Presentation is loading. Please wait.

Presentation is loading. Please wait.

Aidhm an lae inniu – féachaint ar:

Similar presentations


Presentation on theme: "Aidhm an lae inniu – féachaint ar:"— Presentation transcript:

1 An Nascmhúinteoir Litearthachta sa chomhthéacs iarbhunscoile Gaeilge T1

2 Aidhm an lae inniu – féachaint ar:
An Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta i gcomhthéacs na Féinmheastóireachta Scoile. Forbairt na Litearthachta sa chomhthéacs Gaeilge T1…….2020 Tástálacha idirnáisiúnta: PISA 2009 v’s torthaí a seoladh i mí na Nollag 2012 (TIMSS, PIRLS – Rang 4) PIRLS - Progress in International Reading Literacy Study TIMSS - Trends in International Mathematics and Science Study “PIRLS and TIMSS are large international comparative studies of achievement that assess, respectively, the reading, and mathematics and science skills of primary school pupils. TIMSS, but not PIRLS, also has a post-primary component.” Ag deireadh an lae, Aidhm = Dea-chleachtas teagaisc agus foghlama = díriú ar scileanna litearthachta

3 Cén tuiscint atá agat ar an bhfocal seo?
An Litearthacht Cén tuiscint atá agat ar an bhfocal seo? TASC A – U – F (K – W – L) K & W le líonadh ina n-aonar plé/flip chart 4 phrionsabal ó Wray & Lewis (lch.23 Literacy in the Secondary School) Nasc a chruthú le heolas eile / réamheolas / a dtaithí féin Deis pléite – na foghlaimeoirí ag idirghníomhú & ag plé mar rang, i mbeirteanna, I ngrúpaí srl. Comhthéacs téagartha agus oiriúnach ag an bhfoghlaim Feasacht na scoláirí ar an bhfoghlaim a chur chun cinn

4 Forbairt na Litearthachta
Sainmhíniú: Is é atá i gceist sa litearthacht ná an cumas le bheith in ann na cineálacha éagsúla den chumarsáid a léamh, a thuiscint agus léirthuiscint chriticiúil a bheith againn dóibh, an teanga labhartha, téacs clóite, na meáin chraolta, agus na meáin dhigiteacha ina measc. Pg 22 (Literacy in the Secondary School, Wray & Lewis) A useful definition of literacy involves ‘having mastery over the processes by means of which culturally significant information is coded’ (de Castell and Luke, 1986, pg 88) Bunscileanna litearthachta = léamh & scríobh (tuiscint thraidisiúnta) Ach anois meascán de bhunscileanna agus ardscileanna litearthachta…. Nó scileanna próiséala, léirmheastóireachta, srl. Ana-chuid gnéithe – d’fhéadfaimis díriú ar ghnéithe áirithe de réir a chéile inár scoileanna Is féidir leis na scileanna litearthachta éagsúla tacú lena chéile. Tá siad spleach ar a chéile agus tacaíonn m.sh. scil na léitheoireachta le gach scil eile.

5 Réamhrá: …rún daingean … go bhfágfaidh gach duine óg an scoil agus iad in ann léamh, scríobh, cumarsáid a dhéanamh ó bhéal, i scríbhinn agus sna meáin dhigiteacha …. (Litearthacht agus uimhearthacht don fhoghlaim agus don Saol, DES 2011) Béim ar na scileanna teanga go léir & ag athrú de réir mar atá riachtanais an tsaoil ag athrú. Béim ar scileanna don saol seachas oideachas atá dírithe go hiomlán ar scrúduithe Is féidir le hidirghabháil scoile feabhas suntasach a chur le torthaí foghlama maidir le litearthacht.

6 Sainmhíniú: Is é atá i gceist sa litearthacht ná an cumas le bheith in ann na cineálacha éagsúla den chumarsáid a léamh, a thuiscint agus léirthuiscint chriticiúil a bheith againn dóibh, an teanga labhartha, téacs clóite, na meáin chraolta, agus na meáin dhigiteacha ina measc. (Litearthacht agus uimhearthacht don fhoghlaim agus don Saol, DES 2011) Na Scileanna teanga go léir Léirthuiscint chriticiúil – eagarthóireacht ar leabhair ach an féidir gach rud a léitear sna nuachtáin/ar líne a thrust? Úsáid na teicneolaíochta Scileanna don saol

7 Eochairtheachtaireachtaí
Tá níos mó i gceist le litearthacht ná léitheoireacht, scríbhneoireacht agus litriú. Baineann an litearthacht le gach múinteoir (is cuma cén t-ábhar) agus le gach scoláire (is cuma cén leibhéal cumais). Is éascaitheoir é an nascmhúinteoir a spreagfaidh athrú ar mhaithe le dul chun cinn na foghlama. An Chumarsáid – Gaeilge an chlóis v sa seomra ranga. Úsáidtear ‘idirtheanga’…. Cén fáth? Fianaise ó PISA gur tháinig meath ar gach réimse cumais, na scoláirí cumasacha san áireamh. Mar sin tá sé soiléirí go mbaineann an meath atá tagtha ar scileanna L & U le scoláirí ardchaighdeáin freisin (PISA 2009) Dá bhrí sin baineann an Straitéis seo leis na scoileanna T1 Gaeilge freisin, scoláirí laga agus an óige tréitheach (gifted & talented)

8 Coluseum na litearthachta = na scileanna teanga

9 Pg 22 (Literacy in the Secondary School, Wray & Lewis)
A useful definition of literacy involves ‘having mastery over the processes by means of which culturally significant information is coded’ (de Castell and Luke, 1986, pg 88) An Labharthacht. Tá an litearthacht bunaithe ar an gcaint. Féach ár sinsear sa phluais. Insíonn duine scéal agus ansin teastaíonn uait an scéal a scaipeadh leo siúd nach raibh I láthair..mar sin caithfidh tú cód a úsáid .m.sh pictiúir sna pluaiseanna, ogham, siombail éagsúla a léiríonn míniú dúinn. Sa lá atá inniu ann caithfidh páistí níos mó a thuiscint leis na meáin nua I gcomparáid le leabhair áit nach bhfeictear ach siombail mar théacs. Cruthaíthe go dtagann páistí ar an teachtaireacht I bhfad níos tapúla sna meáin ilmhódach.……An Litearthacht Ilmhódach!!

10 Forbhreathnú ar an bpróiseas FMS
Iarrfar oraibh agus ar bhur gcomhleacaithe breathnú ar an Litearthacht trí lionsa na Féinmheastóireachta Scoile. Gach eolas ar fáil ar Príomhoidí tar éis freastal ar sheimineár lae Cuairteanna scoile á reáchtáil ag an gCigireacht Nascmhúinteoirí le ceapadh chun díriú ar an L & U. Próiséas 4 bliana: Litearthacht T1 Litearthacht T2 Uimhearthacht Ba chóir do scoileanna an próiseas a thosú le roinnt ceisteanna faoi theagasc agus faoi fhoghlaim. B’fhéidir go mbeadh na cinn seo a leanas san áireamh: Conas mar atá ag éirí linn? (torthaí foghlama na ndaltaí) Cén fhianaise atá againn? Conas is féidir linn tuilleadh a fháil amach? Cad iad ár láidreachtaí? Cad iad na réimsí ar gá a fheabhsú? Conas is féidir linn feabhsú? Fianaise: Taifid ar dhul chun cinn agus sonraí measúnaithe, foirmitheach agus suimitheach. Tuairimí na scoláirí, na dtuismitheoirí, na múinteoirí agus na bainistíochta. Athmhachnamh an mhúinteora aonair agus athmhachnamh an ghrúpa. Plé gairmiúil agus comhroinnt eispéireas i measc na múinteoirí. Athbhreithniú gairmiúil comhoibríoch ar theagasc agus ar fhoghlaim.

11 Imlitir 0040/2012 Thar tréimhse ceithre bliana ó 2012 ba chóir do na hiar-bhunscoileanna uile gabháil d’fhéinmheastóireacht scoile agus pleananna feabhsúcháin trí bliana a chruthú … I gcoitinne ba chóir do scoileanna gabháil don fhéinmheastóireacht scoile ar ghné amháin de theagasc agus d’fhoghlaim thar na hábhair agus na cláir uile gach bliain. Ba chóir do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge gabháil don bhféinmheastóireacht ar an litearthacht sa Ghaeilge, ar an litearthacht sa Bhéarla agus ar an uimhearthacht sa chéad tréimhse ceithre bliana. I gcoitinne ba chóir do scoileanna gabháil don fhéinmheastóireacht scoile ar ghné amháin de theagasc agus d’fhoghlaim thar na hábhair agus na cláir uile gach bliain. Mar sin féin, aithnítear go bhféadfadh an próiseas níos mó ama a ghlacadh sna céimeanna tosaigh. Thar tréimhse ceithre bliana ó 2012 ba chóir do na hiar-bhunscoileanna uile gabháil d’fhéinmheastóireacht scoile agus pleananna feabhsúcháin trí bliana a chruthú don uimhearthacht1, don litearthacht2 agus do ghné amháin de theagasc agus d’fhoghlaim thar na hábhair agus na cláir uile. Ba chóir do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla gabháil don fhéinmheastóireacht ar an litearthacht sa Bhéarla, san uimhearthacht agus ar ghné amháin de theagasc agus d’fhoghlaim sa chéad tréimhse ceithre bliana. Ba chóir do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge gabháil don bhféinmheastóireacht ar an litearthacht sa Ghaeilge, ar an litearthacht sa Bhéarla agus ar an uimhearthacht sa chéad tréimhse ceithre bliana. Sa scoilbhliain 2012/13, ba chóir do scoileanna tús a chur le próiseas na féinmheastóireachta scoile. Sa bhliain sin ba chóir dóibh ceann amháin de na roghanna seo a leanas a roghnú: an litearthacht, an uimhearthacht, gné amháin de theagasc agus d’fhoghlaim. Sna blianta ina dhiaidh sin, ba chóir dóibh roghnú arís ó na roghanna sin sa chaoi is go mbeidh, laistigh den tréimhse ceithre bliana, tuairisc fhéinmheastóireachta scoile agus plean feabhsúcháin scoile trí bliana don litearthacht, don uimhearthacht agus do ghné amháin de theagasc agus d’fhoghlaim thar an hábhair uile i gcrích.

12 Bunreacht na hÉireann (Airteagal 8)
“Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile." Str. 20 Bl. – Cuirfidh an curaclam ar chumas na daltaí an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn chomh maith le tuiscint a thabhairt dóibh ar fhiúntas na teanga mar phobal. Dearcthaí dearfacha a chothú i leith na Gaeilge Ag an iar-bhunleibhéal, leanfar de bheith ag soláthar difreáil tríd an nGaeilge a thairiscint ag trí leibhéal sa Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht agus beidh béim mhór ar inniúlacht cainte, éisteachta agus scríofa i nGaeilge a chothú agus ar athrú suntasach a chinntiú ina gcuirfear béim ar an nGaeilge mar theanga labhartha, le go mbeidh daltaí in ann cumarsáid agus a bheith i mbun caidrimh ar bhealach nádúrtha agus go labhrófar Gaeilge gach lá sna scoileanna. An Ghaeilge – Scrúdú na hArdteistiméireachta ó 2012 ar aghaidh: Déanfaidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta athbhreithniú ar fheidhmiú an tsiollabais i gcomhthéacs thaithí an chéad chohórt de na hiarrthóirí faoin gcóras measúnaithe athbhreithnithe. Ar na ceisteanna a bhreithneofar san athbhreithniú sin, beidh chomh maith agus a d’éirigh leis an siollabas ó thaobh aghaidh a thabhairt go cuí ar riachtanais gach dalta, lena n-áirítear daltaí a bhfuil ardchumas i nGaeilge acu, go háirithe i scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna. Más gá, déanfar tuilleadh forbartha ar an siollabas i gcomhthéacs thorthaí an athbhreithnithe. Ag an am céanna, tuigeann an Rialtas go maith an tábhacht a bhaineann leis an gcóras oideachais ó thaobh chothabháil na teanga sa Ghaeltacht agus cuireadh an cuspóir sin san áireamh san Acht Oideachais 1998. Tabharfar aitheantas speisialta do scoileanna ina mbíonn dea-chleachtas ó thaobh mhúineadh na Gaeilge. Déanfar raon leathan de théacsleabhair, d’ábhair theicneolaíochta nua agus d’acmhainní le cuidiú le múineadh na Gaeilge agus le múineadh trí Ghaeilge a fhorbairt agus a chur ar fáil. TFC Caithfear deiseanna a chur ar fáil le go n-úsáidfear an teang go nádurtha Agus go gcruthófar gréasáin chainteoirí trí TFC An tAcht Oideachais (9. Feidhmeanna scoile) “chun forbairt na Gaeilge agus thraidisiúin na hÉireann, litríocht na hÉireann, na healaíona agus nithe cultúrtha eile, a chur chun cinn” “i gcás scoileanna atá lonnaithe i limistéar Gaeltachta, chun cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail”

13 Próiseas na Féinmheastóireachta Scoile
1 Bailigh fianaise 2 Déan ainilís ar an bhfianaise 3 Déan breithiúnas faoi láidreachtaí & réimsí forbartha 4 Scríobh tuairisc fhéinmheastóireachta scoile 5 Cum plean feabhsúcháin scoile 6 Cuir PFS i bhfeidhm agus déan monatóireacht

14 Treoirlínte FMS……lch 72 Seicliosta samplach ar fáil chun cabhrú linn tabhairt faoin bhféinmheastóireacht.

15 Every teacher in English is a teacher of English.
English for the English, George Simpson, 1921. Deir an taighde litearthachta go léir go gcuirtear go mór le héifeacht na foghlama má dhíríonn múinteoirí ábhar ar eolas agus ar theanga!! (concepts & language) Straitéis L & U: Is féidir le hidirghabháil scoile feabhas suntasach a chur le torthaí foghlama maidir le litearthacht. ….nach bhfuil an fhreagarthacht ar na múinteoirí teanga amháin …agus scileanna litearthachta á bhforbairt … Go n’aithníonn múinteoirí na n-ábhar uile … an chaoi inar féidir leo ionchur a dhéanamh chun feabhas a chur ar scileanna liteartha … …tús áite a thabhairt don litearthacht … inár gcuraclaim scoile

16 Scileanna Dátheangachais
B A B Bilingulism in Schools an Society Lch 11 – dátheangachas : ní bhíonn an cumas céanna againn sna teangacha éagsúla a bhíonn sealbhaithe againn & níor chóir go mbeimis ag súil leis an gcaighdeán céanna sa dá theanga. Straitéis L & U – Aidhm: go mbeadh scoláirí in ann bogadh go héasca ó theanga amháin go teanga eile. …….taighde a deir go léiríonn sé seo clisteacht! Taighde déanta ag Aoife Ní Shé as Corca Dhuibhne ar Ghaeilge labhartha daoine óga sna Gaeltachtaí……. Go bhfuil an lámh in uachtar ag an mBéarla i gcás gach duine óg in Éirinn faoi aois 13 bliana d’aois, fiú muintir na Gaeltachta. The 2011 census recorded a 7.1 per cent increase in the number of people who said they could speak Irish. Some 1.77 million people said they could speak Irish - accounting for 41.4 per cent of respondents. More women than men answered "Yes" when asked if they could speak Irish. Almost 45 per cent of women said they could speak Irish compared with almost 38 per cent of men. The Central Statistics Office noted that more women than men consistently identified themselves as being able to speak Irish. Almost one third of year olds said they could not speak Irish. Of the 1.77 million who said they could speak the language, just 1.8 per cent said they spoke it daily outside the education system. However, this was an increase of 5,037 people since the previous census. A further 2.6 per cent said they spoke it weekly, while 12.2 per cent spoke it within the education system. Some 14.3 per cent said they spoke it less often - an increase of 27,139 and was the largest increase of all categories. One in four said they never spoke Irish.

17 Scileanna Litearthachta - inaistrithe ó theanga go teanga
Research suggests that literacy skills transfer between languages, especially when the two languages have the same writing systems. Bialystok, Luk, &Kwan (2005) Ach tá na scileanna litearthachta a fhorbraítear I dteanga amháin inaistrithe go teangacha eile go háirithe nuair a bhíonn an cód cosúil. Bilingulism in Schools and Society: Research suggests that literacy skills transfer between languages, especially when the two languages have the same writing systems. Bialystok, Luk, &Kwan (2005) Reading in a second language: Acquisition and development of the second language: 20 Gardner, Polyzoi, and Rampaul (1996) – their conclusion supported the argument that well-developed literacy skills from the first language helped the second language.

18 Ról an Nascmhúinteora Dhá sheimineár – Lá 1 & Lá 2
Acmhainní & Fóram tacaíochta ar líne - PDST An chéad chéim eile – Labhairt leis an bPríomhoide & teacht ar phlean. N.B. Go socrófar láithreach cén tacaíocht a bheidh ag an gcroífhoireann ó údarás na scoile, cathain a reachtálfar na cruinnithe srl. Acmhainní sa leabhrán & cóip leictreonach den leabhrán ar shuíomh an PDST

19 Ar mhaith leat a bheith páirteach i gcroífhoireann Litearthachta na scoile?
Seans ag na rannpháirtithe plé a dhéanamh ar cad atá déanta cheana féin agus moltaí a roinnt ar conas croífhoireann litearthachta a chur le chéile. An-tábhachtach go mbunófar croífhoireann litearthachta sa scoil ionas nach mbeidh an fhreagracht ar fad ar dhuine amháin/an nascmhúinteoir. Cé a bheidh ar an gcroífhoireann? (Meascán ábhar, taithí, réimsí, freagrachtaí) Cathain a reáchtálfar na cruinnithe? An mbeidh an Príomhoide / Príomhoide Táinisteach ar an bhfoireann – riachtanach!! (scoileanna píolótacha) An chéad chruinniú – Noirm!!!! NB. Go bpléifear socruithe maidir le cruinnithe ag an tús ionas go bhfeicfidh gach duine go mbeidh na cruinnithe seo éifeachtach agus go mbeidh dul chun cinn á dhéanamh. Cur I láthair don fhoireann scoile ar fad – leis na céimeanna seo a phlé, le cuireadh a thabhairt do mhúinteoirí páirt a ghlacadh, tábhachtach go mbeidh sé soiléir conas a roghnófar baill na cróifhoirne má bhíonn an-éileamh air / muna mbíonn – tábhachtach nach múinteoirí Béarla ar fad a bheidh air mar shampla…, agus le aiseolas a thabhairt ó na cruinnithe litearthachta. Ról na Croífhoirne

20 An Litearthacht & an SFGM
An Litearthacht agus an SFGM Seimineáir FMS Seimineáir don Nascmhúinteoir Litearthachta T1 Gaeilge Seimineáir don Nascmhúinteoir Litearthachta L1 Béarla Seimineáir do mhúinteoirí Béarla Seimineáir do mhúinteoirí Gaeilge Seimineáir do mhúinteoirí Gaeilge T1 Seimineáir Litearthachta agus Uimhearthachta

21 GRMA as éist8 © An tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge


Download ppt "Aidhm an lae inniu – féachaint ar:"

Similar presentations


Ads by Google