Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile

Similar presentations


Presentation on theme: "An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile"— Presentation transcript:

1 An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile
Measúnú chun Foghlama TPFS An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile “Tionscnamh scoileanna ar mhaithe le scoileanna” Measúnú chun Foghlama – Ag feabhsú an teagaisc agus na foghlama inár scoil Seimineár Réigiúnach ’07

2 McF – Prionsabail agus Pleanáil
Measúnú chun Foghlama TPFS McF – Prionsabail agus Pleanáil Príomhphrionsabail McF Réasúnaíocht Straitéisí Pleanála

3 Measúnú chun Foghlama TPFS Is ionann measúnú agus an próiseas atá i gceist le heolas a bhailiú faoi fhoghlaim leanaí teistiú aiseolas scagadh Aidhm an mheasúnaithe foghlaim fáthmheas

4 Dhá Phríomhshaghas Measúnaithe
Measúnú chun Foghlama TPFS Dhá Phríomhshaghas Measúnaithe Suimitheach (Measúnú na Foghlama-MnF) Múnlaitheach (Measúnú chun Foghlama-McF) Cuspóir A fháil amach céard atá ar eolas ag daltaí, céard a thuigeann siad agus céard atá siad in ann a dhéanamh. An dul chun cinn atá déanta acu a thomhas Cuidiú le daltaí chun foghlaim (measúnú a chothaíonn próiseas na foghlama) Uainiú Deireadh cúrsa (tar éis na foghlama) Leanúnach (le linn na foghlama) Samplaí Trialacha agus Scrúduithe Ceistiú Aiseolas (marcáil & ó bhéal) Piarmheasúnú agus féinmheasúnú Rialú Múinteoir agus seachtrach Múinteoir agus dalta

5 Dhá ‘Bhealach’ aitheanta le Measúnú a dhéanamh
Measúnú chun Foghlama TPFS Dhá ‘Bhealach’ aitheanta le Measúnú a dhéanamh ‘An dá cheann…agus’ ní ‘an ceann seo…nó’ Go minic úsáideann cleachtas an mheasúnaithe an dá cheann in éineacht Cathain a bhíonn béim ar cheann acu níos oiriúnaí ná béim ar an gceann eile?

6 Luaitear cúig phrionsabal le McF sa seomra ranga:
Measúnú chun Foghlama TPFS Luaitear cúig phrionsabal le McF sa seomra ranga: An Rún Foghlama a chomhroinnt Na Critéir Rathúlachta a chomhroinnt Ceistiú ar ardchaighdeán bunaithe ar na Critéir Rathúlachta Aiseolas a thabhairt bunaithe ar na Critéir Rathúlachta Piarmheasúnú agus Féinmheasúnú

7 An Rún Foghlama a Chomhroinnt
Measúnú chun Foghlama TPFS An Rún Foghlama a Chomhroinnt Ba chóir go mbeadh tuiscint shoiléir ag daltaí ar rún foghlama gach ceachta (cuir ar an gclár dubh ag tús an ranga é) Is é atá i gceist leis an rún foghlama ná an cuspóir atá agat maidir leis na rudaí a bheidh ar eolas ag daltaí, na rudaí a thuigfidh siad nó a bheidh siad in ann iad a dhéanamh ag deireadh an ranga Samplaí: Ag deireadh an ranga seo ba cheart go mbeifeá in ann gaineamh, salann agus uisce a dheighilt óna chéile Ag deireadh an ranga seo ba cheart go mbeifeá in ann carachtar … a thuiscint Ag deireadh an ranga seo ba cheart go mbeifeá in ann léaráid de … a tharraingt

8 Ag Comhroinnt na gCritéar Rathúlachta
Measúnú chun Foghlama TPFS Ag Comhroinnt na gCritéar Rathúlachta Tabhair critéir shoiléire shothuigthe atá bainteach leis an rún foghlama do na daltaí Sampla: - ba cheart go mbeifeá in ann gaineamh, salann agus uisce a dheighilt óna chéile agus tú ag baint úsáide as modhanna áirithe, agus ba cheart go dtuigfeá na fáthanna go bhfuil siad deighilte Cabhraigh le daltaí chun na caighdeáin a bhfuil siad ag díriú orthu a aithint – taispeáin dóibh obair dhaltaí eile a shroich na critéir rathúlachta agus mínigh na fáthanna gur shroich

9 Ceistiú ar Ardchaighdeán
Measúnú chun Foghlama TPFS Ceistiú ar Ardchaighdeán Cruthaigh atmaisféar ranga ina mbraitheann na daltaí go léir slán maidir le seans a thógáil agus le botúin a dhéanamh Cén sainmhíniú a bheadh agat ar cheist mhaith? (Cén fáth ceisteanna a chur sa rang?) Ceann a thugann ar na daltaí smaoineamh Ceann a spreagann plé Ceann a bhfuil freagra ag gach dalta uirthi Ceann a bhfuil aidhm aici… Tá daltaí ann nach dtugann freagraí sa rang ar chúiseanna éagsúla. Conas a spreagann tú na daltaí seo le freagraí a thabhairt sa rang?

