Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile

Similar presentations


Presentation on theme: "An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile"— Presentation transcript:

1 An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile
“Tionscnamh ag scoileanna ar mhaithe le scoileanna” Seimineár Réigiúnach 2008 Féinmheastóireacht Scoile Fócas ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim

2 Aidhm Díriú ar an bhféinmheastóireacht mar straitéis chun cáilíocht an teagaisc agus na foghlama a fheabhsú: Go hachomair: Fiosrú a dhéanamh ar an gcaoi le cur chuige féinmheastóireachta i leith an teagaisc agus na foghlama a chothú mar chuid de phleanáil ábhar agus d’athbhreithniú leanúnach scoile

3 Taighde ar an bPFS – Torthaí ón Ríocht Aontaithe…
Ní leanann feabhsú scoile PFS uaidh féin Ní mór go mbeadh fócas ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim agus ar ghnóthachtáil daltaí (MacGilchrist et al, 1995)

4 Féinmheastóireacht ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim
Ceisteanna le breathnú: Cáilíocht ghafacht na ndaltaí Cáilíocht thaithí na foghlama Atmaisféar ranga

5 Plé “When I go into a classroom where the quality of learning is high, I see…” (Hesketh, 2008) “Nuair a théim isteach i seomra ranga a bhfuil ardcháilíocht foghlama ann, feicim…”

6 Cé na teicnící teagaisc a chabhraíonn le daltaí foghlaim (% an-chabhrach)
Míníonn múinteoirí go soiléir (72%) Bíonn áit ann do spraoi (41%) Is féidir tuairim a chur in iúl (36%) Obair ghrúpa le cairde (30%) Obair phraiticiúil (30%) Nótaí a chóipeáil (29%) Rudaí a fháil amach (25%) Teagasc múinteora (18%) (ITES/CNCM) (ESRI/NCCA)

7 Fócas ar Fhéinmheastóireacht

8 Bealaí le cur chuig féinmheastóireacht: - eochairghnéithe
A. Deis le Féinmheastóireacht a dhéanamh: Duine Aonair Roinn Ábhair Foireann B. Próiseas na Féinmheastóireachta: Cleachtas Reatha Cleachtas Feabhsaithe C. Critéir Rathúlachta – Torthaí Gafacht Daltaí Breisiú Gnóthachtála

9 Céard atá i gceist le féinmheastóireacht ar an Teagasc/ar an bhFoghlaim?
Fiosrúchán córasach, bunaithe ar fhianaise, maidir le gné den teagasc agus den fhoghlaim Tá sé mar aidhm aici a fháil amach cé chomh maith is atá an roinn/an múinteoir ag cruthú i gcomparáid le caighdeáin aontaithe i leith dea-chleachtais Treoraíonn sí an múinteoir/roinn an ábhair maidir le roghnú tosaíochtaí i bpleanáil le haghaidh feabhsúcháin

10 Féinmheastóireacht ar an Teagasc agus ar an bhFoghlaim
Is féidir/Ba cheart go mbeadh sí mar chuid d’fhócas forbarthach ranna ábhar Is féidir le múinteoir aonair í a dhéanamh chun tacú le cleachtas machnamhach mar chur chuige i leith feabhsú teagaisc agus foghlama Céard é do thaithí go dtí seo?

11 Réimsí a bhféadfadh Ranna Ábhar/Múinteoirí díríú orthu le haghaidh Féinmheastóireachta
Torthaí na foghlama Critéir rathúlachta Luas Ceistiúchán Straitéisí litearthachta m.sh: úsáid eochairfhocal Difreáil Measúnú/obair bhaile Eagrú ranga Caidreamh múinteora-dalta Atmaisféar ranga Obair ghrúpa/phéire

12 Próiseas na Féinmheastóireachta - eochairchéimeanna
I gcás réimse tofa: Déan cinneadh faoi céard atá i gceist le dea-chleachtas Bailigh sonraí iontaofa faoin gcleachtas mar atá Comhordaigh agus bain ciall as na sonraí– fianaise Bain tátail bhailí as na sonraí gur féidir seasamh leo Roghnaigh tosaíochtaí le haghaidh feabhsú pleanáilte

13 Uirlisí na Féinmheastóireachta
Ceistneoirí Agallaimh Breathnóireacht Anailís ar obair daltaí Corrsheiceáil Anailís ar theagmhas criticiúil Anailís réimse fórsa Póstaeir, greamáin, ticéid scoir Fiosrú grianghrafchuidithe Féach Aonad 5, Dréacht-threoirlínte PFS (lth )

