Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Féinmheastóireacht Scoile

Similar presentations


Presentation on theme: "Féinmheastóireacht Scoile"— Presentation transcript:

1 Féinmheastóireacht Scoile
Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh scoileanna ar mhaithe le scoileanna” Féinmheastóireacht Scoile (FMS) Fócas ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim Seimineár 2009

2 Féinmheastóireacht Scoile
Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Aidhm an tSeisiúin Seo Díriú ar an bhféinmheastóireacht mar straitéis chun cáilíocht an teagaisc agus na foghlama a fheabhsú: Go hachomair: Fiosrú a dhéanamh ar an gcaoi le cur chuige féinmheastóireachta i leith an teagaisc agus na foghlama a chothú mar chuid de phleanáil ábhar agus d’athbhreithniú leanúnach scoile

3 Mórcheisteanna faoin bhFéinmheastóireacht
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Mórcheisteanna faoin bhFéinmheastóireacht Cén fáth? Cén fócas? Cén chaoi? Cé? Cén uair?

4 Cén Fáth Féinmheastóireacht?
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Cén Fáth Féinmheastóireacht? Chun cáilíocht an teagaisc agus na foghlama a fheabhsú Chun réimsí le feabhsú a aithint d’fhonn díriú orthu Mar chuid den fhorbairt phearsanta agus phroifisiúnta Chun athnuachan agus nuálacht a spreagadh Chun cur le rannpháirtíocht agus comhoibriú Chun an fhís do thodhchaí na scoile a shoiléiriú, a dhoimhniú, agus a fhorbairt Chun an Phleanáil Fhorbartha Scoile a threisiú Chun an Mheastóireacht Uile-Scoile (MUS) a chomhlánú agus a athrú chun feabhais

5 Polasaí Náisiúnta i leith FMS
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Polasaí Náisiúnta i leith FMS Tosaíocht de chuid na Cigireachta an Fhéinmheastóireacht Scoile (FMS) a chur chun cinn Tá an Chigireacht ag ullmhú ábhar acmhainne chun tacú le dian-fhéinmheastóireacht scoile Contanam 4 leibhéal Láidreachtaí suntasacha Níos mó láidreachtaí ná laigí Níos mó laigí ná láidreachtaí Laigí suntasacha Tuairiscíní á n-ullmhú ar leibhéil 1 agus 3 FMS ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim mar chuid den chomhaontú náisiúnta, I dTreo 2016

6 Féinmheastóireacht Scoile
Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Céard atá i gceist le féinmheastóireacht ar an teagasc/ar an bhfoghlaim Fiosrúchán córasach, bunaithe ar fhianaise, maidir le gné den teagasc agus den fhoghlaim Tá sé mar aidhm aici a fháil amach cé chomh maith is atá an roinn/an múinteoir ag cruthú i gcomparáid le caighdeáin aontaithe i leith dea-chleachtais Treoraíonn sí an múinteoir/roinn an ábhair maidir le roghnú tosaíochtaí i bpleanáil le haghaidh feabhsúcháin

7 Eochairchéimeanna san Fhéinmheastóireacht Scoile
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Eochairchéimeanna san Fhéinmheastóireacht Scoile Fócas Pearsanra Táscairí dea-chleachtais Sonraí faoin gcleachtas reatha—uirlisí Anailís Comparáid Tátail Moltaí i dtreo feabhsúcháin Tosaíochtaí pleanála Plean gnímh le haghaidh feabhsúcháin Cur i bhfeidhm…. Feabhas!

8 Féinmheastóireacht ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Féinmheastóireacht ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim Is féidir/Ba cheart go mbeadh sí mar chuid d’fhócas forbarthach ranna ábhar Is féidir le múinteoir aonair í a dhéanamh chun tacú le cleachtas machnamhach mar chur chuige i leith feabhsú teagaisc agus foghlama

9 Dúshlán mór don bhainistíocht
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Dúshlán mór don bhainistíocht “The quality of education depends on the quality of teachers’ deliberation and judgement in classrooms”. (Elliott) “The key to school improvement is what teachers do and think; it is as simple and as complex at this.” (Fullan)

10 Conas a dhéanann tú cinneadh faoin réimse le breithniú?
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Conas a dhéanann tú cinneadh faoin réimse le breithniú? Spreagthaí éagsúla: A. Seicliosta(í) Déan iniúchadh ar an seicliosta a forbraíodh ó Ag Breathnú ar an Scoil againne, mar shampla B. Moltaí i dtuarascálacha Meastóireacht Uile-Scoile nó Cigireacht Ábhair C. Aiseolas ó dhaltaí agus ó thuismitheoirí D. Moltaí ó mhúinteoirí E. Tionchar cúrsaí inseirbhíse nó FGL F. Impleachtaí ag eascairt as taighde san oideachas G. Tosca náisiúnta Ní mór bheith roghnaíoch!