10 Measúnú chun Foghlama TPFS Ceistiú Agus muid ag féachaint ar cheistiú sa seomra ranga ba chóir dúinn breathnú ar: Tráth feithimh Éagsúlacht sa cheistiú Forbairt eochaircheisteanna (le haghaidh céimeanna tábhachtacha sa cheacht) Caighdeán na gceisteanna (Cén fáth go..? An bhféadfá míniú a thabhairt ar…?) Ceisteanna dea-phleanáilte Níos mó ná dalta amháin páirteach sa fhreagairt

11 Measúnú chun Foghlama TPFS Aiseolas trí Ráiteas Cé chomh soiléir is a bhíonn an t-aiseolas a thugaimid do dhaltaí? ‘caithfidh tú iarracht níos fearr a dhéanamh’ ‘déan tuilleadh forbartha ar na smaointe seo’ ‘iarracht mhaith, coinnigh suas í’ ‘gá le breis sonraí anseo’ Cén chiall a bhaineann an dalta as an aiseolas? ‘léiríonn tic gur dócha gur maith leis é’ ‘tá a lán scríbhneoireachta ag an deireadh – ciallaíonn sé seo go bhfuil sé go dona’ ‘seo ceann de na cinn is fearr agam mar tá an scríbhneoireacht néata, sheiceáil mé an litriú agus chuir mé isteach an dáta’

12 Aiseolas trí Ráiteas Gan ach ráiteas mar mharcáil v bronnadh marcanna
Measúnú chun Foghlama TPFS Aiseolas trí Ráiteas Gan ach ráiteas mar mharcáil v bronnadh marcanna Freagraíonn daltaí níos fearr do ráitis chuiditheacha seachas grádanna amháin Cuireann marcanna an bhéim ar an gcomórtas agus ní ar an dul chun cinn pearsanta, téann siad i gcoinne na foghlama comhoibrithí Cuireann marcanna lagmhisneach ar dhaltaí a ghnóthaíonn torthaí ísle Ní thugann marcanna comhairle d’fhoghlaimeoirí maidir le conas is féidir feabhas a chur ar a gcuid oibre

13 Measúnú chun Foghlama TPFS Aiseolas Éifeachtach An uair is éifeachtaí d’aiseolas ná nuair a chuireann sé in iúl do na daltaí: a Láidreachtaí a Laigí an chéad chéim Eile (agus conas) (L.L.E.)

14 Piarmheasúnú agus Féinmheasúnú
Measúnú chun Foghlama TPFS Piarmheasúnú agus Féinmheasúnú Féinmheasúnú Tá na daltaí páirteach sa mheasúnú ar a bpíosa oibre féin agus tá siad freagrach as an measúnú sin (Tá fios na gcritéar rathúlachta ag na daltaí) Piarmheasúnú Tá na daltaí páirteach i measúnú obair dhaltaí eile (ba chóir go mbeadh tuiscint shoiléir ag na daltaí ar cad atá á lorg acu in obair a gcomhdhaltaí) Is minic a théann piarmheasúnú agus féinmheasúnú in éineacht. Is féidir le piarmheasúnú bheith mar chabhair ag féinmheasúnú. Faigheann daltaí léargas ar a gcuid oibre féin trí bhreithmheas a thabhairt ar obair a gcomhpháirtithe

15 Piarmheasúnú agus Féinmheasúnú
Measúnú chun Foghlama TPFS Piarmheasúnú agus Féinmheasúnú Tá cuid mhór buntáistí ag piarmheasúnú agus ag féinmheasúnú thar obair atá measúnaithe ag an múinteoir, de réir na litríochta. Éilíonn siad ar dhaltaí freagracht a ghlacadh as a gcuid oibre féin (bheith réamhghníomhach ina leith) Spreagann siad an fhoghlaim trí phlé agus chíoradh (iarrtar ar dhaltaí a dtuairimí a chosaint) Cuireann siad leis an inspreagadh agus leis an tsuim Tugann siad ar dhaltaí machnamh a dhéanamh Forbraíonn siad scileanna comhoibrithe