14 Ag obair i gcomhpháirt le daltaí mar chuid d’fhéinmheastóireacht
Trí uirlis shamplacha le húsáid: Anailís réimse fórsa Corrsheiceáil Ceistneoir ar mhodheolaíochtaí múinteoireachta Tógadh na trí shleamhnán seo a leanas ó MacBeath, 2005: The Self-Evaluation File

15 An Réimse Fórsa

16 Corrsheiceáil An intinn dírithe 1 2 3 Ag smaoineamh ar rudaí eile
Airdeallach Codlatach Suaimhneach Míshuaimhneach Ag iarraidh bheith anseo Ag iarraidh bheith áit éigin eile Sona Brónach Gníomhach Éighníomhach Spreagtha Bréan den obair An t-am ag imeacht go tapaidh An t-am ag imeacht go mall Lán d’fhuinneamh Fíorbheagán fuinnimh Rud éigin i ngeall air Gan faic i ngeall air Cuideachtúil Uaigneach Furasta an intinn a dhíriú Deacair an intinn a dhíriú Croíúil Cantalach Furasta bheith cruthaitheach Deacair bheith cruthaitheach

17 Ag éisteacht leis an múinteoir
Ceistneoir ar mhodheolaíochtaí teagaisc: Cé chomh minic is a úsáidim an cur chuige seo? Cé chomh mór is a chabhraíonn sé leat foghlaim? Ag éisteacht leis an múinteoir Ag tabhairt freagra ar cheisteanna an mhúinteora Ag déanamh turgnamh Ag obair ar an ríomhaire Ag féachaint ar fhíseán Ag éisteacht le téip Rólghlacadh Ag obair i ngrúpa Ag breacadh nótaí fad atá an múinteoir ag caint Ag breacadh nótaí ó leabhar nó ó bhileog oibre Ag cruthú rudaí (MacBeath, 2005 lth )

18 Cáilíocht an Teagaisc agus na Foghlama (Ag Breathnú ar an Scoil Againne, Réimse 4)
Atmaisféar Ranga Meas Idirghníomhaíochtaí Timpeallacht Dearbhchothú Foghlaim Gafacht Tuiscint Eolas agus inniúlacht Comhfhoghlaim/Foghlaim neamhspleách Cumarsáid Modheolaíocht Modheolaíochtaí cuí Soiléire ó thaobh aidhme de Luas agus struchtúr an cheachta Raon straitéisí Úsáid acmhainní Bainistiú Ranga Smacht Bainistiú gníomhaíochtaí foghlama Dúshlán & inspreagadh

19 Cáilíocht an Teagaisc agus na Foghlama (Ag Breathnú ar an Scoil Againne, Réimse 4)
Gné B: Teagasc agus Foghlaim Comhpháirt iv: Foghlaim Téama: “A ghníomhaí agus a neamhspleáí a bhíonn daltaí gafa sa bhfoghlaim, agus an chaoi a léirítear cáilíocht a dtuisceana ina gcuid ceistiúcháin agus ina gcuid freagraí ar cheisteanna”

20 Straitéis Teagaisc agus Foghlama
Fócas ar Cheistiúchán Straitéis Teagaisc agus Foghlama

21 Plé Cén aidhm atá leis na ceisteanna a chuireann sibh le linn rang ar bith?

22 Cén fáth a gcuirimid ceisteanna?
Chun spéis agus inspreagadh a fhorbairt Chun ullmhúchán agus réamheolas daltaí a mheas Chun deacrachtaí nó bacainní foghlama a aithint Chun daltaí a spreagadh le ceisteanna a chur Chun foghlaim neamhspleách a spreagadh Chun obair bhaile/obair ranga a sheiceáil Chun smaointeoireacht chriticiúil/scileanna fiosrúcháin a fhorbairt Chun gnóthachtáil a mheas

23 Céard atá á iarraidh ar dhaltaí nuair a chuirtear ceist orthu?
I gcás ceiste ní mór don dalta: Aire a thabhairt/éisteacht/an bhrí a thabhairt leis An chiall a oibriú amach Freagairt neamhfhollas a ghiniúint (i.e. freagra a chumadh san intinn) Freagairt fhollas a ghiniúint – agus an fhreagairt a athbhreithniú b’fhéidir mar thoradh ar bhreis ceistiúcháin ón múinteoir Machnamh a dhéanamh agus foghlaim trí phlé

24 Tráth feithimh: Tar éis Ceist a chur
Meán-tráth feithimh - 1 soicind Tá neartú gnóthachtála ceangailte le méadú sa tráth feithimh go 3 shoicind nó os a chionn, tar éis ceist íos-oird a chur Dealraíonn sé nach bhfuil aon tairseach a bhaineann le tráth feithimh i gcás ceisteanna ardoird. Ach dá fhad é an tráth feithimh is ea is mó gafacht na ndaltaí