11 Féidearthachtaí mar fhócas don Fhéinmheastóireacht
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Féidearthachtaí mar fhócas don Fhéinmheastóireacht Torthaí na foghlama agus torthaí i scrúduithe Piocúlacht ábhar agus leibhéal Piarbhreathnóireacht Ráta coinneála daltaí Straitéisí litearthachta m.sh: úsáid eochairfhocal Difreáil Measúnú/obair bhaile Eagrú ranga Caidreamh múinteora-dalta Atmaisféar ranga Obair ghrúpa/phéire (Féach an seicliosta a forbraíodh ó Ag Breathnú ar an Scoil Againne)

12 Féinmheastóireacht Scoile
Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Cáilíocht an Teagaisc agus na Foghlama (Ag Breathnú ar an Scoil Againne, Réimse 4) Teagasc & Foghlaim Modheolaíocht straitéisí luas éagsúlacht acmhainní Bainistiú Ranga spreagadh daltaí iompar Atmaisféar Ranga idirghníomhaíochtaí timpeallacht Foghlaim oiriúnacht ceistiú rannpháirtíocht

13 Féinmheastóireacht Scoile
Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Cáilíocht an Teagaisc agus na Foghlama (Ag Breathnú ar an Scoil Againne, Réimse 4) Measúnú & Gnóthachtáil Modhanna & torthaí measúnaithe córasach éagsúlaithe saghas aiseolais Coimeád taifead tuairisciú do thuismitheoirí Rannpháirtíocht na ndaltaí san ábhar eolas tuiscint díograis Gnóthachtáil ghinearálta na ndaltaí san ábhar athbhreithniú ar thorthaí 13

14 Bunrialacha i leith na Féinmheastóireachta
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Bunrialacha i leith na Féinmheastóireachta Céard iad na bunrialacha is gá a leagan síos d’fhonn comhoibriú na bpáirtithe uile a chinntiú? meas ar thuairimí gach duine agus tuiscint do na tuairimí sin tiomantas ginearálta do chleachtas feabhsaithe áit a bhfuil gá leis úsáid chuiditheach na sonraí uile atá bailithe gan aon mhilleán a chur ar aon duine gan aon duine ar leith a aithint 14

15 Uirlisí na Féinmheastóireachta
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Uirlisí na Féinmheastóireachta Anailís ar shonraí crua na scoile Ceistneoirí Agallaimh Breathnóireacht Anailís ar obair daltaí Corrsheiceáil Anailís ar theagmhas criticiúil Anailís réimse fórsa Póstaeir, greamáin, ticéid scoir Fiosrú grianghrafchuidithe Féach Dréacht-threoirlínte PFS Aonad 3, lth. 4-9, 15-17; Aonad 5, lth

16 Fianaise a fháil ó dhaltaí mar chuid d’fhéinmheastóireacht
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Fianaise a fháil ó dhaltaí mar chuid d’fhéinmheastóireacht Trí uirlis shamplacha le húsáid: Anailís réimse fórsa Corrsheiceáil Ceistneoir ar mhodheolaíochtaí múinteoireachta (MacBeath, 2005: The Self-Evaluation File)

17 Féinmheastóireacht Scoile
Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 An Réimse Fórsa

18 Féinmheastóireacht Scoile
Corrsheiceáil An intinn dírithe 1 2 3 Ag smaoineamh ar rudaí eile Airdeallach Codlatach Suaimhneach Míshuaimhneach Ag iarraidh bheith anseo Ag iarraidh bheith áit éigin eile Sona Brónach Gníomhach Éighníomhach Spreagtha Bréan den obair An t-am ag imeacht go tapaidh An t-am ag imeacht go mall Lán d’fhuinneamh Fíorbheagán fuinnimh Rud éigin ag brath air Gan faic ag brath air Cuideachtúil Uaigneach Furasta an intinn a dhíriú Deacair an intinn a dhíriú Croíúil Cantalach Furasta bheith cruthaitheach Deacair bheith cruthaitheach Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009

