaidh Anna fáinní cluasa nuair a bheidh sí seacht mbliana. Beidh Cormac trí bliana amárach. Cén aois é Oisín? Beidh sé dhá bhliain an tseachtain seo chugainn. Tá déagóirí agam – tá Méabh seacht mbliana d’aois, tá Kate cúig bliana d’aois agus tá Mícheál dhá bhliain déag – go bhfóire Dia orm!


Download ppt "Topaic / Topic: Cóisirí/ Parties"

Similar presentations


Ads by Google