Download presentation
Presentation is loading. Please wait.
1
Ní Fhanann Rud Ar Bith Mar a Bhí
An Caithreachas
2
Tarlaíonn athruithe móra agus fás mór le linn an chaithreachais.
Mayer Johnson PCS Symbols © Mayer Johnson LLC (déan teagmháil le Widgit Software
3
Tá a lán gnéithe leis an fhás a dhéanann muid sa chaithreachas.
Cliceáil ar ghné le níos mó eolais a fháil.
4
Athrú fisiceach sa chaithreachas
Is le linn an chaithreachais a fhásann an corp. Fásann muid inár ndaoine fásta. Ardaíonn leibhéal na hormón. Spreagann sin athruithe fisiceacha sa chorp. Tosaíonn na baill ghiniúna ag feidhmiú.
5
Athrú fisiceach: cailíní
Tabharfaidh cailíní na hathruithe seo faoi deara idir 9–16 bliana: fás gasta maidir le hairde agus cíocha ag tosú a fhás; gruaige ag fás sna hascaillí agus idir na cosa; na cromáin ag leathnú; cuma níos cuartha ar fhíor an choirp mar gheall ar shaill atá á cur suas faoin chraiceann; guth atá giota beag níos doimhne; agus tosaíonn an timthriall míosta. Le linn 2–3 bliana a tharlaíonn na hathruithe seo.
6
Athrú fisiceach: gasúir
Tabharfaidh gasúir na hathruithe seo faoi deara idir 11–17 bliana: fás gasta maidir le hairde; gruaige ag fás sna hascaillí, idir na cosa agus ar an aghaidh; na guaillí ag leathnú; matáin ag éirí níos forbartha agus cuma chorrchnámhach ag teacht ar an chorp; guth i bhfad níos doimhne – tugtar ‘briseadh’ air seo; agus méadaíonn na baill ghiniúna agus tosaíonn ar speirmeacha a tháirgeadh. Le linn 3–4 years a tharlaíonn na hathruithe seo.
7
Tá a lán gnéithe leis an fhás a dhéanann muid sa chaithreachas.
Cliceáil ar ghné le níos mó eolais a fháil.
8
Athrú mothúchánach sa chaithreachas
Is féidir go mbeidh do mhothúcháin ag athrú ó bhomaite go bomaite le linn an chaithreachais mar gheall ar na hathruithe móra ar an chorp. Is féidir leis na rudaí thíos a bheith ina gcúis le guagacht giúmair an déagóra: an inchinn go fóill ag forbairt – go háirithe sna codanna den inchinn a rialaíonn smachtú ríge agus láimhseáil baoil agus iarmharta; athruithe sna hormóin éastraigin agus téististéarón; an frustrachas a bhaineann leis an athrú ó pháiste go duine fásta; an mhian do neamhspleáchas agus do smacht; tionchar piaraí agus an mhian a bheith i do bhall de phiarghrúpa; freagairt ghnéasach ar dhaoine eile ag tosú; smaoineamh ar do chorpíomhá; agus féinmheas. Mayer Johnson PCS Symbols © Mayer Johnson LLC (contact Widgit Software
9
Tá a lán gnéithe leis an fhás a dhéanann muid sa chaithreachas.
Cliceáil ar ghné le níos mó eolais a fháil.
10
Athruithe spioradálta sa chaithreachas
Tosaíonn muid ar amhras a chaitheamh ar luachanna teaghlaigh mar gheall ar chórais eile luachanna atá ag ár bpiaraí. Tosaíonn muid ar threoir a lorg taobh amuigh den teaghlach maidir le creideamh, luachanna agus cuspóir sa tsaol. Is féidir go n-éireoidh tionchar agus tacaíocht piaraí níos tábhachtaí ná tionchar tuismitheoirí. Mayer Johnson PCS Symbols © Mayer Johnson LLC (déan teagmháil le Widgit Software
11
Tá a lán gnéithe leis an fhás a dhéanann muid sa chaithreachas.
Cliceáil ar ghné le níos mó eolais a fháil.
12
Athruithe sóisialta sa chaithreachas
Caitheann muid níos mó ama le piaraí ná leis an teaghlach. Gan daoine fásta bheith i láthair, tá níos mó deiseanna ann ar iompar a bhfuil baol ag baint leis. Tosaíonn muid ar thriail a bhaint as iompar a bhaineann le daoine fásta.
13
Tá a lán gnéithe leis an fhás a dhéanann muid sa chaithreachas.
Cliceáil ar ghné le níos mó eolais a fháil.
14
Athruithe cognaíocha sa chaithreachas
Is féidir go rachaidh forbairt inchinne agus difríochtaí inscne i bhfeidhm ar stíleanna foghlama agus ar dhóigheanna le fadhbanna a réiteach. Is féidir go mbeidh éifeacht ag staideanna aibíochta agus ag athruithe hormónacha ar an iompar sa rang. Is féidir go dtosóidh ábhair, múinteoirí agus roghanna foghlama ag dul i bhfeidhm ar shuimeanna, scileanna agus inniúlachtaí. Fásann tuiscint ionann go bhfuil a lán dóigheanna le bheith cliste agus a lán conairí oideachais ann. Mayer Johnson PCS Symbols © Mayer Johnson LLC (contact Widgit Software
15
Tá a lán gnéithe leis an fhás a dhéanann muid sa chaithreachas.
Cliceáil ar ghné le níos mó eolais a fháil.
Similar presentations
© 2024 SlidePlayer.com Inc.
All rights reserved.