19 Féinmheastóireacht Scoile
Ceistneoir ar mhodheolaíochtaí teagaisc: Cé chomh minic is a úsáidim an cur chuige seo? Cé chomh mór is a chabhraíonn sé leat foghlaim? Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Ag éisteacht leis an múinteoir Ag tabhairt freagra ar cheisteanna an mhúinteora Ag déanamh turgnamh Ag obair ar an ríomhaire Ag féachaint ar fhíseán Ag éisteacht le téip Rólghlacadh Ag obair i bpéirí Ag obair i ngrúpa Ag breacadh nótaí fad atá an múinteoir ag caint Ag breacadh nótaí ó leabhar nó ó bhileog oibre Ag cruthú rudaí (MacBeath, 2005 lth )

20 Féinmheastóireacht Scoile
Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Féinmheastóireacht I gcás réimse/polasaí atá roghnaithe: Conas is eol duit cad ba cheart bheith ar siúl agat? Conas is eol duit cad atá ar siúl agat? Conas is eol duit cé chomh maith is atá ag éirí leat? Conas atá tú chun níos fearr a dhéanamh? Is é atmaisféar ranga, mar ghné den teagasc agus den fhoghlaim, fócas an phlésheisiúin seo

21 Athraitheacht Inmheánach
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Athraitheacht Inmheánach “One of the most powerful conclusions arising from recent research is that it is at the class rather than the school level that the greater variations (in achievement) exist.” “To be effective, school improvement efforts must be directed towards what happens inside classrooms.” (Hill)

22 Ag Breathnú ar an Scoil Againne, Réimse 4 Gné B: Teagasc agus Foghlaim
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Ag Breathnú ar an Scoil Againne, Réimse 4 Gné B: Teagasc agus Foghlaim Comhpháirt Téamaí féinmheastóireachta iii Atmaisféar an tseomra ranga Tionchar cháilíocht an atmaisféir ar mhothú socrachta & sábháilteachta na ndaltaí Na cineálacha idirghníomhaíochta sa seomra ranga Leibhéil na tacaíochta don fhoghlaim sa seomra ranga Timpeallacht fhisiciúil—oiriúnacht, tarraingteacht & spreagthacht don fhoghlaim An chothromaíocht idir ionchur an mhúinteora agus ionchur na ndaltaí Cáilíocht an chaidrimh Caighdeán iompair na ndaltaí

23 Próiseas na Féinmheastóireachta
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Próiseas na Féinmheastóireachta Eochairchéimeanna maidir le hatmaisféar ranga: Déan cinneadh faoi céard atá i gceist le dea-chleachtas ó thaobh atmaisféar ranga de Bailigh sonraí iontaofa faoin gcleachtas mar atá (conas a dhéanfá é seo?) Comhordaigh agus bain ciall as na sonraí– fianaise Déan an cleachtas mar atá a mheas i gcomparáid leis na táscairí dea-chleachtais Cé na tátail is féidir leat a bhaint as an gcomparáid seo? Roghnaigh tosaíochtaí i leith saghsanna nua cur chuige le haghaidh feabhsú pleanáilte ar an atmasféar ranga

24 Féinmheastóireacht Scoile
Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Plé “When I go into a classroom where the quality of learning is high, I see…” (Hesketh, 2008) Agus atmaisféar ranga mar fhócas agat céard a fheiceann tú nuair a théann tú isteach i seomra ina bhfuil cáilíocht na foghlama ard? Plé gairid

25 Táscairí an dea-chleachtais
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Táscairí an dea-chleachtais Go bhfuil na seomraí ranga taitneamhach, spreagúil mar thimpeallacht Go mbraitheann na daltaí slán agus nach bhfuil siad ar tinneall Go bhfuil meas ag gach duine ar a chéile Go bhfuil aidhm shoiléir leis an gceacht/obair atá idir lámha Go bhfuil bainistiú éifeachtach ranga ann Go bhfuil gach dalta gafa agus gníomhach, agus ag baint taitnimh as an obair Go bhfuil an múinteoir agus na daltaí ag obair mar chomhpháirtithe - cothromaíocht 25