25 Cén saghas ceisteanna a chuireann tú
Cén saghas ceisteanna a chuireann tú? (Féach Tacsanamaíocht um Cheistiú Bloom) Eolas Tuiscint Feidhmiú Anailís Sintéis Meastóireacht

26 Pleanáil le haghaidh Ceistiúcháin Curtha in oiriúint ó E C Wragg
Aithin na heochaircheisteanna i leith rúin fhoghlama an cheachta Déan cinneadh maidir le leibhéal, ord agus uainiú na gceisteanna Leathnaigh an ceistiúchán – ag smaoineamh ar fhocheisteanna le cur Déan anailís ar fhreagraí a bhfuil tú ag súil leo agus ar fhreagairtí a d’fhéadfaí a thabhairt

27 Ceistiúchán sa Seomra Ranga Saincheisteanna le breathnú
Aithin raon/éagsúlacht reatha na gceisteanna Riachtanas cognaíoch – meabhrú nó cruthaitheach/le haghaidh meastóireachta Tráth feithimh 1 agus tráth feithimh 2 Cén chaoi a roghnaítear an freagraí? Freagairt ‘Gan lámha in airde’ Na freagraí ceaptha ag péirí, grúpaí srl. Cén chaoi a bpléitear le ‘freagraí míchearta’? ‘Cultúr’ an tseomra ranga ó thaobh freagraí a thabhairt – ‘slán’ freagra a thabhairt Cén chaoi a dtógtar ar ‘sheisiúin cheistiúcháin’? Ceisteanna ceaptha ag daltaí – (triailcheisteanna san áireamh)

28 Próiseas na Féinmheastóireachta
Eochairchéimeanna i leith ceistiúcháin: Déan cinneadh faoi céard atá i gceist le dea-chleachtas i ndáil le ceistiúchán Bailigh sonraí iontaofa faoin gcleachtas atá agat i leith ceistiúcháin (Cén chaoi a ndéanfá é seo?) Comhordaigh agus bain ciall as na sonraí atá bailithe agat maidir leis an leas a bhaineann tú as ceisteanna - fianaise Cé na tátail is féidir leat a bhaint as an bhfianaise seo faoin leas a bhaineann tú as ceisteanna Leag síos tosaíochtaí ó thaobh bealaí nua le cur chuig ceistiúchán le haghaidh feabhsú pleanáilte 28

29 Ceardlann Agus athruithe sa chur chuige atá agat i leith ceistiúcháin curtha i gcrích agat thar thréimhse, conas a thabharfá faoina n-éifeachtacht a mheas? Cén fhianaise/Cé na táscairí a lorgófá lena léiriú go raibh bealaí nua sa chur chuige ag déanamh difríochta?

30 Straitéisí Feabhsaithe i leith Ceistiúcháin: Táscairí/Torthaí
Straitéis ann i leith ceistiúcháin – (minicíocht, in oiriúint do chumas, AO, ÍO, srl.) Gafacht níos fearr ag daltaí – (níos mó rannpháirtíochta i ngnáthaimh cheistiúcháin ó bhéal) Daltaí laga níos sofhreagraí Daltaí cumasacha ag úsáid níos mó scileanna ardoird smaointeoireachta Feabhas i ngóthachtáil – neartú i dtriailscóir Níos lú cur isteach ar obair ranga Níos mó gafachta le hObair Bhaile Cáilíocht an Obair Bhaile feabhsaithe Idirghníomhaíocht dhearfach múinteora-dalta Níos mó sásaimh as post an mhúinteora Eile?

31 Cén chaoi ar féidir leat cur chuige féinmheastóireachta i leith an teagaisc agus na foghlama a chur chun cinn/a dhaingniú i do scoil? Spreag gach roinn chun réimse le forbairt/le meastóireacht a dhéanamh air a roghnú gach bliain Pléigh leis an bhfoireann bealaí le tabhairt faoi chur chuige córasach i leith féinmheastóireachta Cuir béim ar a thábhachtaí atá sé leas a bhaint as taighde/teoiric atá ar fáil faoin réimse tofa Spreag cur chuige comhoibritheach – comhroinnt teoirice, forbairt uirlisí comhchoiteanna um meastóireacht, piarbhreathnóireacht Aithin pócaí dea-chleachtais agus aimsigh bealaí lena gcomhroinnt Spreag baill gach roinne chun tuairisc a thabhairt dá gcomhghleacaithe ar thorthaí phróiseas na meastóireachta – torthaí fhoghlaim na roinne de bharr a cuid oibre