16 Straitéisí le haghaidh Féinmheasúnaithe
Measúnú chun Foghlama TPFS Straitéisí le haghaidh Féinmheasúnaithe Soilse tráchta Iarrtar ar dhaltaí cód dathanna a úsáid le tuiscint reatha ar thorthaí foghlama a léiriú Samplaí oibre Tugtar samplaí oibre do dhaltaí. Iarrtar orthu an píosa oibre is fearr a aithint maraon le botúin choitianta agus cad iad na cúiseanna atá leo Scéimeanna marcála Tugtar scéim mharcála do dhaltaí agus iarrtar orthu í a úsáid chun a bhfreagraí féin a cheartú

17 Straitéisí le haghaidh Piarmheasúnaithe
Measúnú chun Foghlama TPFS Straitéisí le haghaidh Piarmheasúnaithe Tosaigh le céim bheag agus bog ar aghaidh de réir a chéile m.sh. Iarr ar an 1ú Bhliain cóipleabhair a mhalartú, a sheiceáil go bhfuil lipéid curtha ar léaráidí, go bhfuil eochairfhocail do thopaicí in úsáid Tabhair freagraí do thriail dóibh agus iarr orthu trialacha a chéile a cheartú (triail ghairid) Iarr ar dhaltaí ceisteanna TS nó AT a fhreagairt, tabhair scéim mharcála dóibh agus iarr orthu ceisteanna a chéile a cheartú

18 Modheolaíochtaí Teagaisc McF
Measúnú chun Foghlama TPFS Modheolaíochtaí Teagaisc McF Gan ach ráiteas mar mharcáil Ionchur ó dhaltaí i gcinntí faoi obair bhaile Daltaí ag scríobh ceisteanna do thrialacha Daltaí ag cur ceisteanna Ceistiú ag an múinteoir (gan lámha in airde!) Tráth feithimh Obair ghrúpa (ar chleachtaí ranga) Féinmheasúnú ag daltaí (soilse tráchta) Piarmheasúnú ag daltaí Eile…

19 Cén fáth Measúnú chun Foghlama - taighde
TPFS Cén fáth Measúnú chun Foghlama - taighde Spreagann McF daltaí le bheith níos gníomhaí agus níos freagraí mar rannpháirtithe ina gcuid foghlama féin Tá sé ráite go bhfuil an neartú gnóthachtála a bhaineann le measúnú múnlaitheach ar na cinn is mó a tuairiscíodh riamh mar thoradh ar idirghabháil oideachasúil (ECFE/OECD, 2005) Leanann dul chun cinn i bhfoghlaim daltaí measúnú múnlaitheach agus is i gcás na ndaltaí laga is mó an dul chun cinn (Black and Wiliam, King’s College London, 2000)

20 Cén fáth Measúnú chun Foghlama – pleanáil agus feabhsú scoile
TPFS Cén fáth Measúnú chun Foghlama – pleanáil agus feabhsú scoile Spreagann sé múinteoirí chun machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas ranga Daingníonn sé cultúr cleachtais nuálaigh Cothaíonn sé cultúr comhoibríoch i measc múinteoirí laistigh de réimsí ábhar agus ó réimsí éagsúla ábhar Cuireann sé an teagasc agus an fhoghlaim ar chlár na forbartha scoile Ba chóir tarraingt ar McF níos minicí i gcomhar le modhanna eile measúnaithe (Tuarascálacha Cigireachta Scoile )

21 Measúnú chun Foghlama TPFS C & F Roinnt samplaí ó scoileanna…

22 Ag tabhairt Measúnú chun Foghlama isteach i do scoil
TPFS Ag tabhairt Measúnú chun Foghlama isteach i do scoil

23 Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 1
Measúnú chun Foghlama TPFS Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 1 Feasacht na foirne maidir le prionsabail McF srl. Bileog oibre 1 – Cleachtas measúnaithe aonair Cinneadh maidir le conas McF a thabhairt ar aghaidh: - ranna ábhar? - grúpaí éagsúla? Machnamh ar chleachtas measúnaithe ag roinn ábhair/ tascghrúpa McF – Bileog oibre 2 Athbhreithniú roinne ábhair/tascghrúpa McF ar McF – Bileog oibre 3

24 Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 2
Measúnú chun Foghlama TPFS Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 2 Roghnaigh straitéisí ar fiú triail a bhaint astu le spriocghrúpa daltaí (go minic 1ú Bhliain, Idirbhliain & 5ú Bliain) – Bileog oibre 3 Bain úsáid as Teimpléad Plean Gnímh Leag síos critéir m.sh. Rannpháirtíocht níos fearr nó dáilte níos cothroime, feabhas i dtorthaí trialacha, rátáil sásaimh níos airde, feabhas ó thaobh cruthúnas grúpaí daltaí ar leith, próifíl iompair feabhsaithe, breis freagraí ar cheisteanna agus iad níos saibhre… Comhaontaigh róil, tréimhse ama, acmhainní, modhanna monatóireachta agus meastóireachta