26 Táscairí an dea-chleachtais
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Táscairí an dea-chleachtais Go bhfuil béim ar chomhoibriú i measc na ndaltaí Go bhfuil tiomantas na ndaltaí le sonrú Go n-úsáidtear raon modheolaíochtaí agus go mbíonn éagsúlacht sa chur chuige a bhíonn in úsáid le linn an ranga Go bhfuil an múinteoir ar an eolas maidir le straitéisí nuálacha Go mbíonn na daltaí rannpháirteach i gcinntí Go n-úsáidtear cuid de straitéisí Mheasúnú chun Foghlama Go bhfáiltítear roimh cheisteanna agus go dtugtar freagraí agus aiseolas

27 Atmaisféar Ranga: Conas fianaise a bhailiú?
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Atmaisféar Ranga: Conas fianaise a bhailiú? Agus na táscairí cuí á gcur san áireamh agat, conas a bhaileofá fianaise faoin atmaisféar ranga? Céard air a bhféachfá? Cén t-eolas a lorgófá mar fhianaise? Cé air/cén áit a lorgófá eolas? Cé na huirlisí a mbainfeá leas astu? Plé gairid (Tá ‘atmaisféar ranga’ an-leathan mar choincheap. D’fhéadfá gan ach gné amháin den atmaisféar ranga a roghnú mar fhócas don fhéinmheastóireacht)

28 Pleanáil na Féinmheastóireachta - Eochaircheisteanna
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Pleanáil na Féinmheastóireachta - Eochaircheisteanna Cén fócas a roghnóidh sibh don fhéinmheastóireacht? Cé na táscairí dea-chleachtais a bheidh agaibh? Cé na modhanna a úsáidfidh sibh chun an t-eolas faoin gcleachtas reatha a bhailiú? Cé na hacmhainní a bheidh ag teastáil? Cén t-amscála a bheidh i gceist? Cén chaoi a bhfuil sé ar intinn agaibh leas a bhaint as an eolas a gheobhaidh sibh? Cé na daoine a chuirfear ar an eolas maidir leis na torthaí? Cé na modhanna a úsáidfidh sibh chun na tátail a chur in iúl do na comhpháirtithe a mbaineann siad leo? 28

29 Féinmheastóireacht Scoile
Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Conas is féidir cur chuige féinmheastóireachta i leith an teagaisc agus na foghlama a chur chun cinn & a dhaingniú i do scoil? Gríosaigh gach roinn chun réimse le forbairt/le meastóireacht a dhéanamh air a roghnú gach bliain Pléigh leis na baill foirne an tuiscint a bheadh acu maidir le cur chuige córasach don fhéinmheastóireacht Leag béim ar an tábhacht atá le húsáid a bhaint as taighde/teoiric faoin réimse atá tofa Mol cur chuige comhoibríoch – ag comhroinnt teoirice, ag forbairt uirlisí meastóireachta i bpáirt lena chéile, ag úsáid piarbhreathnóireachta Aithin áiteanna ina bhfuil dea-chleachtas ar siúl agus aontaigh bealaí ina ndéanfar iad seo a chomhroinnt Gríosaigh gach roinn ábhair chun tuairisc ar thorthaí an phróisis mheastóireachta a chur ar fáil do chomhghleacaithe – na rudaí a d’fhoghlaim an roinn mar thoradh ar a cuid oibre

30 Ráitis Shamplacha – Tuarascálacha CÁ 08
Féinmheastóireacht Scoile Seimineár Náisiúnta, Márta 2009 Ráitis Shamplacha – Tuarascálacha CÁ 08 Bhí an timpeallacht fhoghlama spreagúil… Luaitear mar mholadh cothromaíocht a fháil idir gníomhaíocht an mhúinteora agus gníomhaíocht na bhfoghlaimeoirí Bhí atmaisféar dearfach sna ranganna…bhí na scoláirí comhoibritheach I gcás formhór mór na ranganna bhi gaol an-dearfach idir na múinteoirí agus na scoláirí agus bhí an t-atmaisféar sna ranganna tacúil don fhoghlaim. Moltar go mbainfí úsáid as na ballaí chun timpeallacht a bheadh tacúil do mhúineadh agus d’fhoghlaim na teanga a chruthú trí shamplaí d’obair na scoláirí agus ábhar prionta eile i nGaeilge a chur ar taispeáint agus a choimeád suas chun dáta


Download ppt "Féinmheastóireacht Scoile"

Similar presentations


Ads by Google