32 Ábhair Bhreise

33 Bheith in ann ceisteanna a chur sa rang
CNCM/ITES (NCCA/ESRI): Gearing up for the Exam Gnéithe de thaithí daltaí a bhí mar bhun le hidirghníomhaíochtaí dearfacha le múinteoirí Bheith in ann ceisteanna a chur sa rang Moladh a fháil as freagraí sa rang/obair scríofa mhaith Go gcaitear leo le cothroime agus le meas Aiseolas dearfach Comhairliúchán le daltaí faoina gcuid foghlama / saincheisteanna a bhaineann lena dtaithí scoile Iad a bheith san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta

34 Gan aon aiseolas dearfach a fháil i leith a gcuid oibre
CNCM/ITES (NCCA/ESRI): Gearing up for the Exam Gnéithe de thaithí daltaí a bhí mar bhun le hidirghníomhaíochtaí diúltacha le múinteoirí Gan aon aiseolas dearfach a fháil i leith a gcuid oibre Múinteoirí ag tabhairt amach dóibh go minic as mí-iompar sa rang nó gan an obair a bheith déanta acu Gan go leor misnithe nó dúshláin le suim/ gafacht a choinneáil Fabhraíocht a léiriú i gcás daltaí áirithe (bheith níos déine ar bhuachaillí ná ar chailíní) Bhraith os cionn 10% de dhaltaí nach raibh obair scoile suimiúil

35 Straitéisí don Seomra Ranga
Chun daltaí a spreagadh le bheith rannpháirteach agus chun déileáil go héifeachtach lena bhfreagraí, breathnaigh iad seo a leanas: Smaoinigh, déan péirí, comhroinn, déan grúpaí de cheathrar Tabhair leid do dhaltaí Bain úsáid as freagra mícheart ag dalta chun tuiscint a fhorbairt Bíodh níos mó ná dalta amháin / rang iomlán páirteach sa fhreagra Éist agus freagair go dearfach (tabhair seal beag, tabhair leid, tabhair moladh) Chun cabhrú le daltaí a gceisteanna féin a cheapadh: Samhaltaigh an ceistiú do dhaltaí Cuir deiseanna ar fáil do dhaltaí chun a scileanna a chleachtadh Cuir am san áireamh le haghaidh ceisteanna ó dhaltaí agus le plé éifeachtach a dhéanamh ar na ceisteanna sin

36 Fréamhacha Ceisteanna
Cén chaoi ar féidir linn bheith cinnte go…? Céard atá mar an gcéanna agus céard atá difriúil i gcás…? An mbíonn sé fíor/bréagach riamh/i gcónaí go …? Cén fáth go dtugann ___, ___ agus___ an freagra céanna? Cén chaoi a …? Cén chaoi a míneofá…? Céard a insíonn sé sin dúinn i dtaobh …? Céard atá cearr le …? Cén fáth go bhfuil ___ fíor?

37 Tuiscintí ginearálta i leith ceistiúcháin
Ó thaobh na gnóthachtála de tá níos mó éifeachta ag baint le ceacht ina gcuirtear ceisteanna ná mar atá i gceacht gan cheisteanna Tá ceistiúchán ó bhéal le linn ranga níos éifeachtaí ó thaobh chur chun cinn na foghlama de ná mar atá ceisteanna scríofa Leanann breis tuisceana ceisteanna a dhíríonn ar eochairphointí Tá nasc dearfach idir ceisteanna a chur le linn plé ranga agus foghlaim fíricí

38 Tuiscintí breise I gcás grúpaí atá lagchumasach – tá nasc dearfach idir úsáid rialta ceisteanna íosoird agus gnóthachtáil Leanann gnóthachtáil bhreise san fhoghlaim méadú i gceistneoireacht ardoird (os cionn 20%) Ardaíonn ionchas múinteoirí ina leith siúd atá ceaptha bheith ina bhfoghlaimeoirí laga nuair a mhéadaítear úsáid ceisteanna ardoird go 50%

39 Cáilíocht na foghlama sa seomra ranga? (John West Burnham)
ÉADOMHAIN (CÉN RUD) DOMHAIN (CÉN CHAOI) FODHOMHAIN (CÉN FÁTH) MEÁIN Cuimhne Machnamh Iomas TORTHAÍ Faisnéis Eolas/Fios Gaois FIANAISE Macasamhlú Tuiscint Brí INSPREAGADH Eisintreach Intreach Fíréanta DEARCADH Comhlíonadh Léirmhíniú Cruthaitheacht CAIDREAMH Spleáchas Idirspleáchas Neamhspleáchas

40 Ráitis Shamplacha – Tuarascálacha CÁ 08
…ceistiúchán i scríbhinn, ó bhéal, agus pictiúrtha …díríodh ceisteanna ar dhaltaí ar leith …tugadh spás do dhaltaí lena bhfreagraí a réiteach agus gríosaíodh iad lena lámha a ardú sular roghnaíodh freagraí


Download ppt "An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile"

Similar presentations


Ads by Google