Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Fuinneamh.

Similar presentations


Presentation on theme: "Fuinneamh."— Presentation transcript:

1 Fuinneamh

2 Úsáidimid fuinneamh gach lá.

3 Cad as a dtagann an fuinneamh sin?

4 Foinsí fuinnimh

5 Is foinse fuinnimh í an ghrian. Téann sí gach rud ar domhan.
Súnn painéil ghréine isteach an teas ón ngrian. Úsáidtear an teas sin chun seomraí a théamh agus chun uisce te a chur ar fáil.

6 Is foinse fuinnimh é uisce
Is foinse fuinnimh é uisce. Úsáidimid fuinneamh ó uisce reatha chun leictreachas a ghiniúint i stáisiúin chumhachta. Tugtar hidrileictreachas ar an leictreachas a ghintear le huisce.

7 Is foinse fuinnimh í an ghaoth.
Is féidir leictreachas a ghiniúint ar fheirmeacha gaoithe.

8 Is foinse fuinnimh é an gual.
Faoin talamh a bhíonn an gual. Baintear as an talamh trí mhianadóireacht é.

9 Is foinse fuinnimh í an mhóin.
Baintear as an bportach í.

10 Is foinse fuinnimh í an ola.
Faightear faoin bhfarraige nó faoin talamh í.

11 Is foinse fuinnimh é an gás.
Faightear faoin bhfarraige nó faoin talamh é.

12 Úsáidtear na foinsí fuinnimh seo le leictreachas a dhéanamh, i measc rudaí eile.
Úsáidimid an leictreachas sin gach lá – sa bhaile, ar scoil agus ag an obair, mar shampla.

13 Is féidir na foinsí fuinnimh a roinnt ina dhá ngrúpa.
Foinsí in-athnuaite fuinnimh Ní thiocfaidh deireadh leis na foinsí in-athnuaite go deo. Foinsí neamh-in-athnuaite fuinnimh Tiocfaidh deireadh amach anseo leis na foinsí neamh-in-athnuaite.

14 An foinsí in-athnuaite nó neamh-in-athnuaite iad seo?

15 An raibh an ceart agat? Foinsí in-athnuaite fuinnimh Foinsí
neamh-in-athnuaite fuinnimh

16 Breoslaí Iontaise Breoslaí iontaise a thugtar ar ghual, ar ghás, ar ola agus ar mhóin. Faighimid breoslaí iontaise faoin talamh nó faoin bhfarraige. Is é atá sna breoslaí iontaise, iarsmaí d’ainmhithe agus de phlandaí a fuair bás fadó. Ainmhithe agus Plandaí Marbha faoi Uisce Brú agus Teas na Milliún Bliain Breoslaí Iontaise

17 Ó bhreoslaí iontaise is mó a thagann an fuinneamh a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint in Éirinn. Is iad na breoslaí iontaise is mó a úsáidtear freisin mar bhreosla le haghaidh na modhanna iompair éagsúla. Tiocfaidh deireadh leis na breoslaí iontaise lá éigin. Is foinse neamh‑in‑athnuaite fuinnimh iad. Ba cheart dúinn tréaniarracht a dhéanamh fuinneamh a chaomhnú, mar sin.

18 Conas is féidir linn fuinneamh a chaomhnú?

19 Ísligh an teas. Múch na soilse mura mbíonn gá leo. Ná fág an teilifís ar fuireachas. Tóg cith seachas folcadh. Déan do chuid taistil ar an rothar seachas sa charr má tá sé sábháilte sin a dhéanamh.

20 Painéal gréine a dhéanamh
Turgnamh: Painéal gréine a dhéanamh Fearas Péint dhubh Dhá bhosca phlaisteacha Uisce Teirmiméadar Scannán cumhdaithe Modh Úsáid an phéint dhubh chun an taobh istigh de bhosca amháin a phéinteáil. Fan tamall go dtriomóidh sí. Cuir beagán uisce sa dá bhosca. Tomhais an teocht sa dá bhosca. Bain úsáid as an teirmiméadar. Cuir scannán cumhdaithe thar bhéal na mboscaí. Fág in áit ghrianmhar iad.

21 Tomhais teocht an uisce tar éis cúpla uair an chloig.
Tuar An dtéifidh an t-uisce i mbosca amháin níos tapúla ná an t-uisce sa bhosca eile? Cé acu bosca ina dtarlóidh sé sin? Tomhais teocht an uisce tar éis cúpla uair an chloig.

22 Céard a tharla? Théigh an t-uisce sa bhosca dubh níos tapúla ná an t-uisce sa bhosca eile.

23 Ionsúnn nithe dorcha níos mó teasa ná nithe geala
Ionsúnn nithe dorcha níos mó teasa ná nithe geala. Mar sin, bíonn dath dubh ar phainéil ghréine chun a oiread teasa agus is féidir a shú isteach.

24 Fíor nó Bréagach? Ráiteas Fíor Bréagach Is foinse fuinnimh é uisce.
Dóitear breoslaí iontaise chun leictreachas a ghiniúint. Is foinse neamh-in-athnuaite fuinnimh í an ghrian. Faightear móin i bportach. Is foinse in-athnuaite fuinnimh í an ola. Úsáidtear uisce chun hidrileictreachas a ghiniúint. Is foinse in-athnuaite fuinnimh í an ghaoth. Faoin talamh a bhíonn an gual. Is breoslaí iontaise iad ola agus gás.

25 Cluiche Meaitseála

26 Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo:

27 Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir íomhánna ar fáil do na sleamhnáin seo: Ken Hodge (kenhodge13 ar an suíomh Íomhánna eile: Shutterstock Léaráidí: Christine Warner Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1


Download ppt "Fuinneamh."

Similar presentations


Ads by Google