25 PLEAN GNÍMH MEASÚNAITHE
Measúnú chun Foghlama TPFS PLEAN GNÍMH MEASÚNAITHE GRÚPA:_________________ DÁTA:____________ STRAITÉIS ‘McF’ SPRIOC-GHRÚPA (RANG, BLIAIN,) MÉID AMA LEAGTHA SÍOS DON CHLEACHTAS GNÍOMHAÍOCHTAÍ (CÉARD ATÁ LE DÉANAMH?) CRITÉIR RATHÚLACHTA (CONAS A BHEIDH A FHIOS AGAT AN BHFUIL AG ÉIRÍ LEIS?) DÁTA LE hAGHAIDH ATHBHREITH-NITHE Is féidir le múinteoirí aontú ar triail a bhaint as líon teicnící féachaint an bhfuil aon dul chin cinn suntasach san fhoghlaim, san inspreagadh nó i gcuimsiú na ndaltaí go léir. Is féidir athbhreithniú tar éis tréimhse áirithe ama a phlé féachaint an bhfuil an teicníc ina cabhair agus an scaipfí amach níos leithne í, an leanfaí léi, an stopfaí í nó an leasófaí í.

26 Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 3
Measúnú chun Foghlama TPFS Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 3 Cuir modheolaíochtaí aontaithe i bhfeidhm agus lean modhanna aontaithe breathnóireachta, monatóireachta agus measúnaithe Buaileadh ranna ábhar/tascghrúpaí McF le chéile le hathbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus le ceisteanna agus deacrachtaí atá ag teacht chun solais a phlé

27 Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 4
Measúnú chun Foghlama TPFS Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 4 Réitíodh gach roinn ábhair/tascghrúpa McF tuairisc roimh lánseisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar McF sa scoil iomlán Imlínte na tuairisce - na rudaí ar bhaineamar triail astu (straitéisí, rangú daltaí, amscála, cúinsí comhthéacs) - na rudaí a tharla - na rudaí a chruthaigh go maith (déan tagairt do na critéir rathúlachta) - na rudaí nár éirigh leo - ceachtanna foghlamtha – aidhmeanna don am atá romhainn

28 Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 5
Measúnú chun Foghlama TPFS Ag pleanáil le haghaidh McF – Céim 5 Socraigh lánchruinniú den fhoireann go léir chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tionscnamh McF Taispeánadh gach roinn/tascghrúpa ‘póstaer’ nó déantar cur i láthair gairid bunaithe ar an tuairisc C & F gairid tar éis gach cur i láthair Bíodh seisiún le plé iomlánach i ndiaidh an taispeántais/an chur i láthair agus é mar aidhm aige na príomhbhuntáistí agus na cúiseanna imní a aimsiú Aontaigh obair leanúnach don tionscnamh i bprionsabal: An ndaingneoidh agus an leathnóidh ranna ábhar cleachtas McF/an mbeidh ann do ghrúpaí tionscnaimh nua McF chun tús a chur le cleachtas leanúnach McF? An bhfuil impleachtai ann do pholasaí uile-scoile? An féidir go mbeadh tiomantas ann go mbainfí úsáid níos forleithne as straitéisí McF? An gá go bhfiosródh coiste traschuraclaim an cúram?

29 Ceardlann – Ag tabhairt McF isteach inár Scoil
Measúnú chun Foghlama TPFS Ceardlann – Ag tabhairt McF isteach inár Scoil Dúshláin? Conas dúshláin a shárú (céard iad na rudaí ar éirigh leo i scoileanna?) Eochairthosca le haghaidh rathúlachta

30 Tosca Pleanála le cur san áireamh
Measúnú chun Foghlama TPFS Tosca Pleanála le cur san áireamh Réamhphleanáil Am srl. Róil agus Cúraimí Teagmhais aon uaire – ag tacú le modhanna reatha/polasaithe Critéir ó dhaltaí maidir le rathúlacht Ábhair acmhainní Eolas do thuismitheoirí Cur i bhfeidhm Tionscnaimh Meastóireacht

31 Measúnú chun Foghlama Acmhainní Ar Líne
TPFS Measúnú chun Foghlama Acmhainní Ar Líne ‘Inside the Black Box: Raising Standards through Assessment’ (Black & Wiliam) ( CNCM – McF ( Assessment for Learning – QCA ( The Standards Site (

32 Acmhainní Ar Líne 2 www.ltscotland.com/assess
Measúnú chun Foghlama TPFS Acmhainní Ar Líne 2 Foilseacháin ar Mheasúnú ar fáil ar:


Download ppt "An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile"

Similar presentations


Ads by Google