Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Topaic / Topic: Caitheamh Aimsire / Pastimes

Similar presentations


Presentation on theme: "Topaic / Topic: Caitheamh Aimsire / Pastimes"— Presentation transcript:

1 Topaic / Topic: Caitheamh Aimsire / Pastimes
Gaeilge do Thuismitheoirí – An Fhoghlaim Neamhspleách 1

2 You’ll be listening to Edel describing her children’s pastimes and activities.
Task 1: Before you listen, have a look at the list of word and phrases opposite – Edel uses them in the video. Imeachtaí – activities / events Lúthchleasaíocht – athletics Tá sé an-tógtha leis – he is very taken with it Tá sé ina bhall de – he’s a member of Imreoir – a player Nuair a fhaigheann sé an deis – when he gets the chance Glacann sí páirt i – she takes part in

3 Task 2: Now brainstorm all the activities and sports that you know in Irish...see if you know the following: Tennis Hockey Irish dancing She plays music She plays sport Gymnastics Hurling Art Knitting Baking Social media 1. Leadóg 2. Haca 3. Damhsa Gaelach 4. Seinneann sí ceol 5. Imríonn sí spórt 6. Gleacaíocht 7. Iománaíocht 8. Ealaín 9. Cniotáil 10. Bácáil 11. Na meáin shóisialta Note how the verbs ‘to play music’ and ‘to play sport’ are different.

4 Task 3: Now watch the video and see if you recognise any of the words you saw earlier...

5 Task 4: Listen to the recording again but this time use the tapescript on the next slide. Listen as many times as you want – try to use the script to read along with Edel as she talks.

6 Tapescript: Tá Oisín deich mbliana d’aois agus tá an-chuid imeachtaí idir lámha aige faoi láthair. Thosaigh sé ag snámh dhá bhliain ó shin agus tá sé an-tógtha leis an snámh. Tá sé ina bhall de chlub snámha agus bíonn traenáil aige cúig huaire sa tseachtain agus is breá leis é. Chomh maith leis sin, déanann sé lúthchleasaíocht. Is breá leis a bheith ag rith. Téann sé ag traenáil dhá uair sa tseachtain agus buaileann sé lena chairde. Ní ghlacann sé páirt in aon chomórtaisí but is breá leis é. Agus an rud is fearr leis a dhéanamh ná a bheith ag léamh agus léann sé gach uile sórt leabhair. Is breá leis a bheith ag léamh an t-am ar fad. Conall ansin, tá sé ocht mbliana d’aois, agus is imreoir sacair é. Ta sé ina bhall de chlub sacair áitiúil agus téann seisean ag traenáil uair sa tseachtain. Agus de ghnáth bíonn cluiche aige ar an Domhnach. Is breá leis é agus is breá leis a bheith ag imirt amuigh sa ghairdín lena chairde. Agus is breá leis cluichí ríomhaire freisin – nuair a fhaigheann siad an deis ag an deireadh seachtaine imríonn siad ar an Xbox, an bheirt acu lena chéile. Agus buíochas le Dia, níl mórán imeachtaí á ndéanamh ag Aoileann, ach amháin, ar an Satharn glacann sise páirt i rang ballet agus is aoibhinn léi é agus ba mhaith léi as seo amach, b’fhéidir, gleacaíocht a dhéanamh. .

7 Language corner 1 In Irish you can’t use the structure ‘is maith liom’ with the structure ‘ag déanamh, ag rith, ag siúl’ etc. Look at the pattern below: Is maith liom a bheith ag siúl Is maith liom a bheith ag léamh Is maith leis a bheith ag snámh Is maith leis a bheith ag imirt sacair Is maith léi a bheith ag damhsa You can use it with a noun, though! Is maith liom ceol (but ‘is maith liom a bheith ag seinnim ceoil’) Is maith liom sacar but ‘is maith liom a bheith ag imirt sacair’) Is maith liom tae (but ‘is maith liom a bheith ag ól tae!’) Now see if you can translate these sentences (answers on the next slide!) I like coffee I like to run I like sport I like to play sport I like the tin whistle I like to play the tin whistle I like to swim

8 Freagraí: Is maith liom caife. Is maith liom a bheith ag rith. Is maith liom spórt. Is maith liom a bheith ag imirt spóirt. Is maith liom an fheadóg stáin. Is maith liom a bheith ag seinnim an fheadóg stáin. Is maith liom a bheith ag snámh.

9 Language corner 2 Note the structure ‘tá sé ina bhall de chlub sacair’ – he’s a member of a soccer club. Look at the sentences below and note the different patterns. Then see if you can translate the sentences in the box opposite. Tá mé i mo bhall de chlub. Tá tú i do bhall de chlub. Tá sé ina bhall de chlub. Tá sí ina ball de club. Táimid inár mbaill de chlub. Tá sibh in bhur mbaill de chlub. Tá siad ina mbaill de chlub. (Answers on the next slide!) Caoimhe isn’t a member of the pool yet. Are you (plural) members? Seán is a member of the athletics club. We’re members of a lovely pool. Are you a member of the gym? They got a good price because they’re members. Next year I’ll definitely be a member of the gym!

10 Freagraí: Níl Caoimhe ina ball den linn snámha fós. An bhfuil sibh in bhur mbaill? Tá Seán ina bhall den chlub lúthchleasaíochta. Táimid inár mbaill de linn snámha álainn. An bhfuil tú i do bhall den spórtlann? Fuair siad praghas maith mar tá siad ina mbaill. An bhliain seo chugainn, beidh mé i mo bhall den spórtlann go cinnte!


Download ppt "Topaic / Topic: Caitheamh Aimsire / Pastimes"

Similar presentations


Ads